English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Fheistí Vápála Indiúscartha

Consultation is closed

Tugann Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, cuireadh don phobal chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo a leanas. Cabhróidh an t-aiseolas le bonn eolais a chur faoi fhreagairt beartais na hÉireann do dhéileáil le feistí vápála indiúscartha dramhaíola.

Nóta Tábhachtach: Is é is feiste vápála indiúscartha ann ná toitín leictreonach NACH bhFUIL in-athluchtaithe. Ní thagann toitíní in-athluchtaithe faoi raon feidhme an chomhairliúcháin seo.


Cúlra

Is cúis le roinnt dúshlán dár gcóras bailithe dramhaíola agus athchúrsála dramhaíola reatha iad feistí vápála indiúscartha. Mar shampla:

  • i gcás go bhfuil ceallraí ian litiam ann i bhfeistí dramhaíola, is féidir leo a bheith ina riosca do shláinte agus sábháilteacht oibrithe bailithe dramhaíola agus daoine eile. Nuair atá siad damáistithe, gearrchiorcadta nó róthéite, is féidir leis na ceallraí sin dul trí thine
  • tá sé diomailteach úsáid a bhaint as amhábhair chriticiúla agus as plaisteach i dtáirge indiúscartha
  • an tionchar diúltach atá ag na feistí sin ar an gcomhshaol, go háirithe i gcás nach ndiúscraítear iad ar bhealach freagrach

Cuimsíonn táirgí vápála comhpháirteanna leictreonacha, lena n-áirítear ceallra, agus is gá iad a dhiúscairt ar bhealach sábháilte nuair a thagann siad chun bheith ina ndramhaíl. Cuimsíonn siad meascán casta ábhar, a bhféadfadh roinnt díobh a bheith guaiseach, agus ní féidir iad a athchúrsáil go réidh. Chomh maith leis sin, cuimsíonn leictreonaic nua-aimseartha ábhair annamha chostasacha is féidir a athchúrsáil agus a athúsáid agus ba cheart a athchúrsáil agus a athúsáid.


Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach agus Ceallraí

Faoinár ndlíthe maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach agus le Dramhaíl Cheallra, ní mór do gach táirgeoir (lena n-áirítear iad sin a chuireann dramhthrealamh leictreach agus leictreonach/ceallraí ar an margadh):

  • Dul isteach i gceann amháin de scéimeanna dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh na hÉireann, ar comhlachtaí neamhbhrabúis iad a eagraíonn córais le haghaidh dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus ceallraí dramhaíola a athchúrsáil. Íocann táirgeoirí táillí leis na comhlachtaí sin, a dhéanann cistiú agus socrú ar dhramhtháirgí a bhailiú agus a athchúrsáil; agus
  • Faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí faoi bhainistíocht comhshaoil deireadh ré a bhfeistí atá faoi chumhacht leictreachais agus ceallra

Faoin gcóras sin, féadfaidh tomhaltóirí feistí vápála dramhaíola a thabhairt ar ais chuig aon asraon miondíola a dhíolann iad nuair atá siad ag ceannach feiste nua, nó is féidir iad a dhiúscairt (saor in aisce) sa limistéar fáiltithe Dramhthrealaimh Leictrigh agus Leictreonaigh/Ceallraí ag láithreáin chonláiste chathartha. Tá sé contúirteach iad a chur in araidí bruscair teaghlaigh.


Sonraí Margaidh

Sa bhliain 2021, thuairiscigh táirgeoirí cláraithe gur cuireadh 5,000 aonad vápála indiúscartha, beagnach, ar an margadh sa bhliain 2021. Is amhlaidh, maidir le sonraí faoi cá mhéad aonad a filleadh tríd an gcóras bailithe/fillte, nach bhfuil siad mionsonraithe go leor faoi láthair chun ráta fillte na n-aonad vápála indiúscartha a chur in iúl dúinn. Tugtar le fios i dtuairiscí neamhfhoirmiúla ó na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, áfach, gurb an-íseal atá an ráta fillte.


Caitheamh bruscair

Tugtar le fios i dtuairiscí starógacha go bhfuil feistí vápála indiúscartha tar éis teacht chun cinn mar mhír bhruscair nua, agus roinnt mhaith díobh tar éis a bheith feicthe i ngar do scoileanna agus ag imeachtaí ceoil.

Cuirfear toitíní leictreonacha agus míreanna gaolmhara ar áireamh sa Suirbhé Cainníochtaithe Bruscair náisiúnta ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide den chéad uair riamh sa bhliain 2023.


Roghanna féideartha beartais

  • Toirmeasc ar fheistí vápála indiúscartha a dhéanamh, a dhíol, a dháileadh nó a shaorthairiscint faoi alt 28(4)(i) den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996
  • Córas éarlaise agus aisíoca a bhunú le haghaidh feistí vápála indiúscartha
  • Gan aon athrú reachtach a dhéanamh ach feabhas a chur ar an scéim freagrachta táirgeora chun a chinntiú gur cláraithe atá na táirgeoirí uile atá ag cur feistí ar an margadh; a chinntiú gur leordhóthanach atá forfheidhmiú na gceanglas maidir le freagracht leathnaithe táirgeora; feabhas a chur ar an oideachas agus an fheasacht ar fheistí a thabhairt ar ais isteach sna scéimeanna bailithe dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus ceallraí le haghaidh athchúrsáil fhreagrach

Conas is féidir páirt a ghlacadh ann?

Comhlánaigh an suirbhé.síneadh ama curtha leis an dáta deiridh ar a nglacfar le suirbhéanna comhlánaithe go dtí 5.30 i.n. Dé hAoine an 11 Lúnasa 2023.

Má bhíonn aon fhadhbanna agat agus tú ag comhlánú an tsuirbhé seo, seol ríomhphost chuig PRI@decc.gov.ie


Cad é an chéad chéim eile?

Breithneofar na freagraí uile agus beidh siad mar bhonn eolais faoin gcéad chéim eile den déanamh beartais.

Is féidir go mbeidh dréachtú rialachán i gceist leis sin. Foilseofar aon dréachtrialacháin ar Chóras Faisnéise Rialachán Teicniúil de chuid an Aontais Eorpaigh (TRIS) agus ar Item was unpublished or removed chun tuilleadh aiseolais a chumasú.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na rialacháin.

Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.