English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Straitéis Fadtéarmach reatha na hÉireann maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú

Consultation is closed

Is é Gníomhú ar son na hAeráide an dúshlán domhanda fadtéarmach is práinní dár linn agus is tosaíocht shuntasach é don Rialtas seo. De réir mar a mhéadaíonn teochtaí domhanda, méadaíonn na rioscaí do dhaoine agus don dúlra. Tá Éire tiomanta dá páirt iomlán a ghlacadh in iarrachtaí an AE agus in iarrachtaí domhanda chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint agus, á dhéanamh sin, lántairbhe a bhaint as na deiseanna agus na luach saothair a thiocfaidh as bogadh go tapa chuig sochaí ísealcharbóin.

Tríd an reachtaíocht aeráide neartaithe atá againn, tá an uaillmhian leagtha amach againn dúinn féin a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

Soláthraíonn straitéisí fadtéarmacha maidir le laghduithe astaíochtaí, le peirspictíocht 30 bliain ar a laghad, nasc ríthábhachtach idir polasaí aeráide gearrthéarmach agus fadtéarmach. Is léir an tábhacht a bhaineann le hullmhú straitéisí den sórt sin ag an leibhéal náisiúnta, ag leibhéal an AE agus ag an leibhéal idirnáisiúnta; trínár nAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, Rialachán (AE) 2018/1999, agus Comhaontú Pháras.

Leagtar amach i Straitéis Fhadtéarmach reatha na hÉireann maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú, a cheadaigh an rialtas i mí Aibreáin 2023, conairí táscacha, tar éis 2030, i dtreo neodracht charbóin a bhaint amach d'Éirinn faoi 2050. Tógann an Straitéis ar na conairí dícharbónaithe atá leagtha síos sna buiséid charbóin, sna huasteorainneacha astaíochtaí earnála agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, chun polasaí aeráide comhleanúnach agus éifeachtach a chinntiú. Tá anailís ar roghanna aistrithe ar fud gach príomh-earnála den gheilleagar mar bhonn agus taca leis agus soláthraíonn sé nasc ríthábhachtach idir spriocanna aeráide 2030 na hÉireann agus an sprioc fhadtéarmach atá leagtha síos ag Beartas Náisiúnta Aeráide na hÉireann agus ag Dlí Aeráide na hEorpa.

Múnlaíodh an straitéis reatha trí ionchur tras-rannach agus freagraí a fuarthas ó raon leathan páirtithe leasmhara chuig comhairliúchán poiblí in 2019 atá fós an-ábhartha sa chomhthéacs polasaí reatha. Foilsítear achoimre ar na freagraí comhairliúcháin a fuarthas in éineacht leis an Straitéis reatha. Ina ainneoin sin, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha sa pholasaí aeráide ó shin i leith, tá an comhairliúchán seo á dhéanamh mar bhonn chun Straitéis nuashonraithe a ullmhú mar a gealladh san Iarscríbhinn Gníomhartha a ghabhann leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023. Beidh an Straitéis nuashonraithe i gcomhréir leis na ceanglais maidir le straitéis aeráide fhadtéarmach a ullmhú mar atá leagtha amach faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an AE araon; agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais í lena faomhadh ar mhaithe lena foilsiú agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, mar leagan nuashonraithe, faoi dheireadh 2023. Cuideoidh sé seo linn ár gcuspóirí aeráide náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta a bhaint amach.

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara maidir le Straitéis Fhadtéarmach reatha na hÉireann agus go háirithe maidir leis na ceisteanna seo a leanas.

Ceisteanna Comhairliúcháin

1) Ag leanúint ó chomhairliúchán 2019, an bhfuil aon rud nua nó incriminteach, dar leat, ar cheart a chur san áireamh i Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann?

2) An sainaithnítear sa straitéis fhadtéarmach reatha conairí réalaíocha chun astaíochtaí a laghdú tar éis 2030, nó an fiú breithniú breise a dhéanamh ar chonairí malartacha nó comhlántacha?

3) Ag nótáil go dteastaíonn athrú córasach ón aistriú chuig neodracht aeráide agus go bhfuil sé ríthábhachtach na tosca a mheas a d'fhéadfadh cur le dul chun cinn aistrithe den sórt sin nó a chuirfeadh bac air, an bhfuil coinníollacha cumasúcháin ann chun tacú leis an aistriú a mheasann tú a dteastaíonn fócas níos mó uathu agus, má tá, cad iad?

4) An bhfuil aon tuairimí nó breathnuithe eile ar mhaith leat a thabhairt maidir le Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann?

Spriocdháta le haghaidh aighneachtaí

Iarrtar tuairimí ó pháirtithe leasmhara ar Straitéis Fhadtéarmach reatha na hÉireann maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú agus na ceisteanna atá leagtha amach thuas tráth nach déanaí ná 5:30pm Dé hAoine, 14 Iúil 2023.

Ba chóir aighneachtaí a mharcáil ‘Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann maidir le hAstaíochtaí GCT a Laghdú' agus is féidir iad a sheoladh trí ríomhphost chuig longtermstrategy@decc.gov.ie nó a sheoladh i gcóip chrua chuig:

Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann maidir le h Astaíochtaí GCT a Laghdú

Seomra 3.14, Caighdeán an Aeir, An Rannán AE agus Idirnáisiúnta

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath 2, D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann.

Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.