Comhairliúchán ar na dréachtrialacháin le haghaidh an próiseas cinnteoireachta Deiridh Dramhaíola a athchóiriú
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Meán Fómhair 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 11 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara ar na dréachtrialacháin le haghaidh an próiseas cinnteoireachta Deiridh Dramhaíola a athchóiriú, ar próiseas é atá á oibriú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Cúlra
Is é atá i gceist le deireadh dramhaíola ná próiseas a fhágann nach dramhaíl a thuilleadh é ábhar atá aisghafa nó athchúrsáilte ó dhramhaíl. Tá an próiseas sin bunaithe ar reachtaíocht, mar atá Airteagal 6 den Chreat-treoir Uisce (Treoir 2008/98/CE), a trasuíodh le Rialachán 28 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (an Treoir maidir le Dramhaíl), 2011, arna leasú.
Tá luach mór ag baint le cinneadh deiridh dramhaíola, toisc go n-éascaítear táirgí nua a chruthú as an ábhar agus go mbaintear an t-ábhar den chóras rialála dramhaíola dá bharr. Dá bhrí sin, tá ról suntasach le himirt aige de réir mar a éirímid inár ngeilleagar níos ciorclaí trí ábhar a bhogadh suas an t-ordlathas dramhaíola agus trí luach a bhaint as ábhar a bhfaighfí réidh leis roimhe sin. Ar an tslí sin, cabhraítear linn spriocanna athchúrsála a chomhlíonadh, éascaítear úsáid mar tháirge, agus laghdaítear an brú ar an mbonneagar dramhaíola. Comhthairbhe thábhachtach is ea astaíochtaí carbóin a laghdú mar thoradh ar óghábhair a athsholáthar.
Mar gheall ar an ról tábhachtach is féidir le deireadh dramhaíola a imirt maidir le cabhrú linn aistriú inár ngeilleagar ciorclach, tugtar sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020, roinnt gealltanas i ndáil le hoibriú an réimse seo a fheabhsú. Áirítear leo sin gealltanais chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An próiseas iarratais agus cinnteoireachta deiridh dramhaíola a chuíchóiriú, agus
- Táille iomchuí a thabhairt isteach le haghaidh iarratais deiridh dramhaíola
Is i rialacháin ar leith a thabharfar aghaidh ar ghealltanais den chineál céanna a bhaineann le Seachtháirgí.
Conas aighneacht a dhéanamh
Tá an Páipéar Comhairliúcháin, mar aon le cóip de na dréachtrialacháin, ar fáil lena n-íoslódáil thíos.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig circeconmaterials@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An Comhairliúchán ar na Rialacháin Deiridh Dramhaíola,
An Rannán um an nGeilleagar Ciorclach,
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman,
Y35 AP90.
Cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí comhlánaithe go dtí 5.30pm Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2024.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Cé go bhfuilimid ag lorg na dtuairimí ón tionscal go sonrach, féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú