English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar dheireadh a chur leis an rogha féinchomhlíonta do tháirgeoirí ceallraí agus d’oibreoirí eacnamaíocha faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le Ceallraí, 2023

Consultation is closed


Forbhreathnú ar an gComhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin ná aiseolas ó gheallsealbhóirí a bhailiú maidir le hAirteagal 57.1 de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola("an Rialacháin maidir le Ceallraí, 2023").


Cúlra

An Rialachán maidir le Ceallraí, 2023

Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an Rialachán maidir le Ceallraí, 2023, an 12 Iúil 2023. Is é aidhm an Rialacháin maidir le Ceallraí, 2023, ná rialacha inbhuanaitheachta do cheallraí agus do cheallraí dramhaíola a neartú. Leis sin, rialálfar saolré iomlán ceallraí, idir tháirgeadh agus athúsáid agus athchúrsáil, á chinntiú go mbíonn siad sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch.

Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le Ceallraí, 2023, maidir le gach cineál ceallra, lena n-áirítear:

  • gach ceallra inaistrithe dramhaíola
  • ceallraí feithiclí leictreacha
  • ceallraí tionsclaíocha
  • ceallraí dúisithe, soilsithe agus adhainte
  • ceallraí le haghaidh modhanna éadroma iompair, amhail rothair leictreacha, r-mhóipéid, r-scútair agus mar sin de

Tá sé mar aidhm leis an Rialachán maidir le Ceallraí, 2023, geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí cheallraí a rialáil ar fud a saolré, rud lena mbunófar ceanglais deiridh saoil, lena n-áireofar spriocanna agus oibleagáidí maidir le bailiú, spriocanna maidir le haisghabháil ábhar, agus freagracht leathnaithe táirgeora.

Freagracht Leathnaithe Táirgeora as Ceallraí

Le Freagracht Leathnaithe Táirgeora, cinntítear go gcoinnítear táirgeoirí freagrach ó thaobh an airgeadais de as saolré iomlán a dtáirgí, lena n-áirítear aisghlacadh, athchúrsáil agus diúscairt deiridh ag deireadh a saolré ionchais.

Tugadh an córas freagrachta leathnaithe táirgeora isteach san Aontas Eorpach sna 1990í, agus tá roinnt scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ann in Éirinn cheana féin chun sruthanna dramhaíola ábhar a bhainistiú. Thug an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora isteach cheana féin le haghaidh Pacáistithe, Ceallraí, Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach, Feithiclí a bhfuil a Ré Caite, Boinn, agus Plaistigh Feirme.

Is ann do dhá Chomhlacht Cheadaithe a bhfuil cead acu gníomhú mar scéim comhlíonta d’Eagraíochtaí um Fhreagracht Táirgeoirí as Ceallraí agus Taisc-cheallraí laistigh den Stát faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Ceallraí agus Taisc-cheallraí): Waste Electrical and Electronic Equipment Ireland (WEEE Ireland) agus European Recycling Platform Ireland Ltd (ERP Ireland).


Comhairliúchán

Le hAirteagal 56.1 den Rialachán maidir le Ceallraí, 2023, cuirtear oibleagáidí ar tháirgeoirí freagracht leathnaithe táirgeora a bheith orthu as ceallraí a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit. Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, ar ceallra é a eascraíonn as ullmhú le haghaidh athúsáide, as ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, as oibríochtaí athraithe cuspóra nó as oibríochtaí athmhonaraíochta, measfar gur táirgeoir ceallraí den sórt sin é chun críocha an Rialacháin seo agus beidh freagracht leathnaithe táirgeora air (Airteagal 56.2).

Faoi Airteagal 57.1 den Rialachán maidir le Ceallraí, 2023, tá an rogha ag na Ballstáit bearta náisiúnta a chur chun feidhme lena gcuirfí oibleagáid ar tháirgeoirí teacht chun bheith ina mbaill d’eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí. Leis sin, chuirfí deireadh leis an rogha atá ag táirgeoirí féinchomhlíonadh.

Ní mór údar a bheith ann le deireadh a chur le féinchomhlíonadh táirgeoirí, áfach.

I gClár an Rialtais, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2020, tugadh gealltanas go gcuirfí deireadh le féinchomhlíonadh mar rogha faoin tsamhail freagrachta leathnaithe táirgeora chun a chinntiú go gcaithfí go cothrom le gach táirgeoir agus chun deireadh a chur le haon bhealaí éalaithe féideartha. Tugtar gealltanas breise sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2020-2025 go gcuirfear deireadh le féinchomhlíonadh táirgeoirí aonair mar rogha ar fud gach scéime freagrachta leathnaithe táirgeora.

Fáiltíonn an roinn roimh thuairimí ó tháirgeoirí ceallraí, ó oibreoirí eacnamaíocha ceallraí, ó bhaill den tionscal agus ó gheallsealbhóirí maidir le deireadh a chur le féinchomhlíonadh táirgeoirí aonair mar rogha faoin Rialachán maidir le Ceallraí, 2023.

Breithneofar na freagraí uile agus beidh siad mar bhonn eolais faoin gcéad chéim eile den déanamh beartais.

Is féidir go mbeidh dréachtú rialachán i gceist leis sin. Foilseofar aon dréachtrialacháin ar shuíomh gréasáin na roinne chun tuilleadh aiseolais a chumasú.


Conas is féidir páirt a ghlacadh ann

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig PRI@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

An Rialachán maidir le Ceallraí 2023 – Comhairliúchán ar Fhéinchomhlíonadh Táirgeoirí

An tAonad um Thionscnaimh Freagrachta Táirgeora

An Rannán um an nGeilleagar Ciorclach – Bainistíocht Ábhar

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Bóthar an Bhaile Nua

Loch Garman

Y35AP90

Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí comhlánaithe ná **5.30pm Dé Céadaoin an 22 Bealtaine 2024.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh de na Rialacháin. Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú