Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2025
Is é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 (CAP25) an tríú nuashonrú bliantúil reachtúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.
Leagtar amach sa Phlean treochlár gníomhartha a threoróidh sinn sa deireadh thiar thall chun ár gcuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach, is é sin, aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide de, a shaothrú agus a bhaint amach, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2050. Tá sé ailínithe leis na buiséid charbóin uile-gheilleagair agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a chomhaontaigh an Rialtas leo i mí Iúil 2022.
Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 tógtar ar Phlean na bliana seo caite trí bheachtú agus nuashonrú a dhéanamh ar na bearta agus na gníomhartha atá de dhíth chun na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a sheachadadh agus ba cheart é a léamh i gcomhar leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024. Soláthraíonn treochlár sa Phlean chun gníomh cinntitheach a dhéanamh d’fhonn astaíochtaí na hÉireann a laghdú faoina leath faoi 2030 agus neodracht aeráide a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050, mar a gealladh san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.
Iarscríbhinn na nGníomhartha
Mar a bhí le CAP24, níl in Iarscríbhinn na nGníomhartha CAP25 ach gníomhartha nua ardtionchair atá le cur i gcrích in 2025. Leanfar den tsraith iomlán beart agus gníomhartha a fháil sa Phlean áit a leanfaidh siad den treochlár gníomhartha a sholáthar atá riachtanach de réir dlí chun spriocanna aeráide a bhaint amach agus ag an am céanna ag tacú le slándáil fuinnimh fheabhsaithe le fuinneamh in-athnuaite, aer níos glaine, tithe níos teo le billí fuinnimh laghdaithe, agus seirbhísí iompair uirbeacha agus tuaithe níos fearr.
Cinntí maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí
Rinneadh na cinntí scagtha deiridh i dtaca le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Measúnacht Chuí (AA) faoi Threoracha 2001/42/CE agus 92/43/CEE don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025.
Cinneadh sna tuarascálacha scagtha nach bhfuil gá le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ná le Measúnacht Chuí ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025.