English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar an Chiste um Aistriú Cóir an AE

Consultation is closed

Tabharfaidh an Ciste um Aistriú Cóir an AE tacaíocht do na réigiúin Eorpacha is mó a bhí bainteach leis an athrú go dtí neodracht ó thaobh aeráide d’fhorbairt eacnamaíoch agus éagsúlú agus ag cuidiú le daoine dul in oiriúint le margadh fostaíochta atá ag athrú.

Tugtar suas go €84.5 milliún d’Éirinn faoin Chiste um Aistriú Cóir an AE agus beidh an cistiú seo ag teacht le chéile le hacmhainní Státchiste ag an Rialtas.

Tabharfaidh an Ciste um Aistriú Cóir an AE tacaíocht don seachadadh ar an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 agus a gcuspóirí a bhaineann le ‘aistriú cóir’ an Lár- Réigiúin níos leithne mar fhreagra ar an deireadh atá curtha ar bhaint mhóna do ghiniúint cumhachta. Is féidir úsáid a bhaint as an Chiste um Aistriú Cóir an AE chun:

  • tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chun éagsúlú eacnamaíoch ar na Lár- Réigiún níos leithne
  • na hoibrithe a bhaineann leis an éirí as tionscal na móna a thraenáil, a uasoiliú agus a athsciliú.
  • infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht agus imlonnú na teicneolaíochta
  • córais agus bonneagar d’fhuinneamh glan a fhorbairt

Caithfidh infheistíochtaí ón chiste a bheith fadtéarmach, cur leis an aistriú go heacnamaíocht inmharthana, neodrach ó thaobh na haeráide de, agus chiorclach agus ba choir go mbeadh sé ag teacht leis an Straitéis Spásúil agus Geilleagrach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre agus Straitéisí Geilleagracha agus Spáisiúla eile.

Thug an Coimisiún Eorpach cuireadh do gach Ballstát chun iarratas a dhéanamh ar an Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun an bailiúchán d’eolas a thacú chun cuidiú leo ullmhú do phleananna críche.

D’éirigh le hÉirinn ina hiarratas agus ghlac páirt sa phróiseas seo sa chéad leath de 2021.

Bhí na tuairiscí a d’eascair as bunaithe ar an socrú le geallsealbhóirí ar fud an réigiúin agus rinne siad eolas don dréacht Phlean um Aistriú Críche Cóir.


Cén fáth a bhfuil muid ag déanamh comhairliúcháin?

Tá muid tiomanta do phlé le pobail agus geallsealbhóirí ar fud na Lár- Réigiúin níos leithne i mbealach soiléir, oscailte agus trédhearcach.

Tá muid i mbun an Phlean um Aistriú Críche Cóir a fhorbairt leis an Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre agus leagfaidh seo amach conas a bhainfidh muid úsáid as an chiste chun infheistíocht a dhéanamh sa réigiún. Dearadh an comhairliúchán poiblí chun cuidiú a thabhairt dúinn an plean a fhorbairt agus a thabhairt chun críche sula mbeidh sé socraithe ag an rialtas agus curtha isteach, le chéile le clár an CAC AE, go dtí an Coimisiún Eorpach do cheadú i 2022.

Nuair atá an dá chomhad ceadaithe, seolfar an ciste. Beidh Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre agus an tÚdarás Bainistíochta i gceannas ar an chiste ar bhunús leanúnach atá ceaptha ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tá spéis go háirithe againn i dtuairimí daoine, pobail, gnólachtaí agus comhlachtaí ionadaithe sa Lár- Réigiún níos leithne d’Oirthear Ghaillimh, Tuaisceart Thiobraid Árann, an Longfort, Laois, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Iarthar Chill Dara agus Ros Comáin.

Beidh an dréacht agus an leagan deiridh den Phlean um Aistriú Críche Cóir agus an clár curtha isteach go dtí an Coimisiún Eorpach is beidh faoi réir ar cheadú an Rialtais agus an Coimisiún Eorpach agus comhlíonadh an Rialachán um Chiste Aistriú Cóir agus an Rialachán um Sholáthar Coitianta.

Ullmhóidh muid tuairisc a dhéanfaidh achoimre ar na freagraí a fuarthas tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin agus cuirfear ar line é.

Dréachtphlean Críochach um Aistriú Cóir
Amharc amharc
Comhairliúchán Poiblí ar an Chiste um Aistriú Cóir an AE Ceisteanna Coitianta
Amharc amharc

Conas is féidir liom mo thuairimí a thabhairt?

Suirbhé Ar Líne

Is féidir leat suirbhé ar líne a dhéanamh chun do thuairimí a roinnt ar an phróiseas athruithe agus an an dréacht Phlean Críche. Beidh an suirbhé seo oscailte ó mheán oíche 28 Márta 2022

Nílimid ábalta glacadh le freagairtí suirbhé a sheoltar tríd an phost, ach dá mb’fhearr leat aighneacht a dhéanamh díreach chuig an Roinn, is féidir é a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig EUJTF@decc.gov.ie roimh an dáta deiridh.

Má tá aon fhadhb agat leis an teicneolaíocht agus tú ag déanamh an tsuirbhé seo, déan teagmháil le do thoil le info@mco.ie

Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn chomh maith ag EUJTF@decc.gov.ie chun iarratas a dhéanamh ar leagan PDF den suirbhé.

Ceardlanna Ar Líne

Beidh dhá cheardlann againn ar líne i mí Eanáir 2022 le plé níos doimhne a dhéanamh ar do thosaíochtaí do Chiste um Aistriú Cóir an AE.

Cláraigh don chéad cheardlann 18 Eanáir 2022 (10 r.n.-12 i.n.)

Cláraigh don dara ceardlann 25 Eanáir 2022 (6.30 i.n. -8.30 i.n.)

Beidh tríú ceardlann ar líne tiomnaithe go sonrach do dhaoine óga atá idir 16-24 bliana d’aois, atá ag obair nó ag staidéar sa réigiún atá eagraithe díreach le heagraíochtaí ionadaíoch náisiúnta na nÓg. Má tá tú idir 16-24 agus tú ag iarraidh freastal ar cheardlann ach níl tú bainteach le heagraíocht na n-óg, seol ríomhphost chuig info@mco.ie


Cad a tharlaíonn don eolas a chuireann tú ar fáil?

Deanfaimid measúnú ar gach suirbhé atá críochnaithe, aighneachtaí ríomhphoist agus plé ó na ceardlanna, agus foilseoimid tuairisc ag déanamh achoimre ar na freagairtí a fuarthas. Níl sé i gceist againn aighneachtaí ar leith a fhreagairt.

Ba cheart do chuid freagraí a bheith dírithe ar na ceisteanna ar an suirbhé a chuideoidh le huasdátú an Phlean um Aistriú Críche Cóir.

Beidh an dréacht agus an leagan deiridh den Phlean agus an Clár Críche Aistrithe Críche curtha isteach go dtí an Coimisiún Eorpach faoi réir ar cheadú ón Rialtas agus ón gCoimisiún Eorpach agus comhlíonadh Rialachán an Chiste um Aistriú Cóir agus an Rialachán um Sholáthar Coitianta.


Cosaint Sonraí

Tabhair do d’aire go mbíonn freagraí ar an chomhairliúchán seo faoi réir ar fhorálacha an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), na Rialacháin um Rochtain ar Eolas ar an Timpeallacht 2007-2018 (RET) agus an t-Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair d’aire don seans go bhfoilseoidh muid ábhar na n-aighneachtaí a fhaigheann muid ónar gcomhairliúcháin ar ár suíomh gréasáin. Sa chás seo cuirfidh muid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilseachán. Mar fhreagra ar an chomhairliúchán seo, ba cheart do gach páirtí a chur in iúl go soiléir má tá eolas pearsanta, eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó eolas atá faoi rún sna freagraí nach bhfuil siad ag iarraidh a chur amach faoin SF, RET nó a foilsíodh seachas sin.

Táimid ag iarraidh d’aird a dhíriú ar ár bhFógra Sonraí Príobháideachais a mhíníonn conas agus cathain a bhailíonn muid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanann muid seo agus cad a dhéanann muid leis an eolas seo. Míníonn sé chomh maith do chearta a bhaineann leis an bhailiúchán d’eolas pearsanta agus ar conas a chuireann tú na cearta seo i bhfeidhm.