Scéim Éarlaise agus Aisíoca - Doiciméad Comhairliúcháin ar Chreat Reachtach
- Foilsithe: 1 Aibreán 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 1 Aibreán 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 7 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 19 Eanáir 2024
Consultation is closed
I gClár an Rialtais, leagtar amach tiomantas an Rialtais chun Scéim Éarlaise agus Aisíoca (SÉA) a thabhairt isteach do bhuidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanain. Sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach leagtar amach treochlár chun an scéim a sheachadadh faoi R3 2022. Seoladh an chéad chéim sa phróiseas i mí Dheireadh Fómhair 2020 nuair a d’iarramar ar an bpobal a dtuairim a thabhairt faoin gcineál SÉA a d’fhéadfadh oibriú i gcomhthéacs na hÉireann.
Is ionann an doiciméad seo agus an dara céim den phróiseas agus táimid ag lorg tuairimí ar an tsamhail is fearr agus ar an gcreat reachtach chun SÉA a sheachadadh. Tá sé bunaithe ar an gcéad bhabhta comhairliúcháin phoiblí agus ar an rannpháirtíocht ina dhiaidh sin leis na páirtithe leasmhara go léir a bhfuil baint acu leis an Scéim seo a sheachadadh. Sa doiciméad seo tugaimid breac-chuntas maidir le conas a d’fhéadfadh an scéim feidhmiú agus imlínítear ann creat reachtach féideartha le haghaidh SÉA in Éirinn.
Fáiltítear roimh gach freagra agus aighneacht agus cuirfear san áireamh iad i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na Scéime Éarlaise agus Aisíoca nua.
Is é 5.30pm ar 7 Bealtaine 2021 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí.
Ba cheart aighneachtaí a chur ar ríomhphost chuig: wastecomments@decc.gov.ie
Ós rud é go bhfuilimid ag obair go cianda, nílimid ag glacadh le haighneachtaí i gcóip chrua. Má tá deacracht leis sin áfach, déan teagmháil linn ar 087 244 9479 agus cinnteoimid go gcuirfear do chuid tuairimí san áireamh.
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do rannpháirtíocht le páirithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar gach aighneacht agus aiseolas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Scéim Éarlaise agus Aisíoca.
Tá freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 [SF], na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 [RFC] agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneachta a fhaightear ar an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a pháirtfholú sula bhfoilseofar iad. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise, RFC nó a fhoilsiú ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachais Sonraí na Roinne atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ina mínítear conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú faisnéis phearsanta agus conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú.