Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
- Foilsithe: 19 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025
Is é Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir Colún 1 de Shásra an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Is é cuspóir Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cabhrú leis na críocha a mbeidh an tionchar is mó iontu aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Féach anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir.
Is féidir go gcomhlánófar infheistíochtaí faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir trí mheascán de dheontais agus d’iasachtaí a sholáthar d’eintitis earnála príobháidí faoi ionú tiomnaithe d’ionstraim InvestEU an Aontais Eorpaigh (Colún 2) agus trí Shaoráid Iasachta shonrach don Earnáil Phoiblí a mbainistíonn an Banc Eorpach Infheistíochta í (Colún 3). Spriocdhíríonn an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí ar thairbhí is eintitis earnála poiblí, lena n-áirítear comhlachtaí príobháideacha dlí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu.
Maidir le hinfheistíochtaí atá beartaithe a dhéanamh i mórthionscadail, mar shampla i ndáil leis an iompar, le fuinneamh inathnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh nó leis an iarfheistiú, is féidir gur ceart dóibh tacaíocht a lorg ó na colúin sin, go háirithe i gcás go bhfuil siad á n-urrú ag móreintitis earnála príobháidí nó ag comhlachtaí poiblí. Is féidir le tionscadail a dtacaíonn Colúin 2 agus 3 den Sásra um Aistriú Cóir leo a bheith lonnaithe lasmuigh de chríocha an Phlean Chríochaigh um Aistriú Cóir, ar choinníoll go dtéann siad chun tairbhe do na críocha incháilithe trí chabhrú leo freastal ar na riachtanais forbartha a eascraíonn as an aistriú, faoi mar atá sonraithe sa phlean críochach um aistriú cóir. Ba cheart aon cheisteanna faoi Cholúin 2 agus 3 a chur ar Mhol Comhairleach InvestEU .
I dteannta cistí eile amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), tá Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir mar chuid de chistiú comhtháthaithe na hÉireann agus is féidir leis tacú le raon leathan infheistíochta amhail infheistíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus i ngnólachtaí nuathionscanta, i dtaighde agus nuálaíocht, in aistriú ardteicneolaíochtaí, i bhfuinneamh glas inacmhainne, agus i ndícharbónú an iompair áitiúil.
An Plean Críochach agus an Clár um Aistriú Cóir ó Éirinn faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Ag teacht sna sála ar cheadú ón Rialtas an 29 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Eorpach an Plean Críochach um Aistriú Cóir agus an Clár gaolmhar ó Éirinn, agus iad comhdhéanta de chistiú ab fhiú €84.5 milliún ó Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir don tréimhse ón mbliain 2021 go dtí an bhliain 2027 an 15 Nollaig 2022.
Nuair a bheidh an cómhaoiniú náisiúnta curtha ar áireamh, déanfar soláthar leis an gClár nua seo d’infheistíochtaí ab fhiú suas le €169 milliún, a spriocdhíreofar ar aistriú geilleagrach réigiún an Láir Tíre don tréimhse go dtí an bhliain 2027.
Leagtar amach sa chéad Phlean Críochach um Aistriú Cóir ó Éirinn riamh na tionchair a imreofar ar an réigiún mar thoradh ar dheireadh a chur le baint móna le haghaidh táirgeadh fuinnimh, agus sainaithnítear ann na riachtanais forbartha agus na tosaíochtaí forbartha a bheidh ag an gcríoch chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin.
Cuireadh comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Phlean Críochach um Aistriú Cóir ar siúl sa bhliain 2022 chun deis a thabhairt do na geallsealbhóirí uile a dtuairimí a chur in iúl.
Leagtar amach sa Chlár faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir na tosaíochtaí infheistíochta agus an leithdháileadh beartaithe a bheidh comhdhéanta d’infheistíochtaí ab fhiú suas le €169 milliún chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha atá sainaitheanta sa Phlean Críochach. Díreofar sa chlár ar thrí thosaíocht, lena n-áirítear:
- fostaíocht a ghiniúint trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú
- tacú le tailte móna díghrádaithe a athchóiriú agus a athshlánú agus le sócmhainní oidhreachta tionsclaíche a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile
- roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas
Bainisteoidh Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an Clár. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chlár na hÉireann faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, téigh chuig eufunds.ie nó déan teagmháil leis an Tionól trí ríomhphost ag eujtf@emra.ie nó ar an nguthán ar 01 8074482.
Ainmniú na Críche
Ba do mhór-réigiún an Láir Tíre go háirithe atá deireadh na bainte móna le haghaidh táirgeadh fuinnimh ag déanamh difir. Folaíonn an chríoch ainmnithe faoin bPlean agus faoin gClár Contae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae Ros Comáin agus Contae na hIarmhí, agus na contaetha sin ina n-iomláine san áireamh, mar aon leis na ceantair bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
Boinn eolais faoi ainmniú na críche ba ea na nithe seo a leanas:
- an tsainchomhairleoireacht maidir leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrachar tugadh fúithi sa bhliain 2021 chun tacú leis an bPlean Críochach um Aistriú Cóir a fhorbairt
- na tuarascálacha agus na moltaíón gCoimisinéir um Aistriú Cóir i ndáil le réigiún an Láir Tíre
- cumhdach an Chiste Náisiúnta um Aistriú Cóir
- An Tuarascáil 'People and Place' 1
- An Tuarascáil 'People and Place' 2
Aithníodh sna tuarascálacha sin go ndéanann deireadh na bainte móna le haghaidh táirgeadh fuinnimh difear do roinnt contaetha, nó do chodanna de chontaetha, ar fud mhór-réigiún an Láir Tíre. Dá bhrí sin, cuireadh ar áireamh sa Phlean agus sa Chlár naoi gcinn déag san iomlán de cheantair bhardasacha in ocht gcontae dhifriúla a bhfuil acu spleáchas atá díreach .