English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí ar leasuithe atá beartaithe ar na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007-2018

Consultation is closed


Forbhreathnú ar an gComhairliúchán

Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ar na dréacht-Rialacháin RFC.

Updated Access to Information on the Environment Regulations
Amharc amharc

Ceisteanna Comhairliúcháin

Seo roinnt ceisteanna atá molta a d'fhéadfadh a bheith úsáideach duit agus machnamh á dhéanamh agat ar d'aighneacht.

1. Ar cheart ceann ar bith de na nuashonruithe atá leagtha amach a leasú? Dá mba cheart, tabhair mionsonraí faoin leasú molta agus faoi cén fáth a measann tú gur gá leasú den sórt sin a dhéanamh.

2. Ar cheart aon chuid shonrach de na Rialacháin a leasú? Dá mba cheart, tabhair mionsonraí faoin leasú molta agus faoi cén fáth a measann tú gur gá leasú den sórt sin a dhéanamh.

3. An bhfuil aon bharúlacha eile agat ar na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol atá ann cheana agus ar conas a chuirtear Treoir 2003/4/CE maidir le Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol chun feidhme leo?


Cúlra

Tá na Rialacháin RFC mar chuid de phacáiste reachtach lena gcuirtear an chéad cholún de Choinbhinsiún Aarhus chun feidhme agus lena dtrasuitear an Treoir RFC i ndlí na hÉireann.

I measc nithe eile, tugtar sna Rialacháin RFC sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil agus leagtar amach iontu an modh ina gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí. Foráiltear leis na Rialacháin RFC freisin do thrí leibhéal de nós imeachta athbhreithniúcháin: athbhreithniú inmheánach; achomharc chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil; agus achomharc chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí.

Sa bhliain 2020, ghabh Éire uirthi na Rialacháin RFC a leasú mar fhreagairt d’fhionnachtana ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus inar tugadh neamhchomhlíonadh le fios.

Bunaithe ar chomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2021, rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar na rialacháin.

Leis na rialacháin nuashonraithe seo, cinnteofar go leanfadh Éire de bheith comhoiriúnach le dlí an Aontais Eorpaigh agus le Coinbhinsiún Aarhus.

Faisnéis chúlra bhreise faoi na Rialacháin RFC agus faoi Choinbhinsiún Aarhus


Conas aighneacht a dhéanamh

Is é 5.30pm Dé Luain an 18 Nollaig 2023 an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig aarhus@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

Athbhreithniú ar na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007-2018

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath 2

D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.

Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007-2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Folóimid (bainfimid) sonraí pearsanta roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon faisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sa fhreagra uait aon fhaisnéis nár mhaith leat go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi RFC ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. D'fhéadfadh a bheith san áireamh anseo:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis faoi rún

Léigh ár bhFógra Cosanta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, ina minítear:

  • conas agus cén uair a bhailímid do shonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú