Comhairliúchán poiblí maidir leis na Rialacháin um an Scéime Chlibeála Bradán Fiáin agus Breac Geal (Leasú), 2022 agus Bearta Caomhnaithe le haghaidh Sheasúr 2023.
- Foilsithe: 10 Samhain 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 10 Samhain 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 9 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tugann Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fógra reachtúil go bhfuil sé i gceist aige na Rialacháin um an Scéim Chlibeála Bradán Fiáin agus Breac Geal (Leasú), 2022 a dhéanamh, chun foráil a dhéanamh le haghaidh bhainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal fiáin ag Iascach Intíre Éireann ón 1 Eanáir 2023.
Tá cóip de na dréachtrialacháin ar oscailt le haghaidh iniúchadh poiblí ag oifigí na Roinne sa Chabhán. Tá na dréachtrialacháin ar fáil lena n-íoslódáil freisin ag www.gov.ie/ga/comhairliuchain/
Más mian leat tuairimí ar na dréachtrialacháin nó agóidí ina gcoinne a chur isteach, is féidir leat iad a sheoladh chugainn tríd an ríomhphost chuig IFDPublicConsultations@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Rannóg an Iascaigh Intíre
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Leamháin
Bóthar Ghleann an Iarla
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Éire
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí ná 5.30 i.n. an 9 Nollaig 2022.
Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha. Foilseofar gach aighneacht bhailí a gheofar ar an suíomh gréasáin Gov.ie.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár gCosaint Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.