English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Téarmaí agus Coinníollacha don cheathrú comórtas ar talamh faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS 4)

Consultation is closed


Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin spriocdhírithe seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí faoi na Téarmaí agus Coinníollacha atá beartaithe do RESS 4, lena n-áirítear roinnt athruithe sonracha ar Théarmaí agus Coinníollacha RESS 3.

Téarmaí agus Coinníollacha don Cheathrú Comórtas faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite RESS 4
Amharc amharc

Cúlra

Leis an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), tugtar tacaíocht do thionscadail leictreachais in-athnuaite in Éirinn agus féachtar le giniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn. Tá RESS ar cheann amháin de na beartais shuaitheanta de chuid an Rialtais chun tacú leis an sprioc atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhlíonadh, is é sin gur le fuinneamh in-athnuaite a fhreastalófar ar 80% den éileamh ar leictreachas faoin mbliain 2030.

Chun an ghiniúint fuinnimh gaoithe agus gréine ar an eangach a mhéadú, táimid ag soláthar clár tráthrialta ceantanna faoi RESS, dá bhfuil RESS 4 ar an gceann is déanaí. Le gach scéim, cabhraítear linn ár gcuspóirí, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, a chomhlíonadh.


Conas aighneacht a dhéanamh

Cuireadh síneadh ama ar an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí go dtí 5.30pm an 28 Márta 2024

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig RESS4Consultation@DECC.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

An Comhairliúchán ar RESS 4

An Rannán um Leictreachas In-athnuaite

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29/31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath

D02 X285


Cosaint sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh de Théarmaí agus Coinníollacha RESS 4.

Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Déanfaidh an Roinn breithniú cúramach ar gach barúil agus moladh a gheofar agus foilseoidh sí freagra ar an gcomhairliúchán. Mar gheall ar an líon barúlacha a bhfuiltear ag súil leo agus ar éagsúlacht na mbarúlacha sin, níl sé ar intinn ag an Roinn freagra a thabhairt ar aon aighneachtaí aonair. Mar sin féin, grúpálfaidh sí na freagraí le chéile agus tabharfaidh sí freagra foriomlán ar gach topaic comhairliúcháin.

Cuirfimid sonraí pearsanta i bhfolach (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú