Comhairliúchán poiblí ar an tuarascáil scóipeála don Measúnú Timpeallachta ar an Dréachtráiteas Beartais maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 21 Deireadh Fómhair 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 22 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Rinneadh soláthar sa Pháipéar Bán Fuinnimh, ‘Aistriú na hÉireann chuig Todhchaí Fuinnimh Ísealcharbóin 2015-2030’, do chreat rialála a bhunú le taiscéaladh agus forbairt acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh a éascú.
Gealltar i gClár an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Chomhroinnte’, do thacú le téamh ceantair a fhorbairt. Is féidir le fuinneamh geoiteirmeach bheith ina fhoinse fuinnimh do théamh ceantair, faoi mar a léirítear sa tuarascáil ‘Measúnú ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Théamh Ceantair in Éirinn’a d’fhoilsigh Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann i Samhain 2020.
Cruthaíodh go bhfuil acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh slán, comhsheasmhach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, neodrach ó thaobh carbóin de, go héifeachtach, agus cost-éifeachtúil. Is féidir le fuinneamh geoiteirmeach ról tábhachtach a ghlacadh chun earnálacha teasa agus fuinnimh na hÉireann a dhícharbónú.
D’fhoilsíomar ‘Fuinneamh Geoiteirmeach in Éirinn – Treochlár do Chreat Beartais agus Rialála’.Mar chuid den treochlár sin, foilseofar dréacht-Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach i mí na Nollag. Leagfar amach an méid seo a leanas sa Ráiteas Beartais:
- Míniú ar conas is féidir fuinneamh geoiteirmeach a shaothrú
- Na saghsanna éagsúla de tionscadail fuinnimh gheoiteirmigh
- Breithnithe comhshaoil
- Creat achoimre rialála do thionscadail fuinnimh gheoiteirmigh
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
Mar chuid den phróiseas forbartha beartais, rinneadh an dréacht-Ráiteas Beartais atá ag teacht chun cinn a scagadh i dtaobh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004 (arna leasú). Deimhníodh go dteastaíonn MST don Dréachtráiteas Beartais atá ag teacht chun cinn. Tá an Chinntiúchán Scagtha MST agus Tuarascáil Scagtha MST thíos.
D’fhostaíomar sainchomhairleoirí seachtracha chun tabhairt faoi Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta ar na héifeachtaí dóchúla suntasacha a bheidh ag an dréacht-Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach atá ag teacht chun cinn ar an gcomhshaol.
Is é an chéad chéim eile sa phróiseas MST Scóipeáil a dhéanamh don Tuarascáil Chomhshaoil, lena mbaineann an scóip, an leibhéal sonraí agus an réimse saincheisteanna comhshaoil a dheimhniú atá le cumhdach ag an SEA. D’ullmhaigh na sainchomhairleoirí Tuarascáil Scóipeála MST le haghaidh comhairliúcháin leis na húdaráis chomhshaoil, faoi mar a cheanglaítear faoin dlí. Tá aighneachtaí ar an Tuarascáil Scóipeála á lorg freisin ón bpobal i gcoitinne.
Ceisteanna comhairliúcháin:
1. Bunaithe ar na pleananna, na beartais agus na cláir a dtugtar cuntas orthu sa Tuarascáil Scóipeála, an bhfuil aon phríomhleananna, príomhbheartais nó príomhchláir ábhartha eile idirnáisiúnta, náisiúnta nó réigiúnacha ábhartha ann ar cheart breithniú a dhéanamh orthu i dTuarascáil Chomhshaoil an MST ar an Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach?
2. An bhfuil aon éifeachtaí nó tionchair ann ar cheart breithniú a dhéanamh orthu i dTuarascáil Chomhshaoil an MST ar an dréacht-Ráiteas Beartais, nach raibh cuntas orthu sa Tuarascáil Scóipeála?
3. An bhfuil tuairimí agat maidir leis na dréacht-Chuspóirí MST, faoi mar a chuirtear i láthair iad sa Tuarascáil Scóipeála?
4. An bhfuil aon mholtaí nó tuairimí agat maidir leis an gcur chuige iomlán i leith roghanna eile, faoi mar a chuirtear i láthair iad sa Tuarascáil Scóipeála?
Cuirtear fáilte roimh gach aighneacht agus déanfar breithniú orthu nuair a bhíonn an Ráiteas Beartais á chríochnú.
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí an 5.30 iu 22 Samhain 2021
Ba cheart aighneachtaí a bheith marcáilte le ‘Comhairliúchán ar Scóipeáil MST d’Fhuinneamh Geoiteirmeach’ agus iad a sheoladh ar ríomhphost chuig GSPD@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
An Rannán Beartais Geo-Eolaíochta
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath, D02 X285
Éire
Mar gheall ar shocruithe reatha oibre a bhaineann le COVID-19, mura féidir leat teacht ar na cáipéisí thíos agus más gá iad a iniúchadh ag oifigí an RCAC, scríobh nó seol ríomhphost, le do thoil, chugainn trí úsáid a bhaint as na sonraí thuas.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta d’idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar breithniú ar na haighneachtaí agus an t-aiseolas go léir sula bhfoilseofar an leagan deireanach den Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach.
Tabhair faoi deara, le do thoil, tá freagairtí don chomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 (SF), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007-2018 (RFC) agus an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2018.
Tabhair faoi deara freisin, le do thoil, go mbeartaímid ábhair na n-aighneachtaí go léir a fhoilsiú a fhaightear leis an gcomhairliúchán ar ár láithreán gréasáin. Tabhair le fios, le do thoil, i d’fhreagairt cibé acu an bhfuil freagairt á seoladh ar aghaidh agat i gcáil phearsanta nó thar ceann eagraíochta. Déanfaimid sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ní fholófar eolas teagmhála ná ainmneacha in aighneachtaí ó eagraíocht. Nuair a bheifear ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir nuair a bhíonn eolas pearsanta, eolas atá íogair ó thaobh cúrsaí tráchtála de nó eolas rúnda ina bhfreagairtí nach mian leo go scaoilfear leis faoi SF, RFC nó nach mian leo go bhfoilseofar é ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachais Sonraí atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin agus mínítear ann conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, an fáth go ndéanaimid sin agus conas a chaithimid leis an eolas seo. Mínítear ann freisin do chearta maidir le heolas pearsanta a bhailiú agus conas is féidir leat na cearta siúd a fheidhmiú.