Ceisteanna Coitianta faoin gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí
- Foilsithe: 1 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2024
- Cad atá i gceist le Pleanáil Spásúil Mhuirí?
- Cén fáth a bhfuil Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí á fhorbairt?
- Cén éifeacht a bheidh ag an bpleanáil mhuirí?
- Cén chaoi a gcuirfear an CNPM chun cinn?
- Cad é an príomhchlár ama don CNPM
- Cad iad na limistéir a chlúdaítear leis an CNPM?
- Cén chaoi a rachaidh an CNPM i bhfeidhm ar na córais toilithe?
- Cén chaoi a mbeidh an CNPM ag teacht le pleanáil talún?
- Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?
- Cén tsaolré a bheidh i gceist leis an CNPM?
- Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi phleanáil spásúil mhuirí?
Cad atá i gceist le Pleanáil Spásúil Mhuirí?
Próiseas is ea an phleanáil spásúil mhuirí lena dtugtar le chéile úsáideoirí iomadúla an aigéin chun cinntí eolasacha, comhordaithe a dhéanamh maidir le conas acmhainní muirí a úsáid ar shlí inbhuanaithe. Is próiseas í trína ndéanann na húdaráis phoiblí lena mbaineann anailís ar ghníomhaíochtaí an duine i limistéir mhuirí, agus trína ndéanann siad na gníomhaíochtaí sin a eagrú, d’fhonn cuspóirí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach.
Cén fáth a bhfuil Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí á fhorbairt?
Is é an t-aschur a thiocfaidh ón bpróiseas seo ná plean náisiúnta i gcomhair fharraigí na hÉireann, ar a dtabharfar an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí (CNPM). Leagfar amach ann, thar thréimhse 20 bliain, conas is mian linn ár bhfarraigí a úsáid, iad a chosaint agus taitneamh a bhaint astu. Beidh an CNPM ag barr an ordlathais pleananna agus beartas earnála i leith an limistéir mhuirí. Beidh pleananna earnála atá ann faoi láthair ina mbonn eolais don Chreat, agus bainfear leas as, ar a sheal féin, chun bonn eolais a chur faoi thimthriallta na bpleananna sin amach anseo i lúb aischothaithe leanúnach. Cuirfidh sé creat comhleanúnach ar fáil inar féidir na beartais agus na cuspóirí earnála sin a bhaint amach. Beidh sé ina uirlis chinnteoireachta d'údaráis rialála agus do lucht déanta beartais amach anseo ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear cinntí maidir le hiarratais ar thoiliú aonair ina gcaithfear aird a thabhairt ar fhorálacha an phlean ar an gcaoi chéanna a mbíonn pleananna talún ina gcuid den fhoireann uirlisí cinnteoireachta sa phróiseas pleanála ar thalamh.
Cén éifeacht a bheidh ag an bpleanáil mhuirí?
Cuideoidh an phleanáil mhuirí le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí muirí agus le húsáid níos inbhuanaithe a bhaint ar ár gcuid acmhainní muirí. Fágfaidh sí go mbeidh ar chumas an Rialtais treoir shoiléir a leagan síos maidir lenár bhfarraigí a bhainistiú, chun cuspóirí agus tosaíochtaí a shoiléiriú agus chun treoir a thabhairt do lucht cinnteoireachta, úsáideoirí agus páirtithe leasmhara ar mhaithe le húsáid níos straitéisí agus níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní muirí. Beidh sí ina bonn eolas ag cinntí faoi fhorbairt an limistéir mhuirí anois agus feasta, agus é ina aidhm léi comhtháthú a dhéanamh ar na riachtanais éagsúla.
Cén chaoi a gcuirfear an CNPM chun cinn?
Roghnaigh an Rialtas an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil mar an phríomh-Roinn atá i bhfeighil na pleanála muirí agus is í a dhéanfaidh bainistiú ar phróiseas an CNPM. Ullmhóidh an Roinn aon reachtaíocht agus treoir bheartais atá de dhíth agus tacóidh Foras na Mara leis an bpróiseas tríd an gcomhairle theicniúil agus an chomhairle eolaíoch is gá a sholáthar.
