English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Dréacht-Rialacha agus Treoir Chiste Sochar Pobail ORESS 1

Consultation is closed

Is ar na dréacht-Rialacha agus Treoir do mholtaí Chiste Sochar Pobail ORESS 1 atá an comhairliúchán seo.

Is comhairliúchán leantach tiomnaithe é seo tar éis na nDréacht-Téarmaí agus Coinníollacha don Chéad Chomórtas Eischósta faoin Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (ORESS 1) a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Cruthaíonn moltaí athbhreithnithe Chiste Sochar Pobail ORESS creat do phobail áitiúla chun leas a bhaint as a dtionscadal leictreachas in-athnuaite eischósta áitiúil faoi seach agus chun páirt a ghlacadh ann. Áirítear leis na Rialacha agus Treoir Dréacht-Téarmaí agus Coinníollacha Pobail ORESS 1 a leagann amach le chéile an bonn ar a gcaithfear gach ciste a bhunú agus an chaoi ar gá é a riar ionas gur léiriú ionadaíoch ceart é ar an bpobal áitiúil agus go mbíonn sé iomlán cuimsitheach ina chinnteoireacht go léir. Tá oibleagáidí rialála agus comhlíonta san áireamh.

Beidh ról lárnach ag pobail áitiúla cois cósta maidir le forbairt uaillmhianta leictreachas in-athnuaite eischósta na hÉireann a éascú agus tacú leo. Is cuid ríthábhachtach é sin chun gealltanais na hÉireann a chomhlíonadh faoin bPlean 2021 um Ghníomhú ar son na hAeráide. Táthar ag súil go gcuirfidh Céim 1 agus Céim 2 den ghaoth eischósta 5GW d’acmhainn leictreachais a sholáthar. Maidir leis na tionscadail a bheidh i gceist sa dá chéim seo, is dócha go mbeidh oibleagáidí acu ar fiú €35 milliún sa bhliain iad ar phobail áitiúla.

Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe seo aiseolas ó pháirtithe leasmhara a fháil ar mholtaí leasaithe Chiste Sochar Pobail ORESS 1. Baineann na dréacht-Rialacha agus Treoir seo go heisiach le Rannóg an Phobail den chéad cheant eischósta agus níor cheart glacadh leis mar bhonn do cheantanna eischósta atá beartaithe amach anseo.

Dréacht-Rialacha agus Treoir Chiste Sochar Pobail ORESS 1
Amharc amharc

Is é 5.30 i.n. ar Dé hAoine, an 9 Meán Fómhair 2022 an dáta deiridh d'aighneachtaí.

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig oress@decc.gov.ie nó sa phost chuig:

Comhairliúchán Chiste Sochar Pobail ORESS 1 2022

An Rannán Idirnáisiúnta agus Gaoth Eischósta

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Téarmaí agus Coinníollacha.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (RFC) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist againn ábhar gach aighneachta a fhaightear ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar an suíomh Gréasáin againn. Déanfar sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go n-eiseofaí iad faoi Shaoráil Faisnéise, RFC ná go bhfoilseofaí iad ar bhealach eile.

Ba mhaith linn an Fógra um Príobháideacht Sonraí againn a chur ar do shúile duit a mhíníonn conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú faisnéis phearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.