English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Úsáid Níos Lú – Tacaíochtaí

Is maith is eol don Rialtas na tionchair a bhíonn ag ardphraghsanna fuinnimh ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair agus ar ghnólachtaí, agus chuir sé tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun cabhrú leis an ualach a laghdú do gach duine.

  • Fógraíodh dhá chreidmheas leictreachais ab fhiú €125 an ceann (CBL san áireamh) i mBuiséad 2025. Bhí íocaíocht amháin le déanamh i dtimthriall billeála mhí na Samhna/mhí na Nollag 2024 agus bhí an íocaíocht eile le déanamh i dtimthriall billeála mhí Eanáir/mhí Feabhra 2025 agus rachaidh siad chun tairbhe do 2.3 milliún cuntas leictreachais baile, beagnach.
  • Tugadh trí Scéim Creidmheasa Leictreachais isteach ó bhí an bhliain 2022 ann, agus €1,250 in aghaidh an teaghlaigh faighte ag 2.2 milliún teaghlach. B’ionann costas na scéime agus thart ar €2.75 billiún.
  • Is é is Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise ann ná íocaíocht a bheidh ar fáil duit má tá caiteachais bhunriachtanacha agat nach féidir leat a íoc ó d’ioncam seachtainiúil. Is íocaíocht de réir tástáil acmhainne í sin agus is í Seirbhís Leasa Pobail na Roinne Coimirce Sóisialaí a riarann í. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ag Item was unpublished or removed.
  • Is é is an Liúntas Breosla ann ná íocaíocht chun cabhrú leis an gcostas atá i gceist leis an teaghais a théamh le linn mhíonna an gheimhridh. Is féidir leat an liúntas a éileamh má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine nó má tá tú ag fáil íocaíochtaí fadtéarmacha leasa shóisialaigh nó an liúntais cúramóra. Ó mhí Eanáir 2025 i leith, beidh daoine atá 66 bliana d’aois nó níos sine in ann leas a bhaint as an íocaíocht liúntais breosla. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag gov.ie/FuelAllowance.
  • Áiríodh le Buiséad 2025 Cnapshuim Liúntais Breosla €300 do na daoine sin atá incháilithe le haghaidh an liúntais breosla. Íocfar an chnapshuim sin le breis agus 387,000 teaghlach.
  • Cabhraíonn an Pacáiste Sochair Teaghlaigh le daoine a mbillí leictreachais agus gáis a íoc. Áirítear do cheadúnas teilifíse leis freisin. I gcás na ndaoine sin atá 70 bliain d’aois nó níos sine, ní sochar de réir tástáil acmhainne é agus ní gá go bhfuil siad ag fáil íocaíocht cháilitheach. Tá sé ar oscailt do dhaoine atá faoi bhun 70 bliain d’aois freisin ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir áirithe.
  • Tá an Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaostaar fáil chun cabhrú le daoine breacaosta atá ag cónaí i dteach a bhfuil drochbhail air a chinntiú go ndéanfaí na deisiúcháin nó na feabhsuithe is gá. Riarann údaráis áitiúla an scéim.
  • Tá uasghráduithe fuinnimh tí lánchistithe ar fáil d’úinéirí tí a fhaigheann íocaíochtaí leasa áirithe. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo: Uasghráduithe Fuinnimh Tí Lánchistithe agus Deontais – SEAI.
  • Is féidir le húinéirí tí suas le €75,000 a fháil ar iasacht ag rátaí ísle úis faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí de chuid an Rialtais.
  • Tá tuilleadh faisnéise faoi scéimeanna agus seirbhísí leasa shóisialaigh Rialtas na hÉireann ar fáil Item was unpublished or removed