Comhairliúchán ar na dréachtrialacháin le haghaidh tobhach comhshaoil ar chupáin indiúscartha aonúsáide a thabhairt isteach
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Deireadh Fómhair 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 25 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Iúil 2024
Consultation is closed
Leagtar amach sa hlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, Par plean náisiúnta é, an tiomantas atá againn do thobhaigh chomhshaoil nua a thabhairt isteach ar mhaithe le hiompraíocht níos freagraí a spreagadh agus ar mhaithe le deireadh a chur le táirgí aonúsáide de réir a chéile, faoi mar a rinneamar go han-rathúil cheana féin tríd an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha. Féadfar an chéad cheann de na tobhaigh chomhshaoil sin a chur chun feidhme toisc gur achtaíodh an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, i mí Iúil.
Tá tobhach comhshaoil ar chupáin aonúsáide le haghaidh deochanna teo á thabhairt isteach ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach chun dreasacht a thabhairt do dhaoine cupáin a athúsáid agus chun cabhrú le dramhaíl cupán aonúsáide a laghdú. Toradh eile a bheidh ar an tobhach is ea go dtabharfar spreagadh do dhaoine smaoineamh faoi na nithe eile is féidir leo a dhéanamh ina ngnáthshaol laethúil chun dramhaíl a laghdú agus chun rannchuidiú le gníomhú ar son na haeráide.
Tá an tobhach ar chupáin indiúscartha aonúsáide á thabhairt isteach chun dreasacht a thabhairt do dhaoine cupáin a athúsáid agus feidhmeofar é ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach ina bhfeidhmítear an tobhach ar mhálaí plaisteacha. Is é an spriocdháta le haghaidh rialacháin an tobhaigh a dhéanamh ná Nollaig 2022. Cuirfear trí mhí ar a laghad i leataobh chun go bhféadfar socruithe ullmhúcháin agus idirthréimhseacha cuí a dhéanamh sula gcuirfear an tobhach i bhfeidhm.
Faoi na rialacháin nua:
- Muirearófar an tobhach ag an díolphointe ar chustaiméirí a cheannóidh a ndeoch the i gcupán indiúscartha aonúsáide. Ní mhuirearófar an tobhach ar chustaiméirí a roghnóidh a ndeoch the a cheannach i gcupán in-athúsáidte. Rinne cuid mhór daoine an t-aistriú sin cheana féin, agus úsáid cupán in-athúsáidte á dreasú ag a lán caiféanna agus siopaí trí lascaine a sholáthar nuair a thugann daoine a gcupán féin
- Muirearófar an tobhach beartaithe ag ráta comhréidh 20 cent agus beidh feidhm aige maidir le gach cupán indiúscartha aonúsáide ina bhfuil deoch the, lena n-áirítear iad sin a thuairiscítear a bheith inmhúirínithe, in-bhithdhíghrádaithe nó in-athchúrsáilte. Is cupáin aonúsáide iad cupáin atá inmhúirínithe, in-bhithdhíghrádaithe nó in-athchúrsáilte, agus is é an aidhm fhoriomlán atá ann bogadh ar shiúl ó aonúsáid agus i dtreo athúsáid. Ní íoslaghdaíonn na cupáin sin úsáid acmhainní agus, mura ndiúscraítear i gceart iad, cuireann siad leis an méid dramhaíola atá le diúscairt
- Léireofar an tobhach mar mhuirear ar leith ar an sonrasc nó an admháil
- Déanfar na fáltais ón tobhach a imfhálú i gCiste um an nGeilleagar Ciorclach do thionscadail a bhaineann le cuspóirí comhshaoil agus cuspóirí gníomhaithe ar son na haeráide, agus riarfaidh an Roinn an Ciste sin. Tá na cineálacha sonracha tionscadal a fhéadfar a chistiú tríd an gCiste sin leagtha amach in alt 8 den Acht um an nGeilleagar Ciorclach
- Ceanglófar ar gach gnólacht/trádálaí a dhíolann deochanna teo i gcupáin indiúscartha aonúsáide clárú don tobhach leis an Údarás Bailithe, agus é ceaptha. Cuirfear treoir, cosúil leis an treoir a soláthraíodh maidir leis an tobhach ar mhálaí plaisteacha, ar fáil do mhiondíoltóirí in am trátha
Tá trí shnáithe ag an gcomhairliúchán seo, mar atá comhairliúchán poiblí, comhairliúchán le miondíoltóirí agus comhairliúchán le geallsealbhóirí eile, agus beidh sé ar oscailt ar feadh tréimhse sé seachtaine, a thiocfaidh chun deiridh ag 5.30i.n. an 1 Nollaig 2022.
Comhairliúchán Poiblí
Tá an snáithe seo den chomhairliúchán spriocdhírithe ar dhaoine den phobal agus ar thomhaltóirí deochanna le tabhairt leat.
Is féidir leat do thuairimí ar an tobhach a chur isteach trí pháirt a ghlacadh i suirbhé gearr, rud is féidir a chomhlánú go hanaithnid ar líne. Ní gá na ceisteanna uile a fhreagairt agus glacfar freisin le tuairimí breise.
Comhairliúchán le Miondíoltóirí
Tá an snáithe seo den chomhairliúchán spriocdhírithe ar ghnólachtaí nó trádálaithe a mbeidh tionchar díreach ag na rialacháin orthu. Áirítear leo sin miondíoltóirí nó trádálaithe eile a dhíolann deochanna teo i gcupáin indiúscartha.
Is féidir leat do thuairimí ar an tobhach a chur isteach trí pháirt a ghlacadh i suirbhé gearr, rud is féidir a chomhlánú go hanaithnid ar líne. Ní gá na ceisteanna uile a fhreagairt agus glacfar freisin le tuairimí breise.
Teagmháil le geallsealbhóirí eile
Tá an snáithe seo den chomhairliúchán spriocdhírithe ar gach geallsealbhóir eile. Áirítear leo sin aon duine aonair nó aon eintiteas nach dtagann faoi na snáitheanna eile, gnólachtaí a oibríonn sa tionscal déantúsaíochta cupán, sa tionscal dáileacháin cupán nó i dtionscail ghaolmhara, comhlachtaí earnála poiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachtaí ionadaíocha do ghnólachtaí agus do shaoránaigh, agus gach páirtí leasmhar eile.
Má tá tú ag teacht ar dheacrachtaí agus tú ag iarraidh ceachtar suirbhé a rochtain, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn nó aighneacht a sheoladh chugainn le ríomhphost chuig SingleUse@decc.gov.ie nó trí chasadh an phoist chuig:
An Geilleagar Ciorclach - An Rannán um Bainistíocht Ábhar
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Tithe an Rialtais
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Y35 AP90
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30i.n. an 1 Nollaig 2022
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár gCosaint Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.