English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar an gClár Náisiúnta chun Truailliú Aeir a Rialú

Consultation is closed

Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag déanamh uasdátu ar an gClár Náisiúnta maidir le Truailliú Aeir a Rialú (NAPCP). Is doiciméad teicniúil é an NAPCP a léiríonn an cosán a leanfaidh Éire chun comhlíonadh lena gealltanais faoin Treoir maidir le hUasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta (Treoir NEC) a bhaint amach.

Bunaíonn an Treoir maidir le hUasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta (Treoir NEC) uasteorainneacha do 2020 agus 2030 le haghaidh chúig thruailleán shonraithe: ocsaídí nítrigine (NOx), comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin (NMVOC), dé-ocsaíd sulfair (SO2), amóinia (NH3) agus mínábhar cáithníneach (PM2.5). Tugtar sainordú sa Treoir freisin chun Clár Náisiúnta maidir le Truailliú Aeir a Rialú (NAPCP) a fhorbairt do gach Ballstát. An Coimisiún Eorpach a leag amach formáid an NAPCP ina chinneadh cur chun feidhme (AE) 2018/1522, ar glacadh leis an 11 Deireadh Fómhair 2018.

Áirítear sa Chlár Náisiúnta maidir le Truailliú Aeir a Rialú (NAPCP):

  • Forléargas ar earnálacha agus ar chreata beartais náisiúnta in Éirinn a bhfuil tionchar acu ar astaíochtaí na 5 thruailleán NEC
  • Forléargas ar an staid reatha maidir le comhlíonadh le spriocanna NEC do gach truailleán a bhaint amach
  • Réamh-mheastacháin ar astaíochtaí truailleáin ábhartha go dtí 2030
  • Roghanna beartas, beart agus gníomhartha ar feadh earnálacha, ach go háirithe sna hearnálacha cónaithe, iompair, talmhaíochta agus fuinnimh, a bhfuil sé mar aidhm leo astaíochtaí na gcúig thruailleán aeir ainmnithe a laghdú.

Táimid anois ag tabhairt cuireadh do pháirtithe leasmhara ábhartha a dtuairimí ar an dréacht den NAPCP agus aon anailís bhreise nó fianaise a bhféadfaí a mheas a sholáthar. Beidh torthaí an chomhairliúcháin san áireamh sa NAPCP deiridh. Go sonrach, tabharfaimid achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin i ndáil le bearta a roghnú agus na hionstraimí agus na gníomhartha is oiriúnaí chun na bearta roghnaithe a chur i bhfeidhm a mheas.

Dáta deiridh d’aighneachtaí ná 5.30 in Dé hAoine 22 Eanair 2021

Is ceart freagairtí ar an gcomhairliúchán a sheoladh ar ríomhphost chuig airquality@decc.gov.ie nó sa phost chuig:

Comhairliúchán faoin Dréacht-chlár Náisiúnta maidir le Truailliú Aeir a Rialú

An Rannán um Chaighdeán an Aeir

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Bóthar an Bhaile Nua

Loch Garman

Y35 AP90

Tuarascáil ar an gClár Náisiúnta chun Truailliú Aeir a Rialú
Amharc amharc

Beidh freagairtí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir ag forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2018. Is ceart faisnéis rúnda nó faisnéis íogaire tráchtála a shainaithint go soiléir i d’aighneacht. Mar sin féin, tugtar ar aird go mbeidh freagairt ar bith nó gach freagairt ar an gcomhairliúchán faoi réir go hiomlán ag na forálacha sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus gur dócha go bhfoilseofar iad ar gov.ie.

Ach freagairt ar an gcomhairliúchán a thabhairt, toilíonn freagróirí go bhfoilseofar a n-ainm ar líne in éineacht leis an aighneacht. Déanfaidh an Roinn leasú ar sheoltaí pearsanta agus ar sheoltaí ríomhphoist sula bhfoilseofar iad. Tarraingítear d’aird ar ráiteas príobháideachais na Roinne:

Éilíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar fhreagróirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar d’fhonn seirbhísí a chur ar fáil agus d’fhonn feidhmeanna na Roinne a chur i gcrích. Féadfar do shonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile agus le Gníomhaireachtaí eile i gcúinsí áirithe, nuair is dleathach sin.