English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athchúrsáil do chuid stuif

Cuid thábhachtach de shaol ciorclach a mhaireachtáil is ea dramhaíl a choinneáil ar shiúl ó líonadh talún nó ó loscadh agus, tar éis dramhaíl a chosc agus do chuid stuif a athúsáid a oiread agus is féidir, tá athchúrsáil ar cheann de na dóigheanna is fearr ar féidir an méid sin a bhaint amach.

Tugadh le fios i sonraí a d’eisigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí gurbh amhlaidh a bhíothas in ann breis agus dhá thrian den dramhaíl ghinearálta in araidí teaghlaigh agus tráchtála a athchúrsáil.

An dóigh is fearr ar féidir a chinntiú gur féidir do chuid dramhaíola a athchúrsáil is ea í a scaradh chun go mbeidh sí glan, tirim agus scaoilte.

Is iad dramhbhia agus plaistigh na cineálacha dramhaíola is coitianta in araidí ginearálta teaghlaigh, agus is iad dramhbhia, páipéar agus plaistigh na cineálacha dramhaíola is coitianta in araidí tráchtála.

Araidí Donna

Ón 1 Eanáir 2024 i leith, beidh gach teaghlach sa Stát i dteideal araid dhonn a fháil óna mbailitheoir dramhaíola le haghaidh dramhbhia agus dramhaíl éadrom ghairdín.

Leis na hathruithe sin, tabharfar rochtain do gach teaghlach ar sheirbhís bailithe dramhaíola chun a ndramhaíl a leithscaradh, an méid dramhaíola a sheolfar chuig ionaid líonta talún a íoslaghdú agus dramhaíl a athúsáid trí bhearta amhail athchúrsáil, múiríniú agus díleá anaeróbach. Cabhróidh sé sin linn rannchuidiú go dearfach lenár rátaí athchúrsála náisiúnta agus is féidir leis airgead a shábháil.

Athchúrsáil Leictreach

Tugann WEEE Ireland a lán faisnéise maidir le cén áit ar féidir leat do mhíreanna leictreacha nach féidir a úsáid a thuilleadh a athchúrsáil. Ina measc sin tá galtoitíní, ceallraí agus bolgáin solais. Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin WEEE Ireland.

MyWaste

Féach an suíomh gréasáin MyWaste chun faisnéis a fháil faoi cén araid is fearr le haghaidh míreanna difriúla dramhaíola agus chun teacht ar a lán leideanna eile le haghaidh do chuid dramhaíola a laghdú.