Dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach
- Foilsithe: 28 Nollaig 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Nollaig 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 1 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 10 Iúil 2023
Consultation is closed
Dréacht-Ráiteas Beartais
Is éard is fuinneamh geoiteirmeach ann ná an teas atá faoi dhromchla an dlúthdhomhain. Is féidir teas ón ngrian a stóráil, teas ó chroílár an Domhain freisin. Go ginearálta, méadaíonn teocht an talaimh in Éirinn (agus an méid fuinnimh geoiteirmeach atá ar fáil ann) de réir mar a théitear síos le doimhneacht, faoi dhromchla an Domhain, ag meánráta measta 21° C in aghaidh an chiliméadair. Ní amháin go bhfuil an fuinneamh geoiteirmeach in-athnuaite, tá sé slán agus iontaofa, agus tagann sé ón gceantar áitiúil freisin.
Táthar ag baint úsáid as an fuinneamh geoiteirmeach le fada anuas i réigiúin bholcánacha, an Íoslainn, mar shampla, chomh maith leis an Iodáil agus an Nua-Shéalainn. Mar gheall ar dul chun cinn atá déanta sa teicneolaíocht, fágtar gur féidir an fuinneamh geoiteirmeach a úsáid anois in Éirinn chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú, agus fiú chun leictreachas a ghiniúint, b’fhéidir. Tá an fuinneamh geoiteirmeach á úsáid i dtíortha neamh-bholcánacha anois, i dtíortha leithéidí an Ísiltír, an Bheilg, an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin.
Tagann an Dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach i ndiaidh an foilseachán atá curtha amach againn i mí na Samhna 2020, An Assessment of Geothermal Energy for District Heating in Ireland agus Geothermal Energy in Ireland - A Roadmap for a Policy and Regulatory Framework
Sa ráiteas beartais críochnúil, leagfar an cur chuige maidir leis an rialáil a dhéanamh ar an iniúchadh agus ar conas an fuinneamh geoiteirmeach a ‘ghabháil’, nó conas ‘leas a bhaint as’ mar acmhainn nádúrtha. Leagfar amach an cur chuige atá le glacadh chun teagmháil a dhéanamh leis an bpobal, chun acmhainní faisnéise a sholáthar agus sonraí a bhailiú freisin, chomh maith le conas na bearnaí atá san eolas a líonadh.
Beidh rannpháirtíocht an phobail leis an dréachtbheartas seo a thabhairt chun críche, roimh dó a bheith curtha faoi bhráid an Rialtais mar mholadh de chuidiú chun córas rialála a sholáthar atá láidir agus trédhearcach, agus a chuireann feabhas ar an gcomhshaol. Tabharfar an ráiteas beartais chun críche le cabhair ó Ghrúpa Comhairleach um Fhuinneamh Geoiteirmeach. Beidh an obair a bheidh á déanamh ag an ngrúpa sin bunaithe ar aighneachtaí a gheofar i dtaca leis an dréachtcháipéis seo.
I measc an obair a bheidh á déanamh acu ina dhiaidh sin, beifear ag iarraidh tuiscint a fháil ar na bealaí do thionscadail fuinnimh gheoiteirmeach chun cur lenár gcuspóirí aeráide agus conas na tionscadail seo a chur i gcomparáid le cineálacha eile fuinnimh in-athnuaite.
Tá bealaí éagsúla ann chun an fuinneamh geoiteirmeach a ghabháil. Tá cuid de na teicneolaíochtaí seo á n-úsáid in Éirinn cheana féin, idir córais bheaga do thithe aonair agus córais níos mó a úsáidtear i bhfoirgnimh thionsclaíocha agus mhiondíola. Tá an fhéidearthacht ann go mbeifear ag glacadh le córais aschuir níos airde, níos casta, atá á n-úsáid i dtíortha eile in Éirinn freisin. Ba cheart go bhfreastalófaí an creat rialála go comhréireach ar na cineálacha éagsúla córais gheoiteirmeacha a bheidh ann.
Ní mór tionscadail fuinnimh gheoiteirmeach a sheachadadh i gcomhlíonadh iomlán an dlí um chosaint an chomhshaoil, agus cearta an phobail ar an eolas agus rannpháirtíocht i bpróisis chinnteoireachta ar aon dul le Coinbhinsiún Aarhus san áireamh.
Moltar sa dréacht-ráiteas beartais seo cur chuige maidir leis an gcreat rialála a dhéanfaidh na nithe seo a leanas:
1. Cinnteacht maidir le húinéireacht agus úsáid fuinnimh gheoiteirmeach a chur ar fáil
2. Próiseas a chruthú le haghaidh an cheadúnaithe chun críocha iniúchta agus chun leas a bhaint as acmhainní fuinnimh geoiteirmeacha.
3. Córas tuairiscithe ar thionscadail gheoiteirmeacha a chruthú
4. Comhtháthú a dhéanamh le creataí rialála comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta, agus pleanála atá ann cheana.
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
De réir Threoir 2001/42/CE an AE agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Clár Áirithe) 2004 (IR 435 de 2004), arna leasú, rinneadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) ar an Dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach, agus tá na torthaí ón measúnacht sin léirithe i dTuarascáil Chomhshaoil.
Rinneadh an Dréacht-Ráiteas Beartais atá ag teacht chun cinn a scagadh le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus sa chéad chéim eile den SEA rinneadh comhairliúchán ar an obair scóipe le haghaidh na Tuarascála don Chomhshaol, a bhí mar bhonn eolais leis an Tuarascáil Chomhshaoil seo.
Measúnacht Chuí
De réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (S.I. Uimh. 477), arna leasú, rinneadh an Dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach a scagadh le haghaidh na Measúnachta Cuí.
Rinneadh an Dréacht-Ráiteas Beartais atá ag teacht chun cinn a scagadh le haghaidh na Measúnachta Cuí.
Ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura le haghaidh comhairliúcháin.
Ráiteas Tionchair Natura don Dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach
Comhairliúchán Poiblí
Táimid ag lorg tuairimí ar:
- an Dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach
- an Tuarascáil Chomhshaoil a ullmhaíodh mar chuid den phróiseas um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
- an Ráiteas Tionchair Natura a ullmhaíodh mar chuid den phróiseas Measúnachta Cuí
Tá fáilte roimh gach aighneacht agus déanfar iad a bhreith agus an Ráiteas Beartais á thabhairt chun críche.
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5.30pm, an 1 Márta 2022
Ba chóir na haighneachtaí a mharcáilte Comhairliúchán maidir leis an mBeartas Geoiteirmeach, agus ba chóir iad a chur isteach i r-phost chuig GSPD@decc.gov.ie nó a chur isteach sa phost chuig:
An Comhairliúchán Geoiteirmeach
An Rannán Beartas Geo-Eolaíochta
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath, D02 X285
Éire
Mar gheall ar na socruithe oibre atá i bhfeidhm faoi láthair de bhun COVID-19, sa chás nach bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar na doiciméid ag baint úsáide as na naisc thíos, agus go bhfuil cúnamh ag teastáil uait, scríobh chugainn i litir nó ríomhphost agus na sonraí teagmhála thuas a úsáid.
Imeachtaí Ar Líne
Tionólfar imeachtaí ar líne i mí Feabhra chun faisnéis a sholáthar ar an ábhar atá sna trí dhoiciméad seo, agus ar conas aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán seo. Beidh sonraí fógartha anseo.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach a bheidh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Ráiteas Beartais.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a sheoltar chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra um Príobháideacht Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.