An Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat le haghaidh Gaoth Amach ón gCósta de Chéim a Dó
- Foilsithe: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2023
Ar aon dul le huaillmhianta méadaithe na hÉireann ó thaobh na haeráide agus an fhuinnimh de, cuirtear ar áireamh i gClár an Rialtais an cuspóir go suiteálfaí 5 GW de ghiniúint fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030. Rannchuideoidh an sprioc sin leis na mórchuspóirí Rialtais arb é atá ann 80% de leictreachas a sholáthar ó fhoinsí in-athnuaite agus laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide seo.
Táthar ag súil leis go mbainfear cuid mhór den sprioc 5 GW amach trí Chéim a hAon d’fhorbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn, a n-áirítear léi an chéad cheant le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite – ORESS 1. Sheol EirGrid an ceant sin i mí na Nollag 2022 agus cuirfear i gcrích é faoi mhí an Mheithimh 2023. Ós rud é gurb ionann toilleadh comhcheangailte thionscadail Chéim a hAon agus thart ar 4.4 GW agus go bhfuil seans ann go dteipfidh ar roinnt de thionscadail Chéim a hAon bealach chun margaidh nó toiliú forbartha a fháil, beidh tuilleadh tionscadal amach ón gcósta ag teastáil chun 5 GW a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide seo. Gairfear Céim a Dó den aistriú sin ó Chéim a hAon chuig an gcóras marthanach fadtéarmach amach ón gcósta. D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an creat agus beartas nua le haghaidh Chéim a Dó, rud ar cheadaigh an Rialtas é an 7 Márta 2023. Leis an gcreat, tabharfar soiléire do gach geallsealbhóir maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt de réir mar a aistríonn Éire chuig córas pleantreoraithe marthanach amach ón gcósta.
Áirítear na príomhphointí seo a leanas le beartas Chéim a Dó:
- Maidir le himscaradh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi Chéim a Dó, déanfar é trí chlár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus soláthrófar leis an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun an sprioc de chuid an Rialtais go soláthrófaí 5 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030 a bhaint amach
- Leanfar de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de Chéim a Dó a sholáthar tríd an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), áit a gcinnfear méid, rialtacht agus práinne na gceantanna a theastaíonn chun an sprioc 5 GW a bhaint amach de réir shrianta na heangaí ar talamh, de réir srianta spásúla muirí agus de réir an toraidh ar Chéim a hAon. Seolfar an chéad cheant faoi Chéim a Dó – ORESS 2 – faoi dheireadh na bliana 2023
- Le ORESS 2, agus le haon cheantanna ina dhiaidh sin faoi Chéim a Dó, soláthrófar go heisiach méid socraithe toillte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta lena fhorbairt laistigh de Limistéir Ainmnithe aonair le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, a ainmneofar de réir forálacha reachtacha le haghaidh Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí. Le linn an phróisis um Limistéir Ainmnithe le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta a fhorbairt, beidh deiseanna ann le haghaidh rannpháirtíocht an phobail agus le haghaidh comhairliúchán poiblí agus éileofar measúnachtaí reachtúla timpeallachta. Maidir le suíomh na Limistéar Ainmnithe le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta do Chéim a Dó, beidh sé ag teacht go geografach leis an toilleadh eangaí ar talamh atá ar fáil, de bhreis ar é a bheith bunaithe ar bhreithniúcháin chomhshaoil amhail láithreáin Eorpacha agus Limistéir Mhuirí faoi Chosaint
- Shainaithin EirGrid toilleadh eangaí ar talamh atá ar fáil faoi láthair le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nascadh tuilleadh atá cothrom le 700 MW san iomlán amach ón Chósta Theas na hÉireann. Tá sé beartaithe go roinnfear an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ina dhá nasc de thart ar 350 MW an ceann ag dhá láthair dhifriúla feadh an chósta theas. Tá sé beartaithe go mbeidh suíomh na nód nasctha ar talamh ag teacht go geografach leis an gcéad dá Limistéar Ainmnithe le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta. Rachaidh rannpháirtithe in ORESS 2 in iomaíocht lena chéile le haghaidh tacaíochtaí chun tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de 350 MW a fhorbairt laistigh de gach ceann de na Limistéir sin nó chun tionscadal 700 MW a fhorbairt laistigh de Limistéar Ainmnithe amháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
- Maidir le suíomh na Limistéar Ainmnithe le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ina dhiaidh sin de Chéim a Dó agus le suíomh na gceantanna ina dhiaidh sin faoi Chéim a Dó de ORESS, cinnfear iad de réir na fála ar thoilleadh breise eangaí ar talamh a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás go dteipfeadh ar thionscadail de Chéim a hAon bealach chun margaidh nó toiliú pleanála a fháil. Chun amhras a sheachaint, féachfar go heisiach i ngach ceant faoi Chéim a Dó le toilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bheidh lonnaithe laistigh de Limistéir Ainmnithe le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta a sholáthar, lena n-áirítear ceantanna féideartha breise sa todhchaí ar an gCósta Thoir nó ar an gCósta Thiar i gcás go sainaithneodh EirGrid toilleadh breise eangaí tar éis Céim a hAon a chur i gcrích
- Níos faide anonn ná Céim a Dó agus an cuspóir 5 GW, ghabh an Rialtas air féin freisin céim nua a thabhairt isteach – Céim a Trí – lena spriocdhíreofar ar mhéid tosaigh 2 GW de thoilleadh snámhach fuinnimh gaoithe amach ón gCósta amach ón gCósta Theas agus ón gCósta Thiar. Táthar ag súil leis go mbeifear ag forbairt na dtionscadal sin faoin mbliain 2030 agus is féidir go n-áireofar leo tionscadail a bheidh ar fáil le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise agus le haghaidh úsáidí neamheangaí eile