English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí ar an Athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE), 2007-2018

Consultation is closed

In 2020, gheall Éire go leasófaí na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE), 2007-2018 (I.R. Uimh. 133 de 2007; I.R. Uimh. 662 de 2011; I.R. Uimh. 615 de 2014; I.R. Uimh. 309 de 2018) mar fhreagra ar thorthaí neamhchomhlíonta ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (ACCC).

Ós rud é go bhfuil na Rialacháin i bhfeidhm ó 2007 i leith agus ó tharla go ndearnadh iad a leasú trí huaire roimhe sin, tá sé beartaithe an deis seo a thapú na rialacháin atá ann a athbhreithniú agus a chomhdhlúthú.

San athbhreithniú, breithneofar an cóir na Rialacháin a thabhairt cothrom le dáta lena áirithiú go leanfaidh siad de bheith ar comhréir le dlí AE, agus is mian linn tuairimí agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhailiú chun ullmhú dó sin.

Sa doiciméad thíos, tugtar forléargas ar an athbhreithniú agus ar na rialacháin agus soláthraítear roinnt ceisteanna lena mbreithniú.

Comhairliúchán poiblí ar an Athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE), 2007-2018
Amharc amharc

Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a dhéanamh 5.30pm Dé hAoine an 16 Aibreán 2021

Is ceart aighneachtaí a sheoladh, i bhfoirm ríomhphoist, chuig environmentpolicy@decc.gov.ie nó leis an bpost chuig:

Athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE), 2007-2018

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Oifigí an Rialtais

Bóthar an Bhaile Nua

Loch Garman

Y35 AP90


Cosaint Sonraí

Tá rún daingean againn dul i mbun plé le páirtithe leasmhara ar mhodh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar breithniú ar na haighneachtaí agus ar an aiseolas uile sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Athbhreithniú.

Tabhair do d’aire go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007-2014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.

Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn a mbeidh sna haighneachtaí uile a fhaightear maidir leis an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Folóidh an Roinn sonraí pearsanta sula bhfoilseofar iad. Agus freagra á thabhairt ag páirtithe ar an gcomhairliúchán seo, i gcás ina mbeadh faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina bhfreagraí nár mhaith leo go scaoilfí faoin Acht um Shaoráil Faisnéis ná faoi na Rialacháin AIE í, ná go bhfoilseofaí ar shlí eile í, ba cheart dóibh an méid sin a léiriú go soiléir.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar an bhFógra maidir le Príobháideacht Sonraí de chuid na Roinne atá le fáil ar ár suíomh gréasáin agus ina dtugtar míniú ar an mbealach agus ar an uair a bhailímid sonraí pearsanta, ar an gcúis a dhéanaimid amhlaidh agus ar an tslí a ndéileálaimid leis an bhfaisnéis sin. Tugtar míniú ann freisin ar do chearta, i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, agus ar an mbealach is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.