Comhairliúchán Poiblí maidir leis an Scéim Oibleagáide Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEOS)
- Foilsithe: 4 Márta 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Márta 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 30 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2022
Consultation is closed
I bPacáiste Fuinnimh Ghlan an Choimisiúin Eorpaigh, a seoladh i mí na Samhna 2016, leagtar amach fís an Choimisiúin d’éifeachtúlacht fuinnimh, agus deirtear gur chóir go mbeadh éifeachtúlacht fuinnimh mar "chéad phrionsabal" d’aon bheartas fuinnimh amach anseo. Ceann de na croípháirteanna den Phacáiste Fuinnimh Ghlan is ea an Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EED) leasaithe, a foilsíodh in 2018. Faoi réir Airteagal 7 den EED, tá iallach ar Éirinn méid sainithe de choigealtas fuinnimh a dhéanamh a shásaíonn critéir shonracha, faoi 2030.
I ndiaidh comhairliúcháin phoiblí i Deireadh Fómhair 2019, chinneamar go mbainfeadh Éire úsáid as scéim oibleagáide idir 2021 agus 2030 chun codán den choigealtas fuinnimh atá de dhíth faoi Airteagal 7 a bhaint amach. Tógfaidh an Scéim Oibleagáide Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEOS) nua ar an scéim oibleagáide atá ar bun ó 2014, agus cuideoidh sé go suntasach le sprioc coigealtais fuinnimh na hÉireann a sheachadadh faoi Threoir leasaithe an AE i dtaca le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Tacóidh an scéim nuadheartha freisin le huaillmhian níos leithne na hÉireann i dtaca le haeráid a sheachadadh.
Is mian linn dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir le dearadh an EEOS nua, a bheidh i bhfeidhm ó thús 2022. Baineann na beartais laistigh den chomhairliúchán leis na réimsí seo a leanas:
- Cé a bheidh faoi oibleagáid coigealtas fuinnimh a bhaint amach faoin scéim, agus conas a chuirfear faoi oibleagáid iad
- Sprioc fhoriomlán na scéime oibleagáide éifeachtúlachta fuinnimh
- Na fo-spriocanna seachadta laistigh den scéim
- Riachtanais seachadta na scéime
- Nádúr na spriocanna don tréimhse oibleagáide agus cé mar is cóir tacaíocht a thabhairt don chomhlíonadh agus é a bhainistiú
- Feabhsuithe scéime agus eolas faoi chostas
- Eolas ar bhillí
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí 5.30pm an 19 Aibreán 2021. Ba chóir d’aon duine atá ag iarraidh aighneacht a dhéanamh an suirbhé ar líne a dhéanamh. Más rud é nach féidir leat an suirbhé a rochtain ar chúis ar bith déan teagmháil leis an bhfoireann le r-phost ag energy.efficiency@decc.gov.ie
Táimid tiomanta do chaidreamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i dtaca leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar machnamh ar gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Scéim Oibleagáide Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEOS).
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir ag forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014, na Rialacháin um Rochtain ar Eolas ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht Cosanta Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé ar intinn ag an Roinn ábhar na n-aighneachtaí go léir a fhaightear ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú roimh an bhfoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba chóir do pháirtithe a léiriú go soiléir áit ar bith ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina bhfreagraí nár mhian leo a bheith scaoilte faoi FOI, AIE nó foilsithe ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a dhíriú ar Fhógra na Roinne i dtaca le Príobháideachas Sonraí atá ar fáil ar an suíomh gréasáin agus lena mhínítear conas agus cathain a mbailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid é sin agus cé mar a chaithimid leis an eolas sin. Mínítear ann freisin do chearta i dtaca le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a chur i bhfeidhm.