English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar dhréacht-Téarmaí agus Coinníollacha an Chéad Chomórtais Amach ón gCósta faoin Scéim Thacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (ORESS 1)

  • Ó: An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

  • Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2021
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Deireadh Fómhair 2021
  • Dúnadh na haighneachtaí: 6 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 31 Bealtaine 2022

Consultation is closed

Tá an comhairliúchán seo ar na dréacht-Téarmaí agus Coinníollacha don Chéad Chomórtas Amach ón gCósta faoin Scéim Thacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (ORESS 1). Beidh an chéad cheant seo amach ón gcósta ina chéim mhór maidir le huaillmhian 2030 a leagtar amach sa Chlár Rialtais 5GW de thoirt suiteáilte amach ón gcósta agus ar a laghad 70% de leictreachas in-athnuaite a bhaint amach. Beidh sé ina thacaíocht freisin maidir leis an uaillmhian a leagtar amach faoin mBille um Ghníomhú Aeráide agus na beartais agus na bearta sa Phlean um Ghníomhú Aeráide 2021 a bhaint amach. Leis an gcomhairle seo cuirfear ar fáil aiseolas le breithniú maidir le forbairt agus feidhmiú na dTéarmaí agus Coinníollacha deiridh le haghaidh ORESS 1.

Leis an Scéim Thacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (RESS) cuirtear ar fáil tacaíocht do thionscadail leictreachais in-athnuaite in Éirinn. Ag díriú go príomha ar chost-éifeachtúlacht, cuirtear i gcrích le RESS raon níos leithne cuspóirí beartais, lena n-áirítear:

  • Creat Cumasúcháin le haghaidh Rannpháirtíocht Pobail trí chonairí agus tacaíochtaí a sholáthar do phobail chun a bheith rannpháirteach i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite
  • cur le hilghnéitheacht teicneolaíochta tríd an meascán teicneolaíochta leictreachais in-athnuaite a leathnú
  • beartas uaillmhianach leictreachais in-athnuaite go 2030 a chur i gcrích
  • cur le slándáil fuinnimh, inbhuanaitheacht fuinnimh agus cost-éifeachtúlacht an bheartais fuinnimh a chinntiú

Is gné lárnach dár ngníomhú maidir le cur isteach aeráide agus ‘réabhlóid athnuaiteán’ a chur i gcrích, mar a leagtar amach sa Chlár Rialtais, a bhaint amach. Cinntítear le Scéim RESS go bhfuilimid ar chonair i dtreo ár spriocanna uaillmhianacha i dtaca le haeráid a bhaint amach agus leagtar an dúshraith le haghaidh margadh leictreachais in-athnuaite cost-éifeachtúil. Leis seo tacófar le fás an gheilleagair ghlais, cruthófar deiseanna oibre inbhuanaithe, agus sa deireadh rachfar chun tairbhe don tomhaltóir de réir mar a éiríonn athnuaiteáin níos cost-éifeachtúla.

Is é aidhm an chomhairliúcháin dhírithe seo aiseolas geallsealbhóirí a fháil ar ghnéithe de Théarmaí agus Coinníollacha Amach ón gCósta RESS arbh fhéidir go mbeadh siad ina mbac ar sheachadadh éifeachtúil agus eacnamaíoch tionscadal leictreachais in-athnuaite faoi ORESS 1. Baineann na dréacht-téarmaí seo go heisiach leis an gcéad cheant amach ón gcósta agus níor cheart glacadh leis mar bhunús le ceantanna amach ón gcósta atá beartaithe sa todhchaí.

Páipéar Comhairliúcháin ORESS 1
Páipéar Comhairliúcháin ORESS 1
Amharc amharc
Dréacht-Téarmaí agus Coinníollacha ORESS 1
Dréacht-Téarmaí agus Coinníollacha ORESS 1
Amharc amharc
KPMG Indexation Report
KPMG Indexation Report on the ORESS1 consultation
Amharc amharc

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí 5.30i.n. an 6 Nollag 2021

Is ceart aighneachtaí a chur trí ríomhphost chuig oress@decc.gov.ie nó trí tríd an bpost chuig:

Comhairliúchán Téarmaí agus Coinníollacha ORESS 1

An Rannóg Idirnáisiúnta agus um Ghaoth Amach ón gCósta

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath, D02 X285


Rannpháirtíocht Geallsealbhóirí

Beimid ag tionól ócáid faisnéis fhíorúil do gheallsealbhóirí poiblí ar Théarmaí agus Coinníollacha ORESS 1, dáta le deimhniú.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach a bheidh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula ndéantar an cinneadh deiridh maidir le hoibleagáid a thabhairt isteach.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a sheoltar chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra um Príobháideacht Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.