Comhairliúchán Poiblí ar Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (SCM) in Éirinn
- Foilsithe: 14 Eanáir 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Eanáir 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 18 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 13 Iúil 2021
Consultation is closed
Is é an sainmhíniú a thugtar ar mhicrighiniúint ná teicneolaíochtaí micrighiniúna, cosúil le teicneolaíochtaí fótavoltacha micrighréine, micri-hidreafhuinneamh, micreafhuinneamh gaoithe agus cumhacht is teas in éineacht micri-in-athnuaite a bhfuil aschur uasta leictreach 50 kW aige, atá in ainm is freastal go príomha ar an méid fuinnimh a úsáideann an réadmhaoin féin, nuair atá sé curtha i bhfearas ann.
Níl aon scéim tacaíochta ann faoi láthair in Éirinn don réimse seo teicneolaíochtaí micrighiniúna. Tá roinnt scéimeanna deontais ar fáil a thacaíonn le teicneolaíochtaí in-athnuaite a chur i bhfeidhm, go háirithe teicneolaíochtaí Fótavoltacha Gréine, chun freastal ar an méid fuinnimh a úsáideann an réadmhaoin féin, cosúil leis na scéimeanna do theicneolaíochtaí Fótavoltacha gréine Tí agus Pobail Fuinnimh Níos Fearr atá á n-oibriú ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, agus TAMS II atá á oibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tá Scéim Tacaíochta Micrighiniúna á forbairt againn a thacóidh le micrighiniúint nua a chur chun feidhme, a chuirfidh an margadh ar fáil do shaoránaigh agus pobail chun a leictreachas féin in-athnuaite a ghiniúint, ó ghrianphainéil ar a ndíonta, mar shampla, agus praghas cóir a fháil nuair a dhíolann siad an barrachas leis an eangach.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhailiú ar ghnéithe na Scéime Tacaíochta Micrighiniúna a bheartaítear a d’fhéadfadh cabhrú le heolas a thabhairt do sholáthar na scéime.
Is é 5.30pm Déardaoin, an 18 Feabhra 2021 an spriocdháta d’aighneachtaí
Cinntigh, le do thoil, go bhfuil an méid seo a leanas i d’aighneacht:
- sonraí, seoladh agus seoladh ríomhphoist aonáin nó an duine aonair
- an mhír den cháipéis chomhairliúcháin a mbaineann an tsaincheist nó an nóta tráchta leis
- moladh faoi cén leasuithe ba cheart a dhéanamh ar an mír agus béim ar fheabhas a chur ar a éasca atá sé an scéim a sholáthar
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig publicconsultation_mss@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Comhairliúchán na Scéime Micrighiniúna
An Rannán Beartas Comhshaoil
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath
Éire
Táimid tiomanta d’idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar breithniú ar na haighneachtaí agus an t-aiseolas go léir sula bhfoilseofar an leagan deireanach den Scéim Tacaíochta Micrighiniúna.
Trí fhreagairt don chomhairliúchán, toilíonn freagróirí go bhfoilseofar a n-ainm ar líne leis an aighneacht. Tabhair faoi deara, le do thoil: tá freagairtí don chomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014. Ba cheart eolas rúnda nó eolas atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de a shainaithint go soiléir i d’aighneacht.