Bí Sábháilte Ar Líne
COVID-19
Tharraing paindéim COVID-19 aird ar an ról ríthábhachtach atá ag an Idirlíon inár ngnáthshaol laethúil. Is féidir linn ceangal le daoine muinteartha láithreach, is cuma cén áit a bhfuil siad ar domhan; is féidir le gnólachtaí rochtain a fháil ar mhargaí agus is féidir le baill foirne obair go cianda; agus tá raidhse faisnéise agus acmhainní ar fáil do mhic léinn ar bharra a méar acu.
Is ann do rioscaí sa domhan ar líne, áfach. Is ionann ‘Bí Sábháilte Ar Líne’ agus an feachtas atá ar bun ag an rialtas chun aird a tharraingt ar bhealaí chun cabhrú leat coinneáil sábháilte ar líne, go háirithe le linn phaindéim COVID-19.
Ar na leathanaigh seo, tairgtear rochtain ar raon leathan acmhainní sábháilteachta ar líne atá an-úsáideach don chuid mhór dínn atá ag obair ón mbaile.
Is ar fáil ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála atá comhairle úsáideach do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí maidir le hobair ón mbaile agus maidir le tionchair chibearshlándála COVID-19.
Is ar fáil ó Webwise atá raidhse acmhainní agus faisnéise do thuismitheoirí agus leanaí maidir le coinneáil sábháilte agus slán ar líne.
Is ar fáil ó Litearthacht sna Meáin, Éire, atá treoir maidir lena chinntiú go bhfuil nuacht agus faisnéis cruinn agus iontaofa.
Is ar fáil ó Éire Shláintiúil agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin atá acmhainní maidir le hiompraíocht shláintiúil ar líne chun ár bhfolláine a chosaint.
Is ionann ‘Bí Sábháilte Ar Líne’ agus an feachtas atá ar bun ag an rialtas chun aird a tharraingt ar bhealaí chun cabhrú leat coinneáil sábháilte ar líne.
Tugtar ar an leathanach Gréasáin seo rochtain ar raon leathan acmhainní Sábháilteachta Ar Líne, chun tacú le sábháilteacht ar líne do chách.
Cé go bhfuil ról tábhachtach ag an Rialtas ina leith sin, ní féidir leis aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar shaincheisteanna Sábháilteachta Ar Líne ina aonar.
Ní mór don tionscal, d’oideoirí, do thuismitheoirí, do leanaí agus do dhaoine óga a gcion féin a dhéanamh freisin.
.just ul{padding-left: 0px;}.just li{list-style: none; border-bottom: 1px solid #eee; margin-bottom: 10px;}.just h3{min-height: 60px;}.just h4{font-weight: bold; margin-top: 25px;}
BULAÍOCHT AR LÍNE
- Comhairle do thuismitheoirí
- Cibearbhulaíocht
- Déileáil le Cibearbhulaíocht
- Bulaíocht ar líne i scoileanna
- Dul i ngleic le bulaíocht
GNÉASTÉACSÁIL
PORNAGRAFAÍOCHT AR LÍNE
CLUICHÍOCHT AR LÍNE
GRÚMAEIREACHT/TEACHT I dTÍR GNÉASACH
LEIDEANNA DO THUISMITHEOIRÍ
ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ
LÍNTE CABHRACH
TUAIRISCIGH INNEACHAR NEAMHDHLEATHACH
GNÉASTÉACSTÁIL
TABHAIR AIRD AR DO MHEABHAIRSHLÁINTE
COSAIN DO SHONRAÍ PEARSANTA
PRÍOMHLEIDEANNA
LÍNTE CABHRACH
TUAIRISCIGH INNEACHAR NEAMHDHLEATHACH
COSAIN DO SHONRAÍ PEARSANTA
BÍ AIREACH AR CHALAOIS AR LÍNE
TABHAIR AIRD AR DO MHEABHAIRSHLÁINTE
TUAIRISCIGH INNEACHAR NEAMHDHLEATHACH
AIMSIGH ACMHAINNÍ BREISE ANSEO
- Líne Chabhrach na Leanaí - Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí (ISPCC)
- An Garda Síochána
- Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí
- Hotline.ie
- Spunout
- Webwise.ie
Doiciméid
-
Ó: An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ; Department of Education
- Foilsithe: 8 Iúil 2018
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2025