Glaoch ar Fhianaise ó Shaineolaithe – An Plean Gnímh don Aeráid 2021
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 23 Márta 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 18 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2021
Consultation is closed
Tá an chéad deich mbliana eile romhainn barrthábhachtach má táimid le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta atá ag bagairt ar ár saol sábháilte feasta ar an bpláinéad seo. Tá gealltanas sa Chlár Rialtais go mbeidh meánlaghdú 7% sa bhliain ar astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa idir 2021 agus 2030 (laghdú 51% thar na deich mbliana), agus go mbeidh astaíochtaí neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Tiocfaidh dúshlán mór leis seo agus beidh gá le hathrú bunúsach i gcodanna móra de shaol na hÉireann. Nuair a bheifear ag tabhairt faoin dúshán, beimid ábalta sláinte, leas agus slándáil ár muintire go léir a fheabhsú.
Tá cinneadh déanta ag an Rialtas an chéad Phlean Gnímh don Aeráid a réiteach, a leagfaidh amach na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfimid leis na gealltanais atá sa Chlár Rialtais, lena n-áirítear a chinntiú go mbainfimid amach ár spriocanna 2030, go mbeimid réidh tráth nach déanaí ná 2050 don neodracht ó thaobh an charbóin de, agus go mbeidh Éire mar cheannasaí maidir le freagairt don athrú aeráide.
Ar aon dul leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2019, díreoidh an plean nua go láidir ar an bhfeidhmiú, lena n-áireofar gníomhaíochtaí lena bhfuil amchláir agus céimeanna sainiúla ceangailte chun gach gníomhaíocht a bhaint amach, agus freagracht shoiléir maidir leis an soláthar. Beidh eolas san áireamh ó straitéisí rathúla i dtíortha eile, sa chás go bhféadfaí straitéisí mar iad a oiriúnú le haghaidh iad a chur i bhfeidhm in Éirinn.
Mar chuid den chomhairliúchán seo, iarrtar ort breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí trasearnála agus earnála a bhainfidh leis an méadú iomlán ar an uaillmhian i leith na haeráide atá leagtha amach thuas, agus moltaí a leagan amach maidir le beartais bhreise thar réimsí earnála, lena n-áirítear meastacháin ar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus/nó méadú ar an teacht aniar ó na himpleachtaí ón athrú aeráide nach gcuirfear siar.
Sa chaoi go mbeidh an t-aon chur chuige ann thar na hearnálacha ar fad, táthar ag tabhairt faoin bPlean nua a fhorbairt tríd an gcreat leathan seo a leanas:
- creat don rialáil
- teicneolaíochtaí atá ann cheana a ghlacadh
- dul i ngleic le teip an mhargaidh
- an t-athrú a thiomáint ar mhúnlaí gnó
- dea-shampla ón earnáil phoiblí
- iarracht na saoránach agus an phobail a chothú
Chomh maith lenár gceistneoir comhairliúcháin a chomhlánú, ba mhaith linn bhur ndearcadh a chloisteáil, bunaithe ar fhianaise agus a bhfuil bunús cuimsitheach trasearnála leis faoi na hathruithe is riachtanach chun uaillmhian na hÉireann do 2030 agus 2050 a bhaint amach, i ndáil chomh maith le roghanna barrthábhachtacha córasacha.
Beidh an comhairliúchán seo ar oscailt go dtí 5.30pm an 18 Bealtaine 2021 agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an ardán comhairliúcháin atá againn. Sa chás go mbeadh sé deacair agat aighneacht a chur isteach ar líne, nó gur mhaith leat aighneacht a dhéanamh tríd an bpost, an ríomhphost nó trí mheán na Gaeilge, cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag CallforEvidence@decc.gov.ie
Tabhair do d’aire go bhfuil freagraí don chomhairliúchán seo faoi réir ag forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin maidir le Rochtain na Faisnéise faoi Chúrsaí Comhshaoil 2007-2014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Is féidir go bhfoilseoidh an Roinn ábhar gach aighneachta a gheofar ar a suíomh gréasáin, ach cuirfidh an Roinn folach ar gach uile shonra pearsanta roimh fhoilsiú. Agus freagra á chur ar an gcomhairliúchán seo, ba chóir do dtabharfadh páirtithe le fios má tá ina bhfreagra aon fhaisnéis phearsanta, faisnéis leochaileach ó thaobh na trádála de nó faisnéis rúnda arbh fhearr leo nach scaoilfí faoi FOI, AIE ná go bhfoilseofaí ar bhealach eile é.
Ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar Fhógra Príobháideachais na Roinne a mhíníonn conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid sin agus cad a dhéanaimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ansin chomh maith do chearta maidir le bailiú sonraí pearsanta agus conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú.