Comhairliúchán ar Rialachán nua maidir le Breosla Soladach a Fhorbairt in Éirinn
- Foilsithe: 18 Feabhra 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 18 Feabhra 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 2 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 4 Eanáir 2023
Consultation is closed
Tá an Rialtas tiomanta do chosc náisiúnta ar ghual toiteach a thabhairt isteach faoi dheireadh a théarma, ach ní mór dúinn breoslaí soladacha eile a rialú freisin chun cáilíocht an aeir a fheabhsú do gach duine. Bíonn tionchar mór ag na roghanna a dhéanaimid maidir lenár dtithe a théamh ar ár sláinte féin agus ar shláinte ár gcomharsan.
Tá rialacháin nua maidir le breosla soladach in Éirinn á bhforbairt againn agus tá an comhairliúchán poiblí seo á reáchtáil againn chun do chuid tuairimí a bhailiú le bonn eolais a chur faoi na rialacháin.
Tá dhá shnáithe i gceist leis an gcomhairliúchán seo.
Comhairliúchán Teicniúil
Tá faisnéis theicniúil á lorg againn a thacóidh le forbairt na reachtaíochta chun úsáid níos leithne na mbreoslaí soladacha sa teascóg chónaithe a rialú.
Más mian leat aighneacht theicniúil a dhéanamh, is féidir an ceistneoir seo ar líne a chomhlánú, nó aighneacht mhionsonraithe a sheoladh ar ríomhphost chuig SolidFuels@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Comhairliúchán Poiblí ar Bhreoslaí Soladacha
An Rannán um Cháilíocht an Aeir
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Y35, AP90
Is é 5.30pm Dé hAoine 2 Aibreán 2021 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí.
Rannpháirtíocht an Phobail
Chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí, ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil maidir le do chuid roghanna agus riachtanais bhreosla féin agus do theach á théamh agat.
Is féidir an suirbhé níos gairide a chomhlánú go hanaithnid ar líne. Níl aon eolas teicniúil ag teastáil uait chun an suirbhé a chomhlánú.
Beidh rannpháirtíocht phoiblí bhreise á héascú againn sna seachtainí amach romhainn ar na meáin shóisialta agus trí Hallaí Baile ar líne (tuilleadh sonraí le teacht).
Táimid tiomanta do theagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Pléifear gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin maidir le Breosla Soladach.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil na freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi féir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol 2007-2014 agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar na n-aighneachtaí ar fad a fhaightear ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin. Folóidh an Roinn sonraí pearsanta roimh an bhfoilsiú. Ach freagairt don chomhairliúchán seo, ba chóir do pháirtithe a chur in iúl go soiléir an bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go n-eiseofaí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 nó faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol 2007-2014 iad, nó go bhfoilseofaí ar bhealach ar bith eile iad.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachais Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Mínítear san fhógra seo conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a láimhseálaímid an fhaisnéis seo. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú na faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.