English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Phrionsabail Dea-Chleachtais do Chistí Sochar Pobail faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite

Consultation is closed

Is príomhthionscnamh beartais í an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (STLI) chun fónamh do thiomantas Phlean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais maidir lenár ngeilleagar a bhreoslú le 70% de leictreachas in-athnuaite faoi 2030. Príomhbhéim sa scéim nua is ea gur cheart do phobail leas díreach a bhaint as na tionscadail leictreachais in-athnuaite go léir a dtacaítear leo sa scéim.

Gné thábhachtach de SRLI is ea go gcaithfidh gach tionscadal Ciste Sochar Pobail a bhunú le húsáid ar mhaithe le folláine chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch an phobail áitiúil.

Táimid ag foilsiú sraith Prionsabail Dea-Chleachtais chun feidhmiú agus seachadadh rathúil na gCistí sin a chinntiú, agus táimid ag lorg aiseolais ar an dréacht-treoir sin tríd an gcomhairliúchán seo.

Tá dhá dhoiciméad sa dréacht-treoir, lámhleabhar treorach agus aguisíní a ghabhann leis, tá liosta de cheisteanna comhairliúcháin san ábhar sin ba chóir duit a mheas.

Fáilteofar roimh aiseolas ó gach páirtí leasmhar ar aon ghné den dréacht-doiciméad. Déan cinnte de go n-áirítear an méid a leanas i d’aighneacht:

  • sonraí an eintitis nó an duine aonair, seoladh agus seoladh ríomhphoist
  • an chuid den doiciméad comhairliúcháin lena mbaineann an tsaincheist nó an trácht
  • moladh faoi na leasuithe ba cheart a dhéanamh ar an alt chun an treoir a fheabhsú

D’fhonn bailiú aiseolais ar an dréacht a éascú, táimid ag óstáil dhá sheimineár gréasáin nó Hallaí Baile Fíorúla don phobal i gcoitinne, agus tá tuilleadh sonraí orthu sin le teacht.

Is é 5.30pm ar 3 Meitheamh 2021 an dáta deiridh d’aighneachtaí.

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig CommunityRESS@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

Comhairliúchán CSP

An Rannán um Beartas Leictreachais

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

BAILE ÁTHA CLIATH

Éire

D02 X285

Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite - Lámhleabhar Prionsabail Dea-Chleachtais do Chistí Sochar Pobail
Amharc amharc
Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite - Aguisíní a ghabhann le Cistí Sochar Pobail
Amharc amharc

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Prionsabail Dea-Chleachtais.

Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneachta a fhaightear chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a atheagrú sula bhfoilseofar iad. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fógra Príobháideachta Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéis phearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.