English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Measúnú Náisiúnta Cibir-Riosca, 2022

Is é atá i dtuarascáil an Mheasúnaithe Náisiúnta Cibir-Riosca, 2022, ná an t-aschur críochnaitheach ón bpróiseas Measúnaithe Náisiúnta Riosca, a cuireadh i gcrích sna míonna deiridh den bhliain 2022 le cabhair ó ghrúpa stiúrtha a bhí comhdhéanta de bhaill de na comhlachtaí seo a leanas: an Garda Síochána, an Oifig Pleanála Éigeandála, Óglaigh na hÉireann, an tIonad Náisiúnta um Anailís Slándála, Banc Ceannais na hÉireann, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).

Scrúdaítear sa tuarascáil na cibir-rioscaí sistéamacha do sheirbhísí criticiúla an Stáit a eascraíonn as bagairtí éagsúla, amhail spiaireacht agus cibirionsaithe millteacha a dhéanann gníomhaithe náisiúnstáit agus coiriúla agus grúpaí haiceálaithe cúise. Is ann do thrí phríomh-mholadh sa tuarascáil chun an chibear-athléimneacht sa Stát a neartú a cuireadh ar áireamh i ngníomhartha, ag teacht sna sála ar an athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024:

1. Forálacha reachtacha a neartú chun a chinntiú go leabóidh oibritheoirí seirbhísí riachtanacha agus tábhachtacha, soláthraithe seirbhíse agus díoltóirí teicneolaíochta na bearta cuí cibearshlándála ina gcuid táirgí agus seirbhísí ó thús

2. Creat a fhorbairt chun rioscaí straitéiseacha spleáchais shlabhra an tsoláthair a bhainistiú le haghaidh seirbhísí criticiúla agus íogaire

3. Clár lárnach a bhunú de na heintitis riachtanacha agus thábhachtacha uile sa Stát

National Cyber Risk Assessment 2022
Amharc amharc