Glacadh Treoir 2014/89/AE ón Aontas Eorpach lena mbunaítear creat don phleanáil spásúil mhuirí i mí Iúil 2014. Síníodh Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Creat le haghaidh Pleanáil Spáis Mhuirí), 2016 [nasc] le dlí a dhéanamh dóibh an 29 Meitheamh 2016. Faoi na rialacháin, déantar an treoir a thrasuí i ndlí na hÉireann agus bunaítear an bunús dlí agus an creat leathan atá de dhíth ionas gur féidir le hÉirinn an phleanáil spásúil mhuirí a chur chun feidhme.
Faoi Chuid 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018[1 ], nuair a bheidh feidhm leis, déanfar na rialacháin thuasluaite a aisghairm agus cuirfear reachtaíocht phríomha nua ina n-ionad chun éifeacht a thabhairt do cheanglais na Treorach maidir le pleanáil spásúil mhuirí. Tabharfar socruithe nua isteach i leith an phróisis pleanála lena n-áirítear rialachas, rannpháirtíocht an phobail, athbhreithniú agus rannpháirtíocht an Oireachtais, lena chinntiú go mbeidh an próiseas chun Creat Náisiúnta na hÉireann um Pleanáil Mhuirí ag teacht go hiomlán leis na socruithe don Chreat Pleanála Náisiúnta sa chóras pleanála talún, agus go mbeidh siad i gcomhréir lena chéile.
Bunaíodh Grúpa Idir-rannach faoi chathaoirleacht na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil chun forbairt an CNPM a threorú agus a mhaoirsiú. Tá ionadaíocht air ag gach Roinn Rialtais a bhfuil baint ag a cuid beartas agus feidhmeanna leis an bplean, agus tá ionadaí amháin ó earnáil an rialtais áitiúil ina bhall den Ghrúpa freisin, mar aon le hionadaí ó Fhoras na Mara.
Bunaíodh Grúpa Comhairleach faoi chathaoirleacht an Aire Stáit, Damien English, lena chinntiú go mbeidh ról éifeachtach rannpháirtíochta sa phróiseas ag an gcolún eacnamaíochta, an colún comhshaoil agus ag an gcolún sóisialta. Tagann baill an Ghrúpa Chomhairligh ó ghrúpaí a dhéanann ionadaíocht ar ghníomhaíochtaí éagsúla san earnáil mhuirí, ó ghníomhaireachtaí Stáit, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha i réimse an chomhshaoil, ó chomhlachtaí gairmiúla agus ón earnáil oideachais tríú leibhéal, mar aon le saineolaithe teicniúla. Thug an Grúpa Comhairleach comhairle uaidh maidir le dréachtú a dhéanamh ar na cuspóirí ardleibhéil i dtaobh pleanáil mhuirí atá molta sa Tuarascáil Bhonnlíne.
Cad é an príomhchlár ama don CNPM
Mar atá leagtha amach sa treochlár maidir le forbairt a dhéanamh ar an gcéad phlean spásúil muirí de chuid na hÉireann – I dTreo Phlean Spásúlachta Mhuirí d’Éirinn – beidh ceithre phríomhchéim i gceist i bhforbairt an phlean.
- Ba í an chéad cheann, a raibh an Treochlár ina chuid lárnach di, an chéim thionscnaimh nó an chéim ghníomhachtaithe inar fógraíodh an cur chuige a bhí beartaithe ag an Rialtas maidir leis an CNPM a fhorbairt agus ina ndearnadh an teagmháil tosaigh le páirtithe leasmhara. Bhí an chéim sin ar bun go dtí deireadh na bliana 2017.
