Úsáid Níos Lú – Comhairle
- Foilsithe: 20 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Má tá tú ag streachailt le do bhillí fuinnimh a íoc, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:
- Beart tosaigh riachtanach is ea teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí fuinnimh
- Ní dhícheanglófar thú má tá tú i mbun teagmhála le do sholáthraí. Tá sé tábhachtach go ndéanfá teagmháil leis ag céim luath, mar sin
- Tairgfidh soláthraithe plean aisíocaíochta ina gcuirfear san áireamh d’acmhainn chun íoc má tá aon fhiach tógtha suas agat
- Chomh maith leis sin, tá a lán soláthraithe cláraithe leis an gCód Energy Engage, rud a fhágann go mbeidh raon cosaintí agat a luaithe a théann tú i dteagmháil le do sholáthraí
- Tá seans ann go mbeidh ciste cruatain atá dírithe ar chustaiméirí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu i bhfeidhm ag do sholáthraí fuinnimh. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi sin a fháil ar shuíomh Gréasáin do sholáthraí
Soláthraithe | Uimhir Theagmhála | Suíomh Gréasáin |
Electric Ireland | 1800 504021 | electricireland.ie |
Bord Gáis Energy | 01 6110101 | bordgaisenergy.ie |
SSE Airtricity | 0818 812 220 | sseairtricity.com |
Energia | 0818 405 405 | energia.ie |
Prepay Power | 1800 911 977 | prepaypower.ie |
Flogas Ireland | 041 214 9500 | flogas.ie |
Pinergy | 0818 363 749 | pinergy.ie |
Yuno Energy | 1800 554488 | yunoenergy.ie |
Is féidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh clárú le do sholáthraí mar chustaiméir leochaileach. Dá mbeifeá in ann déanamh amhlaidh, bheadh cosaintí breise agat ar dhícheangal. Déan teagmháil le do sholáthraí chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Tá tuilleadh comhairle maidir le do chostais fuinnimh a bhainistiú ar fáil ó na heagraíochtaí seo a leanas:
- Chun comhairle agus faisnéis a fháil faoi do chearta mar thomhaltóir fuinnimh, déan teagmháil leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) ag cru.ie nó cuir glao ar 1800 404 404
- Má tá tú i riaráiste nó ag streachailt le fiachas fuinnimh, déan teagmháil le MABS (an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid) ag mabs.ie nó cuir glao ar 0818 07 2000 ó 9am go 8pm ó Luan go hAoine
- Má tá tú os cionn 60 bliain d’aois agus imníoch faoi do bhillí fuinnimh, déan teagmháil le ALONE Líne Náisiúnta Tacaíochta agus Atreorúcháin ag 0818 222 024 ó 8am go 8pm ó Luan go Domhnach chun raon tacaíochtaí agus cabhrach a fháil. Tabhair cuairt ar alone.ie