English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Tionscnamh ‘Úsáid Níos Lú’ san Earnáil Phoiblí

Mar chuid den fheachtas ‘Úsáid Níos Lú’, tá an earnáil phoiblí ag déanamh iarracht chomhbheartaithe a bheith ina heiseamláir tríd an méid fuinnimh a úsáideann sí a laghdú.

Thar gheimhreadh na bliana 2022/2023, chuir an Rialtas de cheangal ar na comhlachtaí poiblí uile gabháil orthu féin a n-úsáid fuinnimh ar fud a n-oibríochtaí uile a laghdú faoi mhéid idir 5% agus 10%, agus a n-úsáid fuinnimh ina bhfoirgnimh a laghdú faoi suas le 15%.

D’fhorbair Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) feachtas feasachta fuinnimh foirne ar fud eagraíochtaí poiblí chun na spriocanna coigilte fuinnimh sin a bhaint amach.

Dírítear sa Tionscnamh ar dhul i mbun gnímh sa ghearrthéarma, agus bearta á gcur chun feidhme lena gcuirfear eagraíochtaí earnála poiblí ar chonair i dtreo a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus a spriocanna dícharbónaithe don bhliain 2030 a bhaint amach.

Féach anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Tionscnamh ‘Úsáid Níos Lú’ san earnáil phoiblí.