English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Straitéis Fhadtéarmach maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú

Leagtar amach i Straitéis Fhadtéarmach reatha na hÉireann maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú conairí táscacha, tar éis 2030, i dtreo neodracht charbóin a bhaint amach d'Éirinn faoi 2050.

Tógann an Straitéis ar na conairí dícharbónaithe atá leagtha síos sna buiséid charbóin, sna huasteorainneacha astaíochtaí earnála agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, chun polasaí aeráide comhleanúnach agus éifeachtach a chinntiú. Tá anailís ar roghanna aistrithe ar fud gach príomh-earnála den gheilleagar mar bhonn agus taca leis agus soláthraíonn sé nasc ríthábhachtach idir spriocanna aeráide 2030 na hÉireann agus an sprioc fhadtéarmach atá leagtha síos ag Cuspóir Náisiúnta Aeráide na hÉireann agus ag Dlí Aeráide na hEorpa.

Cumhdaítear an méid seo a leanas sa Straitéis, a bhfuil peirspeictíocht 30 bliain ar a laghad ag baint léi:

  • iomlán na laghduithe ar astaíocht antrapaigineach gás ceaptha teasa agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte
  • laghduithe ar astaíochtaí agus feabhsuithe ar aistrithe in earnálacha aonair lena n-áirítear leictreachas, tionsclaíocht, iompar, an earnáil téimh agus fuaraithe agus foirgníochta (idir chónaithe agus threasach), talmhaíocht, dramhaíl, talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF)
  • an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis chuig geilleagar ina mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa lena n-áirítear déine na ngás ceaptha teasa, déine CO2 na holltáirgeachta intíre, meastacháin ghaolmhara ar infheistíocht fhadtéarmach, agus straitéisí do thaighde, d'fhorbairt agus do nuálaíocht ghaolmhar
  • tionchar socheacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta dícharbónaithe lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le forbairt mhaicreacnamaíoch agus shóisialta, rioscaí agus tairbhí sláinte agus cosaint an chomhshaoil
  • naisc le cuspóirí náisiúnta fadtéarmacha eile, pleanáil agus beartais agus bearta eile, agus infheistíocht

Múnlaíodh an straitéis reatha trí ionchur tras-rannach agus freagraí a fuarthas ó raon leathan páirtithe leasmhara chuig comhairliúchán poiblí in 2019 atá fós an-ábhartha sa chomhthéacs polasaí reatha. Tá doiciméad achoimre ina leagtar amach na 26 cheist comhairliúcháin agus na 409 bhfreagra a fuarthas ar fáil thíos (i mBéarla amháin)

Straitéis Fhadtéarmach na hÉireann maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú 2024
Amharc amharc
Comhairliúchán Poiblí ar Straitéis Fhadtéarmach reatha na hÉireann maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdúm - Achoimre ar Aighneachtaí
Amharc amharc