- Cuireadh tús le príomhchéim na forbartha sa chéad ráithe de 2018 agus beidh an chéim sin ar siúl go dtí deireadh an tríú ráithe, 2019. Is éard a bheidh i gceist léi ar dtús ná anailís agus sainaithint a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis atá ag teastáil chun bonn fianaise láidir a sholáthar mar bhonn taca don CNPM. Áirítear léi forbhreathnú ar fhianaise agus ar shaincheisteanna a fhoilsiú i gcomhair comhairliúchán poiblí in 2018, agus beidh an forbhreathnú sin faoi réir próiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí (féach tuilleadh faisnéise thíos). Cuirfidh an próiseas sin bonn eolas ar fáil don fhorbairt ar dhréachtphlean iomlán a bheidh le foilsiú in 2019 agus beidh próiseas comhairliúcháin eile ar bun go dtí deireadh 2019.
- Is í céim 3 an chéim ina dtabharfar an plean chun críche: ullmhófar leagan deiridh den phlean lena chur faoi bhráid an Rialtais in 2020 le measúnuithe comhshaoil tacaíochta (measúnú straitéiseach comhshaoil faoin Treoir maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú, measúnacht chuí faoin Treoir um Éin agus faoin Treoir um Ghnáthóga) lena gceadú sula gcuirfear an plean deiridh ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach roimh an spriocdháta atá leagtha amach sa Treoir, Márta 2021.
- Le linn chéim 4, cuirfear an plean chun feidhme agus déanfar athbhreithniú air, ag tosú nuair a bheidh an leagan deiridh den CNPM foilsithe.
Mar a leagtar amach sa Treochlár, díreofar go mór ar fud an phróisis ar an rannpháirtíocht leis an bpobal, lena n-áirítear roinnt próisis fhoirmiúla chomhairliúcháin phoiblí agus roinnt measúnuithe comhshaoil. Chomh maith leo sin, cuirfear roinnt ceardlanna réigiúnacha poiblí agus roinnt seimineár ar bun agus beidh socruithe idirghníomhacha ar fáil ar an ngréasán.
Cad iad na limistéir a chlúdaítear leis an CNPM?
Cuirfear an phleanáil mhuirí i bhfeidhm ón líne bharr láin in uiscí cósta na hÉireann, sna farraigí teorannacha, sa chrios eacnamaíoch eisiach agus i gcodanna ainmnithe den scairbh ilchríochach. Tá limistéar muirí na hÉireann ar cheann de na cinn is mó san Eoraip agus achar breis is 488,000 km2 ann.
Tá léarscáil den limistéar le fáil sa Tuarascáil Bhonnlíne.
Cén chaoi a rachaidh an CNPM i bhfeidhm ar na córais toilithe?
Ní chuirfear an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí in ionad na gcóras rialála ná na gceanglas reachtúil atá i bhfeidhm cheana lena rialaítear feidhmiú na ngníomhaíochtaí éagsúla san earnáil mhuirí. Ina ionad sin, beidh sé ina chreat uileghabhálach maidir lena bhfeidhmiú leanúnach.
Mar chuid dá bpróisis chinnteoireachta, beidh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil baint acu le toiliú i dtaobh forbairt mhuirí agus gníomhaíochtaí muirí cuspóirí na bpleananna a chur san áireamh, nuair a ghlactar iad. Mar sin féin, níor cheart moill a chur ar chinntí maidir le hiarratais ar thoiliú a fhad agus a bhfuiltear ag fanacht go nglacfar pleananna den chéad uair.
Maidir leis na cásanna atá sa chóras faoi láthair nó a chuirfear isteach lena mbreithniú sula nglacfar an chéad Chreat Náisiúnta de chuid na hÉireann um Pleanáil Mhuirí in 2020, de réir mar a shamhlaítear, déileálfar leo ar bhonn na bpleananna earnála agus na gceanglas rialála is infheidhme faoi láthair.
Cén chaoi a mbeidh an CNPM ag teacht le pleanáil talún?
