English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Bacanna ar Éifeachtúlacht Fuinnimh san Earnáil Cíosa a Bhaint trí aghaidh a thabhairt ar ‘Fhadhb na Dreasachta Deighilte’

Consultation is closed


Achoimre

Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí faoi fhadhb na dreasachta deighilte agus an tionchar atá aige ar an gcuspóir le feabhas a chur ar chaighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh in [external-link.

Is é atá mar aidhm ag an gcomhairliúchán seo an idirbheartaíocht (nó na hidirbheartaíochtaí) beartais is oiriúnaí a aithint agus deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara treoir a thabhairt don phlé seo.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara athbhreithniú a dhéanamh ar na cuir chuige fhéideartha atá luaite agus tuairim a thabhairt fúthu seo nó faoi aon phointe eile ag baint úsáide as an bhfoirm fhre agartha . Tá an comhairliúchán poiblí seo ar oscailt do chách – eagraíochtaí agus daoine aonair araon.

Is féidir freagraí a chur isteach am ar bith suas chomh fada leis an dáta deiridh an 17 Eanáir 2020.

Cuirtear dréacht ar fáil thíos freisin den chéad Straitéis Fadtéarma um Athchóiriú (LTRS) eile de chuid na hÉireann. Má main le freagróirí tuairim a thabhairt faoin LTRS is féidir leo é sin a dhéanamh ar an gcuid ábhartha den teimpléad freagartha faoin 17 Eanáir – nó le r-phost chuig Energy.efficiency@dccae.gov.ie faoin dáta níos déanaí, an 24 Eanáir.

NUASHONRÚCHÁN 17 Eanair

Tá síneadh ama curtha leis an gcomhairliúchán poiblí faoi fhadhb na dreasachta deighilte. Is féidir freagraí a chur isteach am ar bith suas chomh fada leis an dáta deiridh an 24 Eanáir 2020.

NUASHONRÚCHÁN 24 Eanair

Tá síneadh ama curtha leis an gcomhairliúchán poiblí ar an LTRS. Is féidir tuairim a thabhairt le r-phost chuig Energy.efficiency@dccae.gov.ie. Beidh an próiseas comhairliúchán poiblí ar bun go dtí 5 i.n. 31 Eanair 2020.