English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bille um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021

Cuirfidh an Bille um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 tacaíocht ar fáil chun Éire a aistriú ina geilleagar neodrach ó thaobh na haeráide de tráth nach déanaí ná 2050. Cuirfidh sé ar bun creat faoi cheangal dlíthiúil a mbeidh cuspóirí agus gealltanais shoiléire ann, agus cinnteoidh sé go mbeidh na struchtúir agus na próisis riachtanacha neadaithe i mbunús reachtúil lena chinntiú go mbainfear amach cuspóirí agus oibleagáidí náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta na hÉireann, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma maidir leis an aeráid.

Tá na míreanna tábhachtacha seo a leanas sa Bhille:

  • Cuirtear ‘cuspóir náisiúnta aeráide’ ar bhonn reachtúil, ina bhfuil geallúint go ndéanfaí an t-aistriú, tráth nach déanaí ná 2050, go geilleagar atá neodrach agus athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus atá lán bithéagsúlachta
  • Neadaíonn sé an buiséadú carbóin sa dlí, lena n-áirítear cuspóirí earnála do gach earnáil ábhartha, ar bhonn tréimhsiúil 15 bliana, ag tosú in 2021
  • Déanfar gníomhaíocht do gach earnáil a mhionsonrú sa Phlean Gnímh don Aeráid, a dhéanfar a nuashonrú gach uile bhliain
  • Réiteofar Straitéis Náisiúnta Fhadtéarmach Gnímh don Aeráide gach cúig bliana
  • Beidh Airí Rialtais freagrach as na cuspóirí a bhaint amach, a mbeidh ceangal dlíthiúil leo, dá n-earnáil féin agus beidh ar gach Aire cuntas a thabhairt ar a f(h)eidhmíocht os comhair Coiste Oireachtais gach bliain
  • Neartaítear ról na Comhairle um Athrú Aeráide, agus tugtar an dualgas di buiséid charbóin a mholadh don Aire
  • Déantar foráil ann gurb ionann an chéad dá bhuiséad carbóin cúig bliana a mholfaidh an Chomhairle um Athrú Aeráide agus laghdú iomlán 51% d’astaíochtaí thar an tréimhse go 2030, de réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais
  • Cuirtear le ballraíocht na Comhairle um Athrú Aeráide ó aon duine dhéag go ceathrar déag, agus déantar foráil maidir le ceapacháin amach anseo ar an gComhairle go dtabharfar aird ar réimse níos leithne saineolais a cheapadh agus go mbeidh cothromas inscne ann
  • Tugtar isteach ceanglas ar gach údarás áitiúil Plean Gnímh don Aeráid a réiteach, ina mbeidh idir bhearta maolúcháin agus bhearta oiriúnúcháin, agus déanfar sin a nuashonrú gach cúig bliana. Beidh comhréir idir Pleananna Forbartha na n-údarás áitiúil agus a bPlean Gnímh don Aeráid
  • Beidh ceanglas ar Chomhlachtaí Poiblí a gcuid feidhmeanna a chur díobh ar chaoi atá i gcomhréir le pleananna agus le straitéisí agus pleananna náisiúnta aeráide, chun a gcion a dhéanamh maidir leis an gcuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach

Tugadh dearbhú Rialtais ar an 2 Feabhra 2021 maidir le leasuithe molta ar an Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile 1960 a thabharfadh feidhm reachtúil don deireadh atá le cur le heisiúint na gceadúnas nua maidir le sirtheoireacht agus le heastarraingt gáis. Déanfar foráil maidir leis an ngealltanas seo i reachtaíocht ag Céim an Choiste den Bhille um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.

Climate Action and Low Carbon Development (Amendment) Bill 2021
Amharc amharc
Your questions answered: Climate Action and Low Carbon Development (Amendment) Bill 2021
Amharc amharc
Minister's Response to Recommendations in JOCCA Pre-Legislative Scrutiny Report
Amharc amharc