English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Straitéis Náisiúnta Hidrigine

Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Hidrigine an fhís straitéiseach maidir leis an ról a imreoidh hidrigin i gcóras fuinnimh na hÉireann, agus aird á tabhairt ar a ról fadtéarmach mar chomhpháirt thábhachtach de gheilleagar atá saor ó charbón. Leagtar amach inti freisin na gníomhartha gearrthéarmacha is gá a sholáthar sna blianta atá le teacht chun forbairt na hearnála hidrigine in Éirinn a chumasú.

Tá an Straitéis á forbairt ar thrí chúis phríomha:

1. Ár ngeilleagar a dhícharbónú, rud a dhéanfar trí réiteach a sholáthar d’earnálacha atá doiligh le dícharbónú agus nach bhfuil leictriú indéanta nó cost-éifeachtúil iontu

2. Ár slándáil fuinnimh a bhreisiú, rud a dhéanfar trí bhreosla inathnuaite dúchasach atá saor ó charbón a fhorbairt, ar breosla é ar féidir leis a bheith ina rogha eile don 77% dár gcóras fuinnimh a bhraitheann ar allmhairí breoslaí iontaise sa lá atá inniu ann

3. Deiseanna tionsclaíocha a fhorbairt, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh trí mhargaí onnmhairiúcháin a fhorbairt le haghaidh hidrigin inathnuaite agus le haghaidh réimsí eile amhail Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe

Breithnítear sa Straitéis riachtanais an tslabhra luacha hidrigine ar fad, lena n-áirítear táirgeadh, úsáidí deiridh, iompar agus stóráil, sábháilteacht, rialáil, margaí, nuálaíocht, agus scileanna.

Leagtar amach inti freisin go ndíreoidh Éire ar mhéadú agus táirgeadh na hidrigine “glaise” inathnuaite toisc go dtacaíonn sí lenár riachtanais dícharbónaithe agus lenár riachtanais slándála fuinnimh araon, i bhfianaise ár n-acmhainní inathnuaite dúchasacha ollmhóra. Is é is hidrigin inathnuaite ann ná breosla inathnuaite atá saor ó charbón agus ar féidir leis ról ríthábhachtach a imirt in earnálacha dár ngeilleagar atá “doiligh le dícharbónú”, áit nach bhfuil réitigh eile amhail leictriú díreach ina réitigh indéanta nó chost-éifeachtúla.

Samhlaítear go n-imreoidh hidrigin inathnuaite ról tábhachtach sna blianta atá le teacht mar fhoinse astaíochtaí nialasacha leictreachais sholúbtha inseolta, i stóráil fhadtréimhseach fuinnimh inathnuaite, i bpróisis thionsclaíocha a dhícharbónú, agus mar bhreosla iompair in earnálacha amhail an earnáil iompair earraí troma, an earnáil mhuirí agus an earnáil eitlíochta. Sa Straitéis, tabharfar soiléire do gheallsealbhóirí maidir le conas a mheasaimid go ndéanfaidh an geilleagar hidrigine forbairt agus uas-scálú sna blianta móra atá le teacht ar fud an tslabhra luacha ar fad.

An Straitéis Náisiúnta Hidrigine
Amharc amharc