English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Plean Leathanbhanda Náisiúnta


Is é an Plean Leathanbhanda Náisiúnta (PLN) togra an rialtais chun seirbhísí leathanbhanda ardluais a sheachadadh chuig gach áitreabh in Éirinn. Déanfar é seo a sheachadadh trí infheistíocht fhiontar tráchtála i gcomhar le hidirghabháil an Stáit sna codanna sin den tír nach bhfuil aon phlean ag na cuideachtaí príobháideacha infheistiú iontu.

Áirítear i limistéar idirghabhála an Stáit:

  • 537,596 áitreabh
  • 1.1 milliún duine
  • Os cionn 54,000 feirmeacha
  • 44,000 gnó neamh-fheirme
  • 679 scoileanna

Is eochairghné de straitéis an rialtais thar raon de réimsí tábhachtacha é an PLN lena n-áirítear aeráid, talmhaíocht, oideachas, iompar, turasóireacht, fás inbhuanaithe, postanna agus sláinte.

Is bunphrionsabal den PLN é tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don infheistíocht tráchtála. Ó foilsíodh an PLN sa bhliain 2012, tá níos mó ná €2.75 billiún infheistithe ag an earnáil teileachumarsáide tráchtála. Caitheadh é seo go príomha ar na líonraí a thacaíonn le leathanbhanda ardluais agus seirbhísí soghluaiste teileachumarsáide a uasghrádú agus a nuachóiriú. Táthar ag súil le hinfheistíocht shuntasach bhreise sna blianta atá romhainn. Is féidir le os cionn 1.78 milliún nó 75% de na háitribh in Éirinn rochtain a fháil ar sheirbhísí tráchtála leathanbhanda ardluais faoi láthair.

Tá Rialtas na hÉireann ag tacú leis an bPLN le cinntiú nach bhfágfar aon duine in Éirinn ar leataobh. Is tionscadal criticiúil bonneagair é a chinnteoidh go mbeidh gach saoránach agus gnó, cibé áit ina bhfuil siad bunaithe, in ann dul chun cinn le chéile.

Chun tacú le pobail nasctha, sainaithníodh go bhfuil thart ar 300 Pointe Nasctha Leathanbhanda (PLN) le nascadh le leathanbhanda ardluais i mbliana, chun cabhrú le pobail rochtain phoiblí saor in aisce a fháil go tapa ar leathanbhanda ardluais roimh phríomh-imscaradh an PLN.

Chuir Covid-19 béim sa bhreis ar thábhacht an leathanbhanda chun daoine a choinneáil nasctha lena chéile, lena gcuid oibre, le hacmhainní oideachais, le riachtanais gnó, agus le seirbhísí siamsaíochta. Cuirfidh an PLN go mór leis an deighilt dhigiteach atá ann faoi láthair idir na pobail uirbeacha agus tuaithe in Éirinn a bhaint amach.


Scéal an PLN

D'fhonn an Plean Leathanbhanda Náisiúnta (PLN) a sheachadadh, d'eagraigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) próiseas dian soláthair chun cuideachta a roghnú le líonra leathanbhanda ardluais a thógáil, a oibriú agus a chothabháil. Rinneadh é seo le cinntiú go mbeidh seirbhís ag gach áitreabh sa Stát nach bhfuil seirbhís á soláthar dóibh ag oibritheoirí tráchtála agus nach bhfuil sé beartaithe acu í a sholáthar.

Leag an tairiscint rathúil, faoi cheannas Granahan McCourt, pleananna mionsonraithe amach faoin gcaoi a ndéanfaí an líonra a thógáil, a oibriú agus a chothabháil. Tar éis dianmheasúnú, bhí an Roinn sásta gur chomhlíon an togra na critéir riachtanacha go léir agus mbeadh sé in ann cuspóirí an PLN a sheachadadh. Ar an 19 Samhain 2019 shínigh an rialtas conradh don Phlean Leathanbhanda Náisiúnta.

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le próiseas soláthair an PLN a fháil anseo.


Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (LNÉ)

Tar éis don chonradh a bheith bronnta, rinne Granahan McCourt cuideachta nua cláraithe in Éirinn, Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (LNÉ) a chorprú chun an líonra a oibriú agus a chothabháil. Tá líonra nua snáithín leathanbhanda ardluais na hÉireann á dhearadh acu anois agus tá siad ag ullmhú lena oibriú sa limistéar idirghabhála. I measc na gcomhpháirtithe atá acu tá KN Group, Kelly Group agus Actavo. Tá an trealamh gníomhach go léir don tionscadal á sholáthar ag Nokia agus is é 4Site comhpháirtí dearaidh an líonra.

Tá an fhaisnéis is déanaí maidir le imlonnú an snáithín ardluais sa limistéar idirghabhála ar fáil ag www.nbi.ie


Cúnamh Stáit

D'fhaomh an Coimisiún Eorpach an Plean Leathanbhanda Náisiúnta i gcomhthéacs rialacha an AE um Chúnamh Stáit. D'eisigh an Coimisiún a chinneadh ar an 15 Samhain 2019. Tá leagan neamhrúnda dá chinneadh mionsonraithe foilsithe ag an gCoimisiún faoi uimhir cháis SA.54472. Is féidir an cinneadh iomlán a fheiceáil ar Cúnamh Stáit SA.54472 (2019/N) – Plean Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann.

De réir na rialacha trédhearcachta maidir le Cúnamh Stáit, amhail an 1 Iúil 2016, ceanglaítear ar Bhallstáit fógra a thabhairt ar thairbhithe poiblí faoi gach dámhachtain cúnaimh aonair os cionn €500,000. Rinneadh an Cháipéis Trédhearcachta ar Dhámhachtain Cúnaimh a nuashonrú ar Mhodúl Trédhearcacht Dámhachtaine ar an 9 Iúil 2020 leis an uimhir thagartha TM-10196357. Tá ainmneacha an údarás dámhachtana, na dtairbhithe aonair, foirm agus méid an chúnaimh a bronnadh ar gach tairbhí, dáta an bhronnta, an cineál gnó, an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe agus an phríomhearnáil eacnamaíoch ina bhfuil a ghníomhaíochtaí ag an tairbhí áirithe ann.


Rialachas agus Comhlíonadh an Tionscadail

Is í an Roinn Chomhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) atá ag bainistiú an rialachas conartha mar údarás conarthach. Tá croí-fhoireann ag an Roinn le tacaíocht ó shainseirbhísí seachtracha le bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar an gConradh PLN. Tá seirbhísí teicniúla, tráchtála, comhairleacha, próiseas gnó agus dlí ina measc.

Tá struchtúr láidir rialachais curtha ar bun laistigh den Roinn chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh conartha ar fud sruthanna oibre teicniúla, rialachais, comhlíonta, airgeadais, tráchtála agus cur chun feidhme tionscadal agus tá Foireann Bainistíochta Sinsearach an PLN áirithe ann. Chomh maith leis sin, tá na Grúpaí Idirbheartaíochta Roinne/LNÉ seo a leanas bunaithe:

  • Bord Teagmhála Conarthaí
  • Grúpa Forghníomhaithe an Chláir
  • Grúpa Géilliúntais agus Rialachais
  • Grúpa Tógála Líonra
  • Grúpa Feidhmíochta Airgeadais
  • Grúpa Feidhmíochta Oibriúcháin
  • Grúpa Oibre Cumarsáide
  • Grúpa Forfheidhmithe an Phointe Nasctha Leathanbhanda (PNL)

D'fhonn infheistíocht an Stáit a chosaint agus a chinntiú go mbaintear amach clocha míle agus insoláthraithe, dearadh an conradh le cosaintí leitheadacha, seiceálacha cáilíochta agus dualgais tuairisceoireachta agus monatóireachta a chur san áireamh.

Áirítear sa tacar cuimsitheach cosaintí agus dualgais atá ina gceagal dlí atá leagtha amach sa chonradh:

  • tacar de tháirgí leathanbhanda le freastal ar úsáideoirí cónaithe agus gnó araon
  • sonraíochtaí teicniúla íosta na seirbhíse leathanbhanda nach mór a sheachadadh
  • rialuithe mionsonraithe mórdhíola táirge agus praghais le haghaidh athruithe sa todhchaí
  • tacar de phríomhtháscairí feidhmíochta le cinntiú go ndéanfar cothabháil cheart ar an tseirbhís
  • pionóis shuntasacha le tabhairt faoi easpa feidhmíochta
  • socruithe substaintiúla maoirseoireachta le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn, ar chostais agus ar ghlacadh na seirbhíse.
  • ceangaltais leitheadacha míosúla, ráithiúla agus bliantúla tuairisceoireachta ag LNÉ
  • athbhreithnithe móra seicphointí ag céimeanna éagsúla den tionscadal
  • nascáil íocaíochtaí le LNÉ le clocha míle ar nós áitribh ceadaithe agus áitribh nasctha a bheith críochnaithe agus fíoraithe
  • forálacha substaintiúla le fóirdheontas a éileamh ar ais (a aisghlámadh) ó LNÉ má dhéantar sábháil nó má ghintear ioncam sa bhreis
  • Bord neamhspleách a bheidh freagrach as oibriúcháin agus bainistíocht LNÉ ó lá go lá, agus é de cheangal ar an mBord tuairisciú go rialta don Aire
  • Ceapaí an Aire chuig Bord LNÉ
  • Iniúchóireacht Neamhspleách ar chuntais LNÉ

Éilítear ar LNÉ tuarascálacha rialta, mionsonraithe a sholáthar thar réimse limistéar. Beidh nuashonruithe rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh leis an PLN a sheachadadh á bhfoilsiú an suíomh gréasáin seo ag an Roinn (RCAC).


