English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar Scéim Tacaíochta Ghiniúint Mhionscála (GMS) in Éirinn

Consultation is closed

Tabhair faoi deara gur cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí i nGaeilge go dtí 5.30 i.n. Déardaoin an 27 Deireadh Fómhair 2022

Sainmhínítear Giniúint ar Mhionscála mar theicneolaíochtaí giniúna leictreachais in-athnuaite le haschur leictreachais níos mó ná 50kW, ach níos lú ná gineadóirí tráchtála tipiciúla.

San am i láthair, tá Scéim Tacaíochta Ghiniúint Mhionscála (GMS)ag leathadh amach tacaíochtaí d'fhéintomhaltóirí in-athnuaite le haghaidh suiteálacha faoi bhun 50kW. Is féidir le gineadóirí tráchtála ar scála níos mó tacaíochta a fháil faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (STLI), atá struchtúrtha mar shraith de cheantanna rialta. Is féidir le tionscadail faoi úinéireacht an phobail idir 0.5 agus 5MW iarratas a dhéanamh chuig catagóir tiomnaithe Comhphobail le haghaidh tacaíochta faoin STLI.

Táimid ag forbairt scéim tacaíochta anois do Ghiniúint ar Mhionscála (GMS) a líonfaidh an bhearna i dtacaíochtaí taraif-bhunaithe idir an dá scéim seo, agus a bhfuil sé mar aidhm léi bealach níos éasca chun an margadh a sholáthar do thionscadail Chomhphobail agus, ag an am céanna, feirmeoirí, gnólachtaí agus daoine eile a chumasú chun a rannpháirtíocht san aistriú fuinnimh a uasmhéadú.

Cuirfidh an GMS leis na spriocanna leictreachais in-athnuaite atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021 a bhaint amach, lena n-áirítear sprioc de suas le 2.5GW gréine, agus 500MW d’fhuinneamh Comhphobail, faoi 2030. An 28 Iúil 2022, Item was unpublished or removed

Tá sé mar aidhm ag an gcomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ar ghnéithe de scéim tacaíochta atá beartaithe do Ghiniúint Mhionscála (GMS), le cuidiú le treoir a thabhairt do dhearadh agus do sheachadadh na scéime.

Páipéar Comhairliúcháin GMS
Amharc amharc
Tuarascáil Ricardo do SEAI - Roghanna beartais chun tacú le glacadh le giniúint ar mionscála in Éirinn (ar fáil i mBéarla amháin)
Amharc amharc

Cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí go dtí 5.30 i.n. Déardaoin an 27 Deireadh Fómhair 2022

Ba chóir aighneachtaí a chur ar ríomhphost chuig SSGConsultation@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

Comhairliúchán ar Scéim Tacaíochta Ghiniúint Mhionscála (GMS)

An Rannán um Fhuinneamh In-athnuaite

An Roinn Comhshaol, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath

Éire

D02 X285

Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara

An 15 Meán Fómhair 2022, rinneamar imeacht i bpearsa a óstáil i gComhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara sa chomhairliúchán GMS.

D’fhreastail páirtithe leasmhara ó ghrúpaí leasa agus eagraíochtaí éagsúla ar an imeacht.

Rinne UFIÉ agus Gréasáin BSL cuir i láthair. Tá na cuir i láthair ar fáil thíos (i mBéarla amháin):

SEAI Presentation - Policy options to support the uptake of small-scale renewable electricity generation (SSG) in Ireland: Overview of economic modelling for the consultation
Amharc amharc
ESB Networks Presentation - Mini and Small-Scale Generation Connections Pilot Update and Enduring Connection Policy 2 Updates
Amharc amharc

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den [Doiciméad Beartais/Scéim].

Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Bainfimid amach sonraí pearsanta roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart go léireodh páirtithe go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise, RFC nó nach bhfoilseofaí iad ar bhealach eile í.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra um Príobháideacht Sonraí a mhíníonn an dóigh agus cá huair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus an dóigh ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.