Doiciméad is ea Creat Náisiúnta na hÉireann um Pleanáil Mhuirí a bheidh i gcomhthreo leis an gCreat Pleanála Náisiúnta[1 ] (CPN). Is doiciméad náisiúnta é an CPN lena dtabharfar treoir ardleibhéil maidir le pleanáil agus forbairt straitéiseach talún don tír thar an tréimhse 20 bliain atá romhainn agus níos faide anonn, sa chaoi is go mbeidh an fás inbhuanaithe i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil de réir mar a bheidh an daonra ag dul i méid. Tríd an CPN a chur i gcrích in éineacht leis an bPlean Forbartha Náisiúnta deich mbliana, beidh plean amháin á thiomsú chun an fhorbairt straitéiseach agus an infheistíocht sa bhonneagar a threorú ar an leibhéal náisiúnta.
Leis an CPN agus an Plean Forbartha Náisiúnta, leagtar síos an comhthéacs i leith gach ceann de thrí thionól réigiúnacha na hÉireann chun a Straitéisí Spásúla agus Eacnamaíochta Réigiúnacha a fhorbairt, agus Pleananna Forbartha Contae agus Cathrach na n-údarás áitiúil á gcur san áireamh agus á gcomhordú ar bhealach lena gcinnteofar go mbeidh pleananna náisiúnta, pleananna réigiúnacha agus pleananna áitiúla ag teacht le chéile.
Aithnítear sa CPN an tábhacht atá le comhtháthú a dhéanamh ar an bpleanáil talún agus ar an bpleanáil mhuirí (Caibidil 7) agus an iomaí aidhm chomhroinnte agus réimse comhordúcháin agus gníomhaíochta a bhaineann leis an dá chóras araon. Tá 6 chuspóir pleanála náisiúnta sa CPN a bhaineann go sainiúil leis an earnáil mhuirí.
Is tábhachtach go n-aithneofar sa Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí an tábhacht atá le comhtháthú agus comhordú leis an gcóras pleanála talún ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil. Amach anseo, beidh sé chomh tábhachtach céanna ina sheal go mbeidh na pleananna talún náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla comhsheasmhach leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí. I gcás go leor gníomhaíochtaí agus úsáidí a bhíonn ar siúl ar an talamh nó san fharraige, is féidir leo tionchar a imirt ar an talamh agus ar an limistéar muirí araon. Faoin Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, ceanglaítear nach mór an idirghníomhaíocht sin a mheas.
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?
Cuirfear deiseanna ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht an phobail agus na bpáirtithe leasmhara ag roinnt garspriocanna tábhachtacha feadh an phróisis. De réir mar a chuirfear ar fáil iad, foilseofar mionsonraí maidir le bealaí rannpháirtíochta ar an láithreán gréasáin seo, ar Twitter, trí theagmháil dhíreach leis na daoine ar an liosta seoltaí atá againn, agus trí líonraí na ndaoine atá ar Ghrúpa Comhairleach na bPáirtithe Leasmhara.
Más mian leat go gcuirfí d'ainm leis an liosta seoltaí atá againn, cuir do shonraí teagmhála chuig: msp@housing.gov.ie.
Cén tsaolré a bheidh i gceist leis an CNPM?
Faoi Chuid 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018, déantar foráil go ndéanfaidh an tAire athbhreithniú ar an CNPM is déanaí tráth nach déanaí ná 6 bliana tar éis a fhoilsithe. Tar éis an athbhreithnithe sin, déanfaidh sé nó sí beart díobh seo a leanas:
CNPM nua a ullmhú agus a fhoilsiú chun áit an leagain roimhe seo a thógáil, nó
má chinneann sé nó sí gan leagan nua a ullmhú agus a fhoilsiú, ullmhóidh agus foilseoidh sé nó sí ráiteas ina leagfar amach na fáthanna is bonn leis an gcinneadh sin.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi phleanáil spásúil mhuirí?
Tá naisc le foilseacháin agus doiciméid ábhartha thíos:
- An Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí
- Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Creat le haghaidh Pleanáil Spáis Mhuirí), 2016
- Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta
- Saibhreas Ár nAigéin
- Tuarascáil ón Tascfhórsa Cumasóirí
- Atlas Mara
Má tá aon cheist eile agat nó más mian leat go gcuirfí d'ainm leis an liosta seoltaí atá againn, téigh i dteagmháil le: msp@housing.gov.ie