Cearta an Duine agus Comhionannas
- Foilsithe: 15 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 9 Meán Fómhair 2024
- Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
- Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú
- Tuarascálacha ar an mBearna Phá idir na hInscní
Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
Faoi alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, ceanglaítear ar chomhlacht poiblí le dlí:
- an t-idirdhealú a dhíchur
- comhionannas deiseanna agus córa dá fhoireann agus dá úsáideoirí seirbhíse a chur chun cinn
- cearta an duine atá ag a chomhaltaí, a fhoireann agus a úsáideoirí seirbhíse a chosaint
Léigh tuilleadh faoi conas atá an dualgas earnála poiblí um chomhionannas agus cearta an duine atá uirthi á chur chun feidhme ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú
Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú uaithi go hinmheánach i mí Iúil 2023. Tá an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta sin bunaithe ar an bhfís atá againn go mbeadh an roinn ina háit oibre chuimsitheach ina spreagtar gach duine a bheith ar a ndóigh féin, agus fios acu go nglacfar leo agus go gcaithfear go cothrom leo le dínit agus le meas.
Léigh tuilleadh faoi conas a oibríonn an Roinn chun comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chinntiú mar fhostóir agus mar chomhlacht poiblí.
Tuarascálacha ar an mBearna Phá idir na hInscní
Leis na Rialacháin fán Acht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní, 2021, ceanglaítear ar eagraíochtaí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu an bhearna phá san uair an chloig idir na hinscní ina n-eagraíocht a thuairisciú ar fud raon méadrachtaí.
Léigh na Tuarascálacha ar an mBearna Phá idir na hInscní ón Roinn seo