Léarscáil Idirghníomhach Leathanbhanda

Taispeántar ar an Léarscáil Idirghníomhach Leathanbhanda na limistéir sa Stát atá áirithe sa Phlean Leathanbhanda Náisiúnta (PLN) chomh maith le limistéir a bhfuil oibritheoirí tráchtála ag díriú orthu. Tá códú dathanna ar an Léarscáil agus is féidir é a chuardach le seoladh agus Éirchód.


Rolladh Amach Leathanbhanda Ardluais

Is é an Plean Leathanbhanda Náisiúnta (PLN) an tionscadal bonneagar is mó faoi tuath in Éirinn ó leictriú na tuaithe, agus clúdaíonn sé 96% de mhórchríoch na hÉireann. Tabharfaidh sé leathanbhanda ardluais chuig 23% de dhaonra na hÉireann (69% de líon iomlán na bhfeirmeacha) thar tréimhse seacht mbliana). Táthar ag súil go mbeidh 140,000km san iomlán de chábla snáithín agus os cionn 1.5 milliún cuaille sa líonra ó líonraí ar fud na tíre le os cionn 15,000 ciliméadar de líonraí duchta faoi thalamh le haghaidh cáblaí snáithín.

Nuair is féidir, úsáidfear línte lasnairde agus cuaillí atá ann cheana chun na cáblaí snáithín a leagadh/a chrochadh. Is cur chuige inbhuanaithe é seo a shábhálann am agus airgead mar nach mbeidh tógáil nua i gceist ach le haghaidh 12% den tionscadal.

Iompraíonn an snáithín sonraí i bhfoirm gutha, físe, ceoil, agus gach cineál eile sonraí ó áit go háit. Cé gur úsáideadh copar roimhe seo le líonraí cumarsáide a thógáil, is iad na cáblaí snáithín optacha an rogha is fearr atá ann anois. Tá siad comhdhéanta de burlaí de shnáitheanna gloine shilice an-mhín atá brataithe le hábhair chosanta chun iad a dhéanamh láidir agus oiriúnach le cur i nduchtanna faoi thalamh nó ar chuaillí.

Bunaítear líonraí nua ar nós PLN ar snáithíní optacha mar go gcinnteoidh sé sin go seasfaidh an líonra an aimsir. Tá an cábla snáithín optach chomh héifeachtúil sin mar gheall ar a chumas chun méideanna ollmhóra sonraí a iompar thar achair fhada.

Cad atá i gceist le pobail a nascadh?

Is í an chéad chéim in imlonnú snáithín suirbhé a dhéanamh le riocht na bpollaí agus na nducht atá ann cheana a dheimhniú agus a bhreithniú an bhfuil aon deisiúcháin ag teastáil. Le seo a dhéanamh siúlann foirne feadh bhealach an snáithín agus déanann siad cigireacht fhisiceach ar gach polla agus ducht chomh maith le mionfhaisnéis a bhailiú faoi choinníollacha sonracha áitiúla. Fothaítear an fhaisnéis seo ar ais chuig na foirne dearaidh ansin ionas gur féidir dearthaí mionsonraithe a chríochnú do gach limistéar.

Tar éis suirbhéanna agus forbairt dearadh mionsonraithe a chur i gcrích tá roinnt céimeanna ag teastáil i ngach limistéar imlonnaithe chun an líonra leathanbhanda ardluais nua a rolladh amach lena n-áirítear:

  • aon gníomhaíochtaí deisiúcháin/ ullmhúcháin atá ag teastáil le cinntiú go bhfuil an bonneagar oiriúnach le cáblaí a leagan/ a chrochadh
  • trealamh leictreonach a shuiteáil le gach foirgneamh malartáin
  • soláthróirí seirbhísí miondíola a thabhairt ar bord agus córais TF a fhorbairt sa LNÉ le ceadú d'oibritheoirí orduithe a chur isteach agus nascadh a sceidealú srl.
  • snáithín fisiceach a leagadh feadh na bpollaí agus na nduchtanna.
  • ar ordú a fháil ó chustaiméar, an ceangal deiridh go dtí an t-áitreabh a ghníomhachtú.

