Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí - Tuarascáil Chomhairliúcháin
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2024
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien agus an tAire Stáit maidir le Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke, Tuarascáil Chomhairliúcháin an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí an 24 Bealtaine. Tríd an tuarascáil a cheadú lena foilsiú leag an dá Aire béim arís ar rannpháirtíocht phoiblí mar ghné ríthábhachtach den phróiseas comhairliúcháin phoiblí, a bhí ar siúl ón 12 Samhain 2019 go dtí an 30 Aibreán 2020, ar cuireadh síneadh faoi dhó leis de dheasca srianta a bhain le Covid-19.
Fuair an Roinn 225 aighneacht fhoirmeálta ar chomhairliúchán poiblí an Dréachtchreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí, a cuireadh i dtoll a chéile agus a measadh ina dhiaidh sin, a roinneadh suas arís iad ina 3,500 ráiteas aonair a bhain go sonrach le gach aon chuid den NMPF.
Déantar próiseas an chomhairliúcháin a glacadh maidir leis an Dréachtchreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí, leibhéal rannpháirtíochta na bpáirtithe leasmhara a bhí i gceist agus leagann amach aschur an phróisis chomhairliúcháin a dhoiciméadú i dtuarascáil chomhairliúcháin an NMPF.
Cuimsítear sa tuarascáil chuimsitheach seo:
- comhthéacs maidir le cúlra reachtaíochta
- forléargas ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí
- eolas ar an bpróiseas cumarsáide a úsáidtear chun feasacht phoiblí a chur chun cinn
- imeachtaí ar ghlac foireann Polasaí agus Reachtaíochta um Pleanáil Mhuirí páirt iontu le linn phróiseas forbartha an NMPF
- graif ina léirítear miondealú ar fhreagraí agus ar chatagóirí aighneachta
- athruithe móra a rinneadh ar an Dréachtchreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí a aithint i ndiaidh an chomhairliúcháin phoiblí, d’fhág sin gur rangaíodh na hathruithe mar seo a leanas:
- athruithe ar chuspóirí
- athruithe ar pholasaí
- athruithe ar phríomhthagairtí
- athruithe ar théacs tacaíochta
- athruithe nár cuireadh i bhfeidhm (ráitis shamplacha)
- freagra/réasúnaíocht maidir le hathruithe nár cuireadh i bhfeidhm.