English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir leis an Straitéis um Gheilleagar Ciorclach a bhfuil sé Beartaithe é a Fhoilsiú

Consultation is closed

Ní mór athrú ó bhun a dhéanamh ar an mbealach a ndéanaimid earraí a tháirgeadh agus a úsáid más mian linn spriocanna aeráide a bhaint amach. Ní féidir leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh aghaidh a thabhairt ach ar 55% dár n-astaíochtaí. Tagann an 45% eile ó rudaí a dhéanamh.

Dá bhrí sin, tá ról lárnach ag níos lú a dhéanamh nó níos lú acmhainní a úsáid chun iad a dhéanamh - is é sin croílár an gheilleagair chiorclaigh - agus tá ról lárnach aige sin maidir le bearta ar son na haeráide. Dá laghdófaí an méid acmhainní nádúrtha a chuirimid amú, laghdófaí na brúnna comhshaoil eile atá ar cháilíocht an aeir atá againn, ár n-ithreacha agus ár n-uisce.

I ngeilleagar ciorclach, déantar dramhaíl agus cur amú acmhainní a íoslaghdú, coimeádtar luach táirgí agus ábhar chomh fada agus is féidir trí dhea-dhearadh, marthanacht agus deisiú, agus nuair a bhíonn a sheal tugtha ag táirge, úsáidtear a chodanna arís, agus arís chun táirgí úsáideacha breise a chruthú.

Ciallaíonn an t-aistriú go geilleagar ciorclach go gcaithfimid féachaint ar an gcaoi a n-úsáidtear ábhair agus acmhainní, conas a dhearaimid na táirgí a úsáideann teaghlaigh agus gnóthais, conas a chuirfimid cosc le giniúint dramhaíola agus ídiú acmhainní agus conas a chuirfimid síneadh le saol táirgiúil na n-earraí agus na dtáirgí uile inár sochaí agus inár ngeilleagar.

D’fhéadfadh an t-aistriú seo rochtain níos fearr a sholáthar ar tháirgí atá deartha níos fearr, ar féidir iad a roinnt, a athúsáid, a dheisiú agus a athdhéanamh. Chuirfeadh sé seo deiseanna nua fostaíochta ar fáil ar gach leibhéal scileanna.

Tugadh tiomantas do raon gníomhartha sa Chlár don Rialtas - Ár dTodhchaí Comhroinnte a thacaíonn leis an aistriú go geilleagar ciorclach. I mí Mheán Fómhair 2020, d’fhoilsíomar an Plean Gníomhaíochta um Dhramhaíl don Gheilleagar Ciorclach, rud a dhaingníonn tuilleadh ár dtiomantas do thrasdul na hÉireann chuig geilleagar ciorclach.

Ceann de na chéad ghníomhartha atá le déanamh is ea Straitéis Eacnamaíochta Ciorclach Ardleibhéil an Rialtais uile a fhorbairt chun cúrsa a shocrú d’Éirinn chun trasdul a dhéanamh i ngach earnáil agus ar gach leibhéal den Rialtas i dtreo geilleagair chiorclaigh.

Tá dréacht-Straitéis um Gheilleagar Ciorclach ullmhaithe againn agus táimid ag lorg ionchur ó pháirtithe leasmhara, rud atá ag teacht le treoirlínte Aarhus maidir le rannpháirtíocht an phobail.

Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí ná 5.30pm 28 Bealtaine 2021

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig circulareconomy@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

Comhairliúchán Poiblí maidir leis an Straitéis um Gheilleagar Ciorclach a bhfuil sé Beartaithe é a Fhoilsiú.

Rannán an Gheilleagair Chiorclaigh,

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Newtown Road

Loch Garman

Y35 AP90

Comhairliúchán Poiblí maidir leis an Straitéis um Gheilleagar Ciorclach a bhfuil sé Beartaithe é a Fhoilsiú
Amharc amharc
Straitéis Uile-Rialtais um Gheilleagar Ciorclach 2021 - 2022
Amharc amharc

Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach a bheidh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis um Gheilleagar Ciorclach.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a sheoltar chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra um Príobháideacht Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.