English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Gaoth Amach ón gCósta Chéim a Dó– Comhairliúchán

Consultation is closed

Trína Plean Gníomhaíochta Aeráide 2021, athdhearbhaíonn Éirinn tiomantas maidir lena huaillmhian 5GW d’acmhainn gaoithe amach ón gcósta a shuiteáil inár gceantar muirí faoi 2030, agus tugtar isteach cuspóir nua, go bhfaighfear suas le 80% dár leictreachas ón mbliain chéanna ó fhoinsí in-athnuaite. Chomh maith lenár sciar fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, tacóidh na spriocanna seo lenár ngealltanais maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, freastal ar mhéaduithe réamh-mheasta ar éileamh leictreachais intíre agus méadóidh siad ár slándáil soláthair leictreachais.

Beidh an chéad chéim den ghaoth amach ón gcósta in Éirinn riachtanach ach ní leor í lenár n-uaillmhian 2030 5GW a bhaint amach. Teastaíonn céim bhreise a chuimsíonn tionscadail ar féidir leo soláthar faoi 2030.

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo tuairimí a bhailiú ar Chéim a Dó d’imscaradh gaoithe amach ón gcósta. Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach agus táimid anois ag lorg aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil Córas Seasmhach plean-bhunaithe á fhorbairt againn do thionscadail ghaoithe amach ón gcósta, a sholáthróidh acmhainn gaoithe amach ón gcósta iar-2030 sa bhreis ar sprioc 5GW an Rialtais. Dá bhrí sin, níl an chéim imscartha iar-Chéim a Dó mar chuid den chomhairliúchán seo.

Gaoth Amach ón gCósta Céim a Dó - Doiciméad Comhairliúcháin
Offshore Wind Phase Two Consultation Paper
Amharc amharc

Is é an dáta deiridh aighneachtaí a chur isteach 5.30i.n. 12 Márta 2022

Ba chóir aighneachtaí a chur ar ríomhphost chuig phase2@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

Comhairliúchán Chéim a Dó Maidir le Gaoth Amach ón gCósta

An Rannán Fuinnimh Idirnáisiúnta agus Eischósta

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath 2

D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach a bheidh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a sheoltar chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra um Príobháideacht Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.