Tá a gcuid foirne agus conraitheoirí slógtha ag LNÉ agus tá siad ag méadú a gcumas chun an tionscadal a sheachadadh, mar a bhí ag lár mhí an Mheithimh 2020, bhí suirbhé déanta ar 30,000 áitreabh ar fud na hÉireann.

Beidh áitribh ceadaithe i ngach contae sa chéad dhá bhliain agus beidh rochtain ar leathanbhanda ardluais ag os cionn 90% d'áitribh an Stáit laistigh de cheithre bliana. Beidh seirbhís leathanbhanda ardluais le híosluas íoslódála de 150Mbps á thairiscint ag líonra PLN. Faoi dheireadh na bliana seo chugainn, tá sé beartaithe ag ag LNÉ timpeall 115,000 áitreabh a cheadú, le 70,000 - 100,000 ceadaithe gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go mbíonn an rolladh amach críochnaithe.

In 2012, bhí rochtain ar leathanbhanda ardluais ag 30% d'áitribh na hÉireann. Tá a líon ag 77% anois (os cionn 1/8 milliún de na háitribh go léir) agus táthar á thuar go mbeidh sé ag 95% trí sheachadadh an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta.


Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNL)

Tá an rialtas ag iarraidh leathanbhanda ardluais a rolladh amach chomh tapa agus is féidir agus tá sé i mbun nasc luath le leathanbhanda ardluais a chinntiú i láithreacha lárnacha i bpobail tuaithe. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) ag obair leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) chun leathanbhanda ardluais a sheachadadh do BCPanna sonracha ar fud na tíre. Beidh na láithreacha seo ceangailte le leathanbhanda ardluais i mBliain a hAon d’imlonnú idirghabhála Stáit an PLN agus iad ag fanacht go sroichfidh an t-imlonnú níos leithne a gceantar.

Chun tacú le cianobair agus pobail cheangailte, tá thart ar 300 BCP ar fud na tíre sainaitheanta le bheith ceangailte le leathanbhanda ardluais ag Údaráis Áitiúla. Déanfaidh na BCP in áiteanna sainaitheanta poiblí an nasc leathanbhanda ardluais a ghiaráil le réimse tograí, ag soláthar Wi-Fi poiblí saor in aisce mar shampla. Beidh deasca sealaíochta ag cuid acu chomh maith, agus beidh cuid acu ina n-ionaid gnó mol digiteacha mar a n-eagrófar imeachtaí faisnéise agus tacaí eile FBM.

Tá an tionscadal seachadta BCP tosaithe go maith agus an obair theicniúil tosaigh ag dul ar aghaidh ar fud na hÉireann le nascthacht a éascú go luath. Sula bhfaighidh tithe agus gnóthais leathanbhanda profa don todhchaí go díreach chuig a ndoras, soláthróidh na BCPanna rochtain idirlín ardluais ríthábhachtach ag láithreacha laistigh den Limistéar idirghabhála.

Tá suíomhanna BCP faoi réir athraithe agus tá láithreacha malartacha á gcur in ionad roinnt áitribh a sainaithníodh i dtosach. Tá na BCPanna eile fós ar bhealach a seachadadh agus beidh suíomhanna ar fáil do phobail sa dara leath de 2020.

Pointí Nasctha Leathanbhanda Scoileanna

Beidh 679 bunscoileanna nasctha le leathanbhanda faoi dheireadh 2022 agus luas á chur faoi rollú amach an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta. Beidh na ceangail seo suiteáilte i bhfad níos luaithe ná an dáta críochnaithe bunaidh in 2026.

Cinnteoidh BCP a sheachadfar faoin bPlean Leathanbhanda Náisiúnta go mbeidh daltaí bunscoile faoin tuath in Éirinn in ann páirt iomlán a ghlacadh sa réabhlóid dhigiteach atá ag tarlú. Soláthróidh BCP i láthair scoile nascacht do dhaltaí agus múinteoirí agus beidh sé mar bhonn do Creat Foghlama Digiteach do Scoileanna.

Iarracht chomhoibritheach is ea tionscnamh BCP ina bhfuil an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn Oideachais, Údaráis Áitiúla agus úinéirí agus bainisteoirí láithreáin BCP rannpháirteach.

Tá dhá chineál BCP ann, saoráidí pobail don rochtain phoiblí agus bunscoileanna don rochtain oideachasúil. Tá liosta iomlán BCP ar fáil ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (LNÉ).

Beimid ag obair leis an Roinn Oideachais le tosaíocht a thabhairt do cheangal na scoileanna sa dá bhliain seo chugainn mar chuid de luasghéarú an PLN.