English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar dhréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha

Consultation is open


Forbhreathnú ar an gComhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo tuairimí a iarraidh ar dhréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha. Moltar sa doiciméad na bearta is gá d’Éirinn a dhéanamh chun geilleagar ciorclach i dteicstílí a bhaint amach.


Cúlra

Na treochtaí reatha i dtáirgeadh, tomhaltas agus iarthomhaltas teicstílí, cruthaíonn siad mórdhúshláin chomhshaoil in Éirinn agus ar fud an domhain. Feidhmíonn an tionscal teicstílí de réir samhail líneach faoi láthair, ach tá acmhainneacht ollmhór ann geilleagar ciorclach i dteicstílí a bhaint amach mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2020-2025.

Sa bhliain 2022, bhunaigh an Roinn Grúpa Comhairleach um Theicstílí, agus saineolas ábhartha ó chomhlachtaí tionscail, pobail agus rialála á thabhairt le chéile. Mar chuid dá plean oibre don tréimhse 2024/2025, chomhaontaigh an Roinn Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár a ullmhú agus a fhoilsiú.

Tá an dréacht-Ráiteas agus Treochlár seo bunaithe ar léargais agus moltaí ón nGrúpa Comhairleach um Theicstílí agus ó fhoinsí eile. Leagtar amach ann fís, comhphrionsabail, cuspóirí straitéiseacha agus na chéad chéimeanna eile maidir le forbairt amach anseo an gheilleagair chiorclaigh teicstílí. Bonn eolais faoin dréacht seo ba ea ionchur fairsing a fuarthas ó gheallsealbhóirí, lenar áiríodh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an Earnáil Rialtais Áitiúil.


Conas aighneacht a dhéanamh

Tá an dréacht-Ráiteas Beartais agus Treochlár, mar aon le hAchoimre Fheidhmeach, ar fáil lena n-íoslódáil thíos. Tá fáilte roimh aighneachtaí ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair. Breithneoimid an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Ráiteas agus Treochlár.

Dréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha
Amharc amharc
Dréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha - Achoimre Fheidhmeach
Amharc amharc

Is é 5.30pm Dé Luain, an 7 Iúil 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí iad a sheoladh le ríomhphost chuig CircularEconomyConsultations@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

Comhairliúchán ar Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha

An Rannán um Bainistíocht Ábhar Geilleagair Chiorclaigh,

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,

Bóthar an Bhaile Nua,

Loch Garman,

Y35 AP90.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Ráiteas agus Treochlár.

Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Déanfaidh an Roinn breithniú cúramach ar gach barúil agus moladh a gheofar agus foilseoidh sí freagra ar an gcomhairliúchán. Mar gheall ar an líon barúlacha a bhfuiltear ag súil leo agus ar éagsúlacht na mbarúlacha sin, níl sé ar intinn ag an Roinn freagra a thabhairt ar aon aighneachtaí aonair. Mar sin féin, grúpálfaidh sí na freagraí le chéile agus tabharfaidh sí freagra foriomlán ar gach topaic comhairliúcháin.

Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú