English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Creat Beartais um Stóráil Leictreachais

Is é atá i gceist le stóráil leictreachais ná leictreachas a tháirgtear ag am amháin a ghabháil lena úsáid sa todhchaí. Beidh sí ina gné thábhachtach d’oibriú rathúil ár líonra leictreachais agus cuirfidh sí dlús leis an úsáid a bhainfimid as leictreachas in-athnuaite, agus leictreachas a bheidh níos saoire agus níos glaise á sholáthar don tomhaltóir. Tá stóráil leictreachais ar scála na heangaí ina cuid dhílis d’eangach leictreachais a sholáthar a bheidh in ann leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann le luas tapa chlár giniúna fuinnimh in-athnuaite na hÉireann agus a bheidh in ann tacú le fás earnálacha tionsclaíocha na hÉireann sa todhchaí.

Ar aon dul lenár ngealltanais sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, tá ríméad orainn an Creat Beartais um Stóráil Leictreachais d’Éirinn a fhoilsiú. Is é an creat beartais an chéad cheann dá chineál. Soiléirítear ann an ról tábhachtach a bhíonn ag an stóráil leictreachais in aistriú na hÉireann chuig córas atá faoi stiúir ag leictreachas, agus í ag tacú le spriocanna aeráide na hÉireann don bhliain 2030. Is féidir breathnú ar an gcreat beartais mar chéim aistir ar chonair na hÉireann i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha carbóin.

Tríd is tríd, tagraítear sa Chreat Beartais um Stóráil Leictreachais do stóráil leictreachais os comhair an mhéadair ar na róil, na próisis theicniúla, na suíomhanna ar an margadh agus na struchtúir rialála atá ag an stóráil leictreachais in Éirinn. Tugtar aghaidh leis an gcreat ar riachtanais láithreacha agus gharthéarmacha na heangaí trí thacú le stóráil leictreachais a chur ar áireamh ón am seo go dtí an bhliain 2040. Cuirtear i láthair ann deich ngníomh rialtais chun tacú le ról na gcóras stórála leictreachais in aistriú fuinnimh na hÉireann, agus na príomh-gheallsealbhóirí agus na hamlínte le haghaidh na ngníomhartha sin á sainaithint.

Mar chuid de phróiseas forbartha an chreata beartais, sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 'Comhairliúchán ar Chreat Beartais um Stóráil Leictreachais d’Éirinn' idir mí na Samhna 2022 agus mí Eanáir 2023. Fuarthas 68 bhfreagra ar an gcomhairliúchán. D'fhorbair Azorom athbhreithniú ar na freagraí, agus foilsíodh an t-athbhreithniú sin Item was unpublished or removed i mí na Bealtaine 2023. Bhí na freagraí ar an gcomhairliúchán ina gcuid shárluachmhar den phróiseas forbartha beartais.

An Creat Beartais um Stóráil Leictreachais d’Éirinn
Amharc amharc