English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Straitéis um Nascacht Dhigiteach

Leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach, tabharfar d’earnálacha difriúla an nascacht a theastaíonn chun gur féidir leo leas iomlán a bhaint as na deiseanna digiteacha atá ar fáil ina réimse faoi seach. Cabhróidh sí lena chinntiú go mbeidh an Stát ar thús cadhnaíochta forbairtí digiteacha Eorpacha agus domhanda, mar atá beartaithe aige.

Is é cuspóir na Straitéise seo um Nascacht Dhigiteach ná breac-chuntas a thabhairt ar na spriocanna a bhainfidh an earnáil teileachumarsáide amach maidir le nascacht dhigiteach a sholáthar ar fud an Stáit agus sainaithint a dhéanamh ar na príomhchumasóirí a chuirfear chun feidhme chun a chinntiú go gcomhlíonfar na spriocanna sin.

Bainfear an Straitéis seo um Nascacht Dhigiteach amach bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

  • Spreagfaimid infheistíocht tráchtála i réitigh atá fuinneamhéifeachtúil agus in ionracas agus slándáil líonra agus tacóimid le nuachóiriú na líonraí atá ann cheana agus leis an aistriú chuig líonraí Gigighiotáin agus 5G agus éascóimid an nuachóiriú agus an t-aistriú sin
  • Cinnteoimid go dtarlóidh sé, trínár gcreat rialála, go spreagfar infheistíocht, go gcuirfear iomaíocht bonneagair chun cinn agus go dtacófar le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn
  • Nuair is cuí, déanfaimid idirghabháil i gcás go dteipfidh ar an margadh seirbhísí a sholáthar nó i gcás nach bhfreastalóidh uainiú an tsoláthair réamh-mheasta tráchtála ar riachtanais an Stáit agus
  • Cuirfimid glacadh teicneolaíochtaí digiteacha chun cinn trí thacaíocht a thabhairt do threoirthionscnaimh agus trí chláir a bhfuil mar aidhm leo taighde agus nuálaíocht a fhorbairt sa réimse

Tá sé beartaithe gur straitéis dhinimiciúil a bheidh sa Straitéis seo um Nascacht Dhigiteach agus go ndéanfar í a fhorbairt agus a athrú chun dáta, de réir mar is cuí. Tiocfaidh cumasóirí straitéiseacha nua chun cinn de réir mar a mhéadaíonn an t-éileamh ar sheirbhísí nua, mar a fhorbraíonn an margadh, mar a dhéantar dul chun cinn teicneolaíochta agus mar a bhraitear mórthionchair shocheacnamaíocha. Dá bhrí sin, déanfar an Straitéis seo a athbhreithniú agus a athrú chun dáta ar bhonn tráthrialta.

An Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn
Amharc amharc