An Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS) - Sceideal de Cheantanna Amach Anseo
- Foilsithe: 22 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Aibreán 2023
Ceanglaítear ar Éirinn sceideal de cheantanna amach anseo faoin scéim tacaíochta leictreachais inathnuaite a fhoilsiú go tráthrialta mar chuid den dara Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, ar Treoir í a trasuíodh le I.R. Uimh. 365 de 2020.
Tugtar sa doiciméad thíos sceideal beartaithe de na ceantanna a sheolfar faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite thar an gcéad trí bliana eile. Tá na méideanna táscacha bunaithe ar na méideanna giniúna fuinnimh inathnuaite a mheastar a bheith riachtanach chun an sprioc atá ag Éirinn don bhliain 2030 a chomhlíonadh, is é sin gur le foinsí fuinnimh inathnuaite a fhreastalófar ar 80% den sciar den éileamh ar leictreachas.
Cé go bhfuil na méideanna agus na dátaí do na ceantanna táscach agus faoi réir athrú, go háirithe i ndáil le forbairtí ó thaobh soláthair de agus ó thaobh éilimh de araon, is comhartha tábhachtach é seo maidir leis an bpíblíne fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus maidir le cinnteacht a thabhairt d’infheisteoirí.
Déanfar amchláir mhionsonraithe a fhorbairt agus a fhoilsiú nuair a bheidh gach ceant aonair á fhorbairt.