Dréacht-Straitéis Aer Glan Comhairliúchán Poiblí
- Foilsithe: 7 Márta 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 7 Márta 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2022
Consultation is closed
Tá an aer glan riachtanach dár gcaighdeán maireachtála. Cé go bhfuil feabhas suntasach tar éis teacht ar cháilíocht an aeir in Éirinn le blianta beaga anuas, leanann truailliú an aeir ar aghaidh ag déanamh damáiste dár sláinte agus dár gcomhshaol. Geallann an Rialtais go mbainfear an cuspóir seo amach ach ní féidir á dhéanamh ach amháin trí chomhiarrachtaí an phobail. Cuirfidh na hathruithe atá ag teastáil comhbhuntáistí eacnamaíocha agus sochaíocha dearfacha ar fáil dúinn, lena n-áirítear aer níos glaine, tithe níos teo, sláinte níos fearr agus leibhéal níos ísle an charbóin, ionas go mbeimid in ann bogadh i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe san fhadtéarma.
Cuireann an Straitéis Aer Glan creat ar ardleibhéal na bpolasaithe straitéiseacha atá riachtanach chun na bearta comhtháite trasna bheartas an rialtais a aithint agus a chur chun cinn mar a theastaíonn le haghaidh truailliú an aeir a laghdú chomh maith le aer comhthimpeallach níos glaine a chur chun cinn agus na cuspóirí náisiúnta níos fairsinge á seachadadh. Siad na príomhchuspóirí straitéiseacha ná:
- Feabhsuithe leanúnacha ar cháilíocht an aeir ar fud na tíre a chinntiú
- A chinntiú go ndéanfar cúrsaí aeir ghlain a chur isteach i bhforbairt na mbeartas ar fud an Rialtais
- A chur leis an mbonn fianaise a chabhróidh linn leanúint ar aghaidh ag forbairt ár dtuiscint ar fhoinsí an truaillithe ionas go dtabharfar aghaidh níos éifeachtaí orthu
- Feabhsú rialúchán agus éifeacht ár gcóras forfheidhmithe
- Feasacht ar thábhacht aer glan a chur chun cinn agus a mhéadú
Tá aighneachtaí ar an dréacht-Straitéis Aer Glan á lorg ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Cé gur féidir aighneachtaí ginearálta a dhéanamh, chuireamar roinnt ceisteanna ar leith le chéile chomh maith (féach thíos). Tá siad ar fáil freisin tríd an gceistneoir ar líne.
Ceisteanna Comhairliúcháin
- An aontaíonn tú leis na cúig thosaíocht straitéiseacha atá leagtha amach sa dréachtstraitéis?
- An mbraitheann tú go bhfuil tosaíochtaí straitéiseacha breise ar chóir a chur san áireamh?
- Conas is féidir sonraí astuithe truailleán a úsáid níos fearr chun eolas a thabhairt do ghníomhaíochtaí ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta?
- Cad iad na saincheisteanna reatha agus le teacht is tábhachtaí maidir le cáilíocht an aeir in Éirinn a dteastaíonn tuilleadh taighde uathu, dar leat?
- Conas is féidir linn an fheasacht a mhéadú ar thionchair na sláinte a mbaineann le truailliú an aeir?
- Cad iad na ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith i bhfeachtas náisiúnta feasachta i leith an aeir ghlain agus conas a d’fhéadfaí a thionchar a thomhas?
- Dar leatsa, cad iad na méadrachtaí nó na tagarmharcanna ar leith ba chóir a chur san áireamh chun dul chun cinn na Straitéise Aer Glan a leanúint?
- An bhfuil aon tuairimí eile agat maidir leis an dréacht-Straitéis Náisiúnta Aer Glan?
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig airquality@decc.gov.ie
Nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán Poiblí ar an Straitéis Aeir Ghlan
Rannóg Cáilíocht an Aeir
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Y35 AP90
Sé an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná: 24 Bealtaine 2022
Cosaint Sonraí
Táimid meáite ar dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula dtabharfar an Straitéis chun críche.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar i dtaca lenár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Déanaimid sonraí pearsanta a cheilt roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir má tá faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo a chur ar fáil faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháide Sonraí a mhíníonn cén uair agus cén chaoi a mbailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le faisnéise pearsanta a bhailiú agus cén chaoi ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.