English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Straitéis Náisiúnta um Aer Glan

Bunriachtanas le haghaidh ár gcáilíochta beatha is ea aer glan. Cé go bhfuil feabhsuithe suntasacha tagtha ar aercháilíocht in Éirinn le blianta móra anuas, bíonn aerthruailliú ag déanamh damáiste dár sláinte agus dár gcomhshaol araon fós. Teastaíonn gealltanas uile-Rialtais chun an cuspóir sin a bhaint amach toisc nach mbeifear in ann é a réadú ach amháin trínár n-iarrachtaí comhchoiteanna. Beidh dea-chomhthairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha ag gabháil leis na hathruithe a theastaíonn. Áirítear leo sin aer níos glaine, tithe níos teo, sláinte níos fearr agus carbón níos ísle, de réir mar a aistrítear i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe don fhadtéarma.

Is é an Straitéis um Aer Glan an creat beartais straitéiseach ardleibhéil a theastaíonn chun na bearta comhtháite a shainaithint agus a chur chun feidhme ar fud bheartais an rialtais, ar bearta iad a theastaíonn chun aerthruailliú a laghdú agus aer comhthimpeallach níos glaine a chur chun cinn, agus mórchuspóirí náisiúnta á gcomhlíonadh ag an am céanna. Tugtar breac-chuntas inti ar conas a dhéanfaimid cáilíocht an aeir a análaímid isteach a bhreisiú agus a chosaint agus conas a bhainfimid amach na tairbhí iomlána comhshaoil agus sláinte a ghabhann le haer níos glaine.

Is iad seo aidhmeanna na bpríomhchreataí straitéiseacha sin:

  • Na spriocanna agus na teorainneacha cuí a shocrú chun feabhsuithe leanúnacha ar aercháilíocht a chinntiú ar fud na tíre chun tairbhí sláinte a sholáthar do gach duine
  • A chinntiú go gcomhtháthófar tosca aeir ghlain isteach i bhforbairt beartais ar fud an Rialtais
  • Cur leis an mbonn fianaise a chabhróidh linn leanúint ar aghaidh ag forbairt ár dtuisceana ar na foinsí truaillithe agus ar a dtionchair ar an tsláinte, chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos éifeachtaí
  • An rialáil a theastaíonn chun feabhsuithe a sholáthar ar fud gach truailleáin a bhreisiú
  • Feabhas a chur ar éifeachtacht ár gcóras forfheidhmiúcháin
  • Feasacht ar a thábhachtaí atá aer glan, agus ar na naisc idir aer níos glaine agus sláinte níos fearr, a chur chun cinn agus a mhéadú
  • Na bearta beartais breise spriocdhírithe/sonracha a fhorbairt de réir mar is gá chun déileáil le saincheisteanna aercháilíochta náisiúnta nó áitiúla

Tá foilsiú na Straitéise ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí a cuireadh ar siúl sa bhliain 2022, agus cuireadh ar áireamh sa doiciméad deiridh roinnt moltaí a rinneadh in aighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin.

Cuirfear tús lom láithreach leis an Straitéis a chur chun feidhme, agus foilseofar tuarascálacha gach bliain ar an dul chun cinn ar an Straitéis a sholáthar.

Straitéis um Aer Glan d'Éirinn
Amharc amharc