Comhairliúchán ar Théarmaí agus Coinníollacha don Chúigiú Comórtas faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS 5)
- Foilsithe: 20 Nollaig 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 20 Nollaig 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 14 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Consultation is closed
Leis an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), tugtar tacaíocht do thionscadail leictreachais in-athnuaite in Éirinn. Agus í dírithe go príomha ar chost-éifeachtúlacht, comhlíontar leis an scéim raon an-leathan cuspóirí beartais, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- slándáil fuinnimh agus inbhuanaitheacht fuinnimh na hÉireann a mhéadú agus cost-éifeachtúlacht an bheartais fuinnimh a chinntiú
- éagsúlacht teicneolaíochta a mhéadú tríd an meascán teicneolaíochta leictreachais in-athnuaite a leathnú
- beartas uaillmhianach leictreachais in-athnuaite a sholáthar suas go dtí an bhliain 2030
- clár buiséid carbóin na hearnála leictreachais a chomhlíonadh, le linn tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna arda luaineacha breoslaí iontaise, agus tairbhí fadtéarmacha ó fhuinneamh in-athnuaite a chinntiú do phobail
Tá giniúint leictreachais in-athnuaite ar cheann amháin de na gnéithe is tábhachtaí dár ngníomhaíocht i réimse an tsuaite aeráide agus de 'réabhlóid foinsí fuinnimh in-athnuaite' a sholáthar, mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais. Is é RESS an príomhbheart chun cur i bhfeidhm na giniúna in-athnuaite ar talamh a dhreasú faoin gcolún 'Bealach chun an Mhargaidh' de chuid an Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú, ar tascfhórsa de chuid an Rialtais é.
Is é a bheidh sa chúigiú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar talamh, mar atá RESS 5, ná rannchuidiú tábhachtach i dtreo sprioc na hÉireann go soláthrófaí 80% de leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023. Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, socraíodh sprioc go soláthrófaí 9 GW de thoilleadh fuinnimh gaoithe ar talamh, 8 GW de thoilleadh fuinnimh gréine, agus 5 GW ar a laghad de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030. Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, a foilsíodh i mí na Nollag 2023, leagadh amach spriocanna athbhreithnithe i leith astaíochtaí earnála, ar spriocanna iad atá ag teacht leis na buiséid charbóin don tréimhse 2021-2025 agus don tréimhse 2026-2030. Is é atá i soláthar an chúigiú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar talamh, mar atá RESS 5, ná ceann de na príomhghníomhartha don dara tréimhse buiséid carbóin (2026-2030), agus, dá bhrí sin, déanfaidh sé rannchuidiú tábhachtach le spriocanna leictreachais in-athnuaite na hÉireann don bhliain 2030.
Leis RESS, cinntítear go bhfuilimid ar an mbóthar ceart chun na spriocanna uaillmhianacha aeráide atá againn a bhaint amach agus réitítear an bealach le haghaidh margadh leictreachais in-athnuaite atá cost-éifeachtúil agus rathúil a sholáthar. Tacóidh sé sin le fás an gheilleagair ghlais, cruthóidh sé deiseanna oibre inbhuanaithe agus, ar deireadh, rachaidh sé chun tairbhe don tomhaltóir de réir mar a éiríonn foinsí fuinnimh in-athnuaite níos cost-éifeachtúla agus de réir mar a mhéadaíonn siad slándáil fuinnimh na hÉireann.
Gealltar i gClár an Rialtais ceantanna RESS a reáchtáil ag eatraimh mhinice ar feadh thréimhse feidhme na scéime. Ar an tslí sin, beidh Éire in ann leas a bhaint as an laghdú ar chostais teicneolaíochta agus seachnóidh sí ardchostais bhuana do thomhaltóirí.
Chuireamar na ceachtanna a foghlaimíodh ó RESS 4 san áireamh agus an dearadh ardleibhéil ar an gcúigiú Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar Talamh á fhorbairt againn. Tá sé beartaithe na Téarmaí agus Coinníollacha a forbraíodh do RESS 4 a bheachtú trí thacar teoranta sonrach athruithe a dhéanamh do RESS 5.
Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe ná aiseolas a fháil ó gheallsealbhóirí ar na gnéithe beartaithe sin de na Téarmaí agus Coinníollacha a fhéachann lena chinntiú go ndéanfar tionscadail leictreachais in-athnuaite a sholáthar ar bhealach éifeachtúil cost-éifeachtúil faoi RESS 5.
Uasdátú an 6 Feabhra 2025
Reáchtáil an Roinn imeacht eolais geallsealbhóirí maidir le comhairliúchán RESS 5 Déardaoin, an 23 Eanáir 2025.
Leis an imeacht, a bhí á reáchtáil i bhformáid hibrideach ar líne agus i bpearsa ag ceannáras na Roinne i mBaile Átha Cliath, lorgaíodh ionchur ó gheallsealbhóirí maidir le gnéithe de Théarmaí agus Coinníollacha RESS 5 atá beartaithe. Áiríodh leis cur i láthair ón Roinn agus seisiún 'ceist agus freagra'. Tá na sleamhnáin a cuireadh i láthair ar an lá, mar aon le achoimre ar an seisiún C&F san áireamh thíos.
Uasdátú an 10 Eanáir 2025
Óstálfaidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide imeacht rannpháirtíochta geallsealbhóirí i bhformáid hibrideach chun tacú leis an gcomhairliúchán ar líne agus i bpearsa ag ár gceannáras, i dTeach Tom Johnson, Bóthar Haddington, D04 K7X4 Déardaoin, an 23 Eanáir 2025
Toisc go bhfuil líon teoranta áiteanna ar fáil, iarrtar ar an lucht freastail a bhfreastal a chlárú tríd na naisc thíos:
Clárú ar líne anseo
Clárú i bpearsa anseo
Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí faoi na Téarmaí agus Coinníollacha atá beartaithe do RESS 5, lena n-áirítear roinnt athruithe sonracha ar Théarmaí agus Coinníollacha RESS 4.
Óstálfaimid ceardlann do gheallsealbhóirí i bhformáid hibrideach – go pearsanta agus ar líne, le linn na tréimhse comhairliúcháin. Foilseofar sonraí an imeachta seo go luath in 2025.
Cúlra
Leis an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), tugtar tacaíocht do thionscadail leictreachais in-athnuaite in Éirinn agus féachtar le giniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn. Tá RESS ar cheann amháin de na beartais shuaitheanta de chuid an Rialtais chun tacú leis an sprioc atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhlíonadh, is é sin gur le fuinneamh in-athnuaite a fhreastalófar ar 80% den éileamh ar leictreachas faoin mbliain 2030.
Chun an ghiniúint fuinnimh gaoithe agus gréine ar an eangach a mhéadú, táimid ag soláthar clár tráthrialta ceantanna faoi RESS, dá bhfuil RESS 5 ar an gceann is déanaí. Le gach scéim, cabhraítear linn ár gcuspóirí, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, a chomhlíonadh.
Chun an ghiniúint fuinnimh gaoithe agus gréine ar an eangach a mhéadú, táimid ag soláthar clár tráthrialta ceantanna faoi RESS, dá bhfuil RESS 5 ar an gceann is déanaí. Le gach scéim, cabhraítear linn ár gcuspóirí, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, a chomhlíonadh.
Conas aighneacht a dhéanamh
Tá an Páipéar Comhairliúcháin ar fáil lena n-íoslódáil thíos.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30pm Dé hAoine, an 14 Feabhra 2025.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig RESS5Consultation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An Comhairliúchán ar RESS 5
An Rannán um Leictreachas In-athnuaite
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Tom Johnson,
Bóthar Haddington,
Baile Átha Cliath 4
D04 K7X4
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh de Théarmaí agus Coinníollacha RESS 4.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Déanfaidh an Roinn breithniú cúramach ar gach barúil agus moladh a gheofar agus foilseoidh sí freagra ar an gcomhairliúchán. Mar gheall ar an líon barúlacha a bhfuiltear ag súil leo agus ar éagsúlacht na mbarúlacha sin, níl sé ar intinn ag an Roinn freagra a thabhairt ar aon aighneachtaí aonair. Mar sin féin, grúpálfaidh sí na freagraí le chéile agus tabharfaidh sí freagra foriomlán ar gach topaic comhairliúcháin.
Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú