Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2023 agus Bearta Caomhnaithe do Shéasúr 2024.
- Foilsithe: 16 Samhain 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 16 Samhain 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 15 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2024
Consultation is closed
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhailiú maidir leis na dréacht-Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2023.
Cúlra
Tugann Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fógra reachtúil go bhfuil sé ar intinn aige na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2023, a dhéanamh chun socrú a dhéanamh maidir le bainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal ag Iascach Intíre Éireann ón 1 Eanáir 2024.
Tá cóip de na dréachtrialacháin ar fáil lena scrúdú ag a bpobal in oifigí na Roinne sa Chabhán. Tá na dréachtrialacháin ar fáil freisin le feiceáil nó le híoslódáil thuas.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5.30pm 15 Nollaig 2023 an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí
Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig IFDPublicConsultations@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2023
An Rannán um Chaomhnú Comhshaoil
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach an Leamháin
Bóthar Earlsvale
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Éire
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh de na Rialacháin.
Tá do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007-2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Folóimid (bainfimid) sonraí pearsanta roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon faisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sa fhreagra uait aon fhaisnéis nár mhaith leat go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi RFC ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. D'fhéadfadh a bheith san áireamh anseo:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis faoi rún
Léigh ár bhFógra Cosanta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, ina minítear:
- conas agus cén uair a bhailímid do shonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú