English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar Leathnú na Scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora do Bhoinn faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Boinn Dramhaíola), 2017

Consultation is closed


Forbhreathnú ar an gComhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí maidir le leathnú beartaithe na scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora do bhoinn amhail dá bhforáiltear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Boinn Dramhaíola), 2017 ("Na Rialacháin um Boinn").


Cúlra

Na Rialacháin um Boinn

Tugadh na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Boinn Dramhaíola), 2017 (arna leasú) ("Na Rialacháin um Boinn"), isteach chun a chinntiú go ndéanfaí boinn a chuirtear ar mhargadh na hÉireann a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ar fud a saolré.

Leis na Rialacháin um Boinn, tugadh isteach scéim threisithe comhlíonta do bhoinn, agus leagadh amach na hoibleagáidí atá ar sholáthróirí bonn ar mhargadh na hÉireann. Cistítear an scéim comhlíonta le costas bainistíochta comhshaoil a n-íocann na táirgeoirí é le Circol ELT, a dhéanann socrú do bhoinn a bhfuil a ré caite a bhailiú.

Úsáidtear an costas bainistíochta comhshaoil chun na torthaí inmhianaithe comhshaoil a chinntiú agus cumhdaítear na nithe seo a leanas leis: táille bailiúcháin; táille iompair; táille athchúrsála/aisghabhála; costais bhainistíochta scéime; iniúchóireacht; táille láimhseála miondíola; costais mhargaíochta; costais oideachais/feasachta (faisnéis don phobal agus don tionscal); agus Cúlchiste Teagmhasach.

Tá sna Rialacháin um Boinn freisin spriocanna náisiúnta le haghaidh boinn dramhaíola a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, is é sin:

  • Ráta aisghabhála 70% i leith na mbonn uile a bhailítear, agus
  • Ráta athchúrsála 30% i leith na mbonn uile a bhailítear.

Freagracht Leathnaithe Táirgeora do Bhoinn

Le Freagracht Leathnaithe Táirgeora, cinntítear go gcoinnítear táirgeoirí freagrach ó thaobh an airgeadais de as saolré iomlán a dtáirgí, lena n-áirítear aisghlacadh, athchúrsáil agus diúscairt deiridh ag deireadh a saolré ionchais.

Tugadh an córas freagrachta leathnaithe táirgeora isteach san Aontas Eorpach sna 1990í, agus tá roinnt scéimeanna náisiúnta agus roinnt scéimeanna de chuid an Aontais Eorpaigh ann in Éirinn cheana féin chun sruthanna dramhaíola ábhar a bhainistiú. Thug an Roinn scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora isteach cheana féin le haghaidh Pacáistithe, Ceallraí, Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach, Feithiclí a bhfuil a Ré Caite, Boinn, agus Plaistigh Feirme.

Is é Circol ELT a oibríonn an scéim náisiúnta comhlíonta freagrachta leathnaithe táirgeora do bhoinn agus boinn dramhaíola. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoin scéim ar shuíomh gréasáin Circol ELT

Leathnú na Scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora do Bhoinn

Gealltar sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach an fhreagracht leathnaithe táirgeora do bhoinn a leathnú chun go n-áireofar léi gach catagóir de bhoinn dá bhforáiltear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Boinn.

Bainistíonn an Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora na boinn de chuid carranna paisinéirí, feithiclí faoi thiomáint ceithre roth, veaineanna agus gluaisrothar chun teacht ar réitigh inbhuanaithe le haghaidh boinn dramhaíola a bhainistiú.

Ní thabhaíonn boinn talmhaíochta, boinn trucaile/bhus, boinn foirgníochta ná boinn thionsclaíocha aon chostas bainistíochta comhshaoil faoi láthair, agus níl an scéim comhlíonta freagrach as socrú a dhéanamh do bhainistiú deireadh saolré na mbonn sin.

Tá thart ar 93% d’aonaid bhoinn cumhdaithe cheana féin le costas bainistíochta comhshaoil, agus is lasmuigh den scéim reatha atá 7% d’aonaid bhoinn. Mar sin féin, nuair a fhéachtar ar an scéal ó thaobh meáchain de, is amhlaidh nach bhfuil ach 68% d’aonaid bhoinn cumhdaithe leis an gcostas bainistíochta comhshaoil atá ann faoi láthair agus is lasmuigh den scéim atá 32% de bhoinn dramhaíola.

Tá sé beartaithe costais bhainistíochta comhshaoil a thabhairt isteach do na catagóirí seo a leanas de bhoinn:

  • Boinn trucaile agus bhus
  • Boinn talmhaíochta, foirgníochta agus thionsclaíocha
  • Boinn sholadacha agus chrécharta

Tá na costais bheartaithe bhainistíochta comhshaoil ar fáil sa doiciméad thíos:

Table of Proposed EMCs
Amharc amharc

Rioscaí a bhaineann le boinn talmhaíochta, boinn trucaile/bhus, boinn foirgníochta agus boinn thionsclaíocha a eisiamh ón Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora

Áirítear iad seo a leanas leis na rioscaí a bhaineann le boinn a bhainistiú go míchuí:

  • Riosca don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol, i ngeall ar mhicreaphlaistigh
  • Tá boinn an-díonach ar bhithmhilleadh, ar dhianscaoileadh fótaiceimiceach, ar imoibrithe ceimiceacha agus ar ardteochtaí
  • Is neamhchinntithe atá an t-am a thógann sé ar bhoinn chun dianscaoileadh
  • Is féidir le diúscairt mhíchuí claiseanna uisce, srutháin agus draenacha uisce stoirme a bhacadh, rud a athraíonn patrúin sreafa, as a dtagann creimeadh agus sioltadh sreafaí uisce, agus a rannchuidíonn le tuilte
  • Tá boinn charntha tugtha do choinneáil teasa, rud as a dtagann dóiteáin is deacair a rialú agus a mhúchadh. Is féidir le dóiteáin bonn dó ar feadh roinnt míonna, agus iad ag giniúint deatach, ola agus éilleáin thocsaineacha láisteáite a dhéanann difear don ithir, d’uiscebhealaí agus don aer
  • Tá toirmeasc ar bhoinn a dhiúscairt i líontaí talún.
  • Dumpáil neamhdhleathach bonn dramhaíola.

Comhairliúchán

Tá na Rialacháin um Boinn i bhfeidhm chun a chinntiú go mbainistítear gach catagóir de bhoinn de réir an dea-chleachtais comhshaoil. Is dúshlán teicneolaíoch, eacnamaíoch agus éiceolaíoch é boinn úsáidte a bhainistiú. Tá sé mar aidhm le freagracht leathnaithe táirgeora an tionchar comhshaoil atá ag táirgí a laghdú ar fud a saolré, idir tháirgeadh agus dheireadh saoil, ar bhonn an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Ní mór na costais bheartaithe bhainistíochta comhshaoil a chuirfí i bhfeidhm i leith gach catagóire de bhoinn a bheith dóthanach chun an costas díreach a bhaineann leis an gcatagóir de bhoinn lena mbaineann a chumhdach agus chun rannchuidiú dearfach a dhéanamh le forchostais.

Tríd an scéim a leathnú, cisteofar na boinn dramhaíola de chuid na mball uile a thiocfaidh chun cinn i margadh na hÉireann, agus costais chomhlíonta á ndáileadh ar bhealach níos cothroime toisc go mbeidh oibleagáid ar gach catagóir páirt a ghlacadh sa scéim. Toradh eile a bheidh ar an scéim a leathnú is ea go spreagfar infheistíocht i mbonneagar áitiúil athchúrsála agus go ndéanfar gníomhaíocht áitiúil athchúrsála a chur chun cinn agus a dhreasú ar aon dul le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.

Tríd an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a leathnú, soláthrófar modh níos eagraithe le haghaidh a chinntiú go mbainisteofar gach catagóir de bhoinn ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, rud a chabhróidh ansin le dul i ngleic le fadhbanna amhail dumpáil neamhdhleathach agus diúscairt mhíchuí.

Tá sé beartaithe go dtosófar ar an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a leathnú faoi dheireadh Ráithe 1 den bhliain 2025.

Fáiltíonn an Roinn roimh thuairimí ó tháirgeoirí bonn, ó oibreoirí eacnamaíocha bonn, ó bhaill den tionscal agus ó gheallsealbhóirí maidir leis na nithe seo a leanas:

1. Leathnú na scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora do bhoinn

2. Na costais bhainistíochta comhshaoil a ghearrfar ar na catagóirí beartaithe tríd an scéim a leathnú

3. Cé acu ba cheart nó nár cheart boinn rothair (lena n-áirítear boinn rothair leictrigh) a chur ar áireamh i leathnú na scéime


Conas is féidir páirt a ghlacadh ann?

Is féidir aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig PRI@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

An Rannán um an nGeilleagar Ciorclach,

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,

Bóthar an Bhaile Nua,

Loch Garman.

Y35 AP90

Cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí go dtí 5.30pm Déardaoin an 24 Deireadh Fómhair 2024

Má bhíonn aon fhadhbanna agat, seol ríomhphost chuig PRI@decc.gov.ie


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.

Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007-2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Folóimid (bainfimid) sonraí pearsanta roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon faisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sa fhreagra uait aon fhaisnéis nár mhaith leat go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi RFC ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. D'fhéadfadh a bheith san áireamh anseo:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis faoi rún

Léigh ár bhFógra Cosanta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, ina minítear:

  • conas agus cén uair a bhailímid